Tá an t-eolas sa treoir seo ceart agus í á cur i gcló agus rinneadh gach cúram le cinntiú go bhfuil sí cruinn. Mar sin féin, ní thig le Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin freagracht a ghlacadh as earráidí, easnaimh nó athruithe ar bith a d'fhéadfadh a bheith ann. ©2026
Cuardaigh @visitmournegullionstrangford #visitmournegullionstrangford Ríomhphost info@visitmournegullionstrangford.com
Also available in English
Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh eolais ar rudaí atá le déanamh, imeachtaí agus lóistín.
Visitmournegullionstrangford.com Bíonn Coill na Róslabhras agus Gairdín an Earraigh thar a bheith dathannach ó mhí Aibreáin go Meitheamh. I measc na Róslabhras is suntasaí faightear hibrideacha R. arboreum, an grúpa R. Smithii, R. barbatum, R. campanulatum agus R. griffithianum.
Conair na gCrann i nGairdín Daingean Annesley Réamhrá Is eastát stairiúil é Páirc Foraoise Chaisleán Uidhilín a cheannaigh William Annesley sa bhliain 1741. D’fhorbair a mhuintir an tírdhreach ó ghlúin go glúin agus cuireadh na mílte crann leis. Rinneadh Páirc Foraoise de sa bhliain 1969 i ndiaidh gur díoladh leis an Aireacht Talmhaíochta é. Sa bhliain 2022, thóg Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin an suíomh ar léas agus rinne siad athchóiriú ar an Ghráinseach agus an Gairdín Daingean Annesley. I measc na seanchrann suntasach tá ascaill na dteilí in aice leis an Ghráinseach (deireadh an 18ú haois) agus na dair san fhearann páirce, a théann siar go luath sa 19ú haois. Tá crainn fhásta feadh an locha fosta, agus iad uilig mar chuid den Chrannlann, suíomh 45 heicteár a bhfuil Gairdín Daingean Annesley sa chroílár aige.
Is féidir leat leanúint ar aghaidh agus tuilleadh a fheiceáil sa Chrannlann má chasann tú ar dheis amach as an ghairdín agus an cosán a leanúint, ag coinneáil an bhalla ar thaobh do láimhe deise. Tabharfaidh sé seo thú chuig Gairdín an Gheimhridh, Gairdín an Earraigh, Coill na Róslabhras agus ansin chuig Radharc Harrison.
Conair na gCrann i nGairdín Daingean Annesley Breathnaigh thart ar 26 de na crainn agus na toir is suntasaí laistigh de cheann de na gairdíní daingne is mó in Éirinn. Thosaigh an bailiúchán leis an 4ú hIarla sna 1850í agus mhéadaigh an 5ú hIarla, Hugh Annesley, agus an Príomh-gharraíodóir Thomas Ryan é idir 1874 agus 1908. Faoi thús an 20ú haois, bhí breis agus 3,000 speiceas faoi bhláth anseo, cuid acu atá go fóill ann. Chuir an tSeirbhís Foraoise leis agus tá aitheantas idirnáisiúnta anois faighte aige mar bhailiúchán tábhachtach.
Bíodh súil in airde agat go bhfeicfidh tú: Ballaí brící dearga an ghairdín uachtaraigh (go mall sna 1740í) nuair a bhí sé ina ghairdín cistine. Na céimeanna eibhir, an léibheann, na prócaí agus na tithe ghloine (lár an 19ú haois) mar chuid den Ghairdín Pléisiúir Victeoiriach. Fuarán na Maighdine Mara (1880í) agus Fuarán na gCorr Réisc (1860–1880). Geataí na bhFéileacán (lár an 19ú haois). An chiumhsóg bhláthanna dhúbailte is faide i dTuaisceart Éireann. Crainn churadh – na cinn is mó agus/nó is leithne dá sórt féin. Ar mhaithe leis an ghairdín a chosaint, fantar ar na cosáin agus ná bailítear gearrthóga nó síolta. Visitmournegullionstrangford.com