PROSPECTUS - Gaelcholáiste Maigh Nuad

Page 1


Manor Mills, Maigh Nuad Co. Chill Dara

Teachtaireacht ón bPríomhoide

Ba lá stairiúil é an 27 Lúnasa 2020 nuair a d’oscail Gaelcholáiste Mhaigh Nuad a dhoirse. Den chéad uair riamh, bhí rogha ag scoláirí i gCill Dara thuaidh agus deisceart na Mí tabhairt faoi iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge ina gceantar féin.

Is mór dom, mar sin, Gaelcholáiste Mhaigh Nuad a chur os bhur gcomhair, agus éiteas agus sainmheon an choláiste a roinnt libh.

Foghlaim trí Ghaeilge is ea bunchloch Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad. Táimid tiomanta i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad ionad léinn le timpeallacht labhartha lán-Ghaeilge den scoth a thógáil ina dtugtar tacaíocht agus deis den scoth don uile scoláire faoinár gcúram barr a gcumas acadúil, pearsanta agus sóisialta a bhaint amach, faoi threoir ár mbunluachanna; an Ghaeilge, Cultúr, Meas agus Neart. Táimid an-bhródúil as ár scoláirí, ár scoil agus as ár luachanna scoile.

Creidimid san oideachas don duine ina iomláine agus cuirimid romhainn timpeallacht aireach, mheasúil a chruthú do phobal an choláiste. Freastalaímid ar réimse leathan cumais. Creidimid go bhfuil gach scoláire difriúil agus go gcabhraíonn atmaisféar folláin foghlama atá spreagúil agus taitneamhach lenár scoláirí bláthú.

Is mór an onóir domsa é oibriú go laethúil le foireann an choláiste atá tiomanta chun oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár scoláirí. Tá siad díograiseach agus fuinniúil ag cruthú pobail thacúil agus ionchuimsitheach ina bhfuil an scoláire mar chroílár ár n-uile chúraim.

Tá tréimhse iontach os ár gcomhair amach. Táim ag súil go mór le cloch a chur ar charn oibre i dteannta ár scoláirí, ár dtuismitheoirí, foireann an choláiste, agus na páirtithe leasmhara eile agus barr feabhais teagaisc agus foghlama a chur ar fáil in ionad léinn den scoth i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad.

Táimid ar fad an-bhródúil as an dul chun cinn suntasach atá déanta ag Gaelcholáiste Mhaigh Nuad le cúpla bliain ar an bhfód. Is údar mór áthais dúinn, freisin, cé chomh maith agus a éiríonn le scoláirí go hacadúil agus in imeachtaí eischuraclaim taobh istigh agus taobh amuigh don choláiste. Creidimid go láidir gur ar leas gach scoláire é, go mbeadh comhoibriú agus cumarsáid éifeachtach idir fhoireann an choláiste agus tuismitheoirí/ caomhnóirí an choláiste. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair libhse agus le bhur bpáistí agus iad ar a n-aistear meánscolaíochta.

Tá buíochas ar leith ag dul do mhúinteoirí agus don fhoireann tacaíochta, as a gcuid oibre agus díograis lá i ndiaidh lae chun barr feabhais a bhaint amach agus a choinneáil mar ghnáthchaighdeán in imeachtaí uile an choláiste.

Tá míle fáilte romhaibh bualadh isteach ar cuairt nó dul i dteagmháil linn má bhíonn aon cheist agaibh.

Idir seo agus sin, bainigí sásamh as a bheith ag léamh faoinár scoil.

Táim ag súil go mór fáilte a chur romhat agus do pháiste go Gaelcholáiste Mhaigh Nuad.

Mícheál Ó Ceoinín Príomhoide

Principal’s message

History was made on the 27th August 2020 when Gaelcholáiste Mhaigh Nuad opened. For the first time students in north Co. Kildare and south Co. Meath had the option to embark upon an all-Irish education in their own community.

I am delighted, therefore, to introduce you to Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, and to share our ethos and aspirations with you.

Learning through Irish is the cornerstone of Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. We, in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, are committed to building a centre of learning excellence in an all-Irish speaking environment, where each student is supported and challenged to reach their full potential academically, personally and socially guided by our values; Gaeilge, Cultúr, Meas agus Neart. We are immensely proud of our students, our school and its values.

We believe in a holistic education and aim to create a caring, respectful environment for the school community. We cater for a wide range of abilities. We believe that every student is different and that a stimulating, enjoyable, healthy learning environment helps our students to flourish.

I am privileged to work alongside staff that are driven to provide the highest standard of education for our students. Their diligence and energy help create a supportive and inclusive community, which places the student at the heart of everything we do.

It is a hugely exciting time for us ahead. I look forward immensely to continuing to work with our students, parents, staff and education partners of our school community in building a centre of excellence in teaching and learning at Gaelcholáiste Mhaigh Nuad.

We are very proud of the progression Gaelcholáiste Mhaigh Nuad has made in a short few years. We are delighted with how well our students are performing academically and in extracurricular activities inside and outside of the school.

We strongly believe that effective co-operation and communication between the school staff and parents/guardians is in the best interest of all students. We look forward to working with you and your children as they embark on their secondary school journey.

A special thanks to the teachers and support staff for their daily work and commitment to achieving excellence and maintaining the high standards in all of our school affairs.

You are welcome to visit us or contact us should you have any queries.

In the meantime, enjoy reading about our school.

I look forward to welcoming you and your child to Gaelcholáiste Mhaigh Nuad.

Clárúchán

Táimid ag clárú faoi láthair don scoilbhliain seo chugainn. Tá sonraí ar shuíomh na scoile, ag www.gcmn.ie

Enrolment

We are currently enrolling for the next academic year. Details on our school website at www.gcmn.ie

Scoil Bord Oideachais agus Oiliúna –

Is scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha iad scoileanna BOO a bhfuil na croíluachanna seo a leanas mar bhonn agus mar thaca acu:

• Barr Feabhais san Oideachas;

• Cúram;

• Comhionannas:

• Pobal agus

• Meas.

Cuirtear timpeallacht shlán fhisiciúil agus shóisialta ar fáil inár gcuid scoileanna a chothaíonn ceangal láidir i measc phobal na scoile agus an pobal i gcoitinne. Déantar iarracht a chinntiú go mbaineann gach scoláire barr a gcumais, beag beann ar fhéiniúlacht nó cúlra. Cuirtear oideachas lán-ionchuimsithe chun cinn inár gcuid scoileanna ina n-aithnítear an iliomad féiniúlachtaí, creideamh agus luachanna scoláirí, tuismitheoirí agus bhaill den fhoireann. Ullmhaímid saoránaigh atá leathanaigeanta, a bhfuil tuiscint acu ar chultúir, atá freagrach agus a bhfuil meas acu ar chomhluachanna.

Caitear mar a chéile le scoláirí de gach reiligiún agus creideamh i scoileanna BOO. Ní thugtar buntáiste d’aon ghrúpa ar leith seachas grúpa eile i dtimpeallacht ná i ngníomhaíochtaí scoile agus tugtar aitheantas ag an am céanna do scoláirí ó gach reiligiún agus creideamh agus éascaítear iad.

Education and Training Board School – KWETB

ETB schools are state, co-educational, multidenominational schools underpinned by the core values of:

• Excellence in Education;

• Care;

• Equality;

• Community and

• Respect.

Our schools provide a safe physical and social environment that reinforces a sense of belonging to the school community and wider society. They strive to enable every student to realise their full potential, regardless of any aspect of their identity or background. Our schools promote a fully inclusive education that recognises the plurality of identities, beliefs and values held by students, parents and staff. We encourage openminded, culturally sensitive and responsible citizens with a strong sense of shared values.

In ETB schools, students of all religions and beliefs are treated equally. The school environment and activities do not privilege any particular group over another whilst at the same time acknowledging and facilitating students of all religions and beliefs.

Éiteas

Is iar-bhunscoil chomhoideachasúil, ilchreidmheach é Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, atá ag feidhmiú faoi phátrúnacht Bhoird Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin.

Ráiteas Misin Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad

Is iad na bunluachanna i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad ná Gaeilge, Cultúr, Meas agus Neart agus oibreoidh pobal an choláiste ar son na luachanna seo go laethúil. Mar Ghaelcholáiste, tá an Ghaeilge ag croílár ár misin.

Tá béim ar fhorbairt iomlánaíoch an scoláire in atmaisféar Gaelach, dearfach agus spreagúil. Cuirfear béim ar chothrom na féinne agus freastal ar riachtanais an duine óig, idir riachtanais fhoghlama, fhorbartha agus fheabhais.

Fís Oideachasúil Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad

Cuireann Gaelcholáiste Mhaigh Nuad roimhe mar chuspóir, chomh fada agus is féidir, an timpeallacht oideachasúil is fearr ar féidir a chur ar fáil do na scoláirí ar fad, leis na hacmhainní atá ar fáil don scoil.

Déanaimid freastal ar na scoláirí trí bhéim a chur ar luachanna agus ar thraidisiúin chomh fada agus a bhaineann le cúrsaí cultúrtha, teanga, sóisialta, fisiciúla, morálta agus spioradálta.

Ethos

Gaelcholáiste Mhaigh Nuad is a coeducational, multi-denominational school post primary school, operating under the patronage of Kildare Wicklow Education and Training Board

Mission Statement of Gaelcholáiste Mhaigh Nuad

Our school-based values in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad are Gaeilge, Cultúr, Meas and Neart and we work together daily to achieve these. As a Gaelcholáiste, Irish is at the centre of our mission.

We focus on the students’ holistic development in a positive and motivated all Irish immersed atmosphere. We will be fair and equal in our approach in meeting the needs of our students – learning, development and improvement.

Educational Vision of Gaelcholáiste Mhaigh Nuad

Gaelcholáiste Mhaigh Nuad sets out as its objective to provide, as far as possible, the best educational environment for all the students using the resources available to the school.

We serve the students by emphasising the traditions and values of the school with regard to cultural, language, social, physical, moral and spiritual matters.

Tumoideachas Immersion Education

Is modh foghlama é an tumoideachas, córas a chuidíonn le scoláirí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha trí eispéireas laethúil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge.

Ciallaíonn sé seo gur trí Ghaeilge a mhúintear gach ábhar i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, seachas an Béarla agus teangacha iasachta. Ciallaíonn sé, freisin, gurb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide sa choláiste, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Ar an gcaoi seo, cothaítear líofacht Ghaeilge an scoláire.

Seo roinnt de na buntáistí a aithnítear leis an tumoideachas.

• Buntáistí Cognaíocha

• Buntáistí Cumarsáide

• Féinmhuinín Mhéadaithe & Caoinfhulaingt

• Buntáistí Acadúla

Tá foinsí taighde maidir leis an méid thuas ar fáil ar www.gaeloideachas.ie.

Immersion education is a system which helps students to become fluent in Irish naturally, by giving them daily experience in an Irish-speaking environment.

This means that all subjects, apart from English and foreign languages, are taught through the medium of Irish in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. It also means that Irish is the language of communication in the school, both inside and outside the classroom. In this way, students’ fluency in Irish is supported.

Here are some of the benefits of immersion education.

• Cognitive Benefits:

• Benefits with Communication:

• Increased Self-Confidence & Tolerance:

• Academic Benefits:

You’ll find references and research sources for the above on www.gaeloideachas.ie.

Cén fáth go roghnófá Gaelcholáiste Mhaigh Nuad?

• Béim ar chúrsaí acadúla

• Fuinneamh agus suim mar scoil nua

• Timpeallacht lán-Ghaeilge

• Ranganna beaga

• Réimse leathan ábhar

• Freastalaíonn muid ar gach páiste mar dhuine aonair

• Tá foireann dhíograiseach le hard-scileanna againn

• Tá córas tréadchúraim agus tacaíochta pearsanta éifeachtach againn

• Cothaíonn muid pobal foghlama scoile le hardchaighdeán a éileamh

Why choose Gaelcholáiste Mhaigh Nuad?

• Strong academic focus

• Energy and enthusiasm of a new school

• All-Irish speaking environment

• Small student numbers

• Wide range of extra-curricular activities

• A caring and supportive environment

• We meet the needs of each child as an individual

• We have a highly-skilled supportive staff

• We have a proactive pastoral and support system

• We create a sense of community embedding a culture of togetherness and inclusivity

Foirgneamh & áiseanna

Tá foirgneamh scoile nua ceadaithe ag an Roinn Oideachais do Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad. Beidh an foirgneamh nua ar shuíomh iar-bhunscoile Mhaigh Nuad ar Bhóthar an Mhaigh gCláir.

Tá foireann deartha ceaptha faoi mhaoirseacht na n-ailtirí McCarthy O’Hora. Tá siad ag forbairt pleananna dár bhfoirgneamh scoile nua.

Tá pobal an choláiste ag súil go mór leis an bhforbairt seo agus leis an infreastruchtúr agus áiseanna nua-aimseartha a bheith againn chun ár gcuraclam leathan agus imeachtaí eischuraclaim den scoth a chur ar fáil.

Idir an dá linn, tá cóiríocht shealadach chompordach againn i Manor Mills agus rochtain ar sheomraí praiticiúla athchóirithe ar shuíomh eile in aice láimhe. Tá halla spóirt agus ionad aclaíochta lán-fheistithe againn sa scoil freisin.

I measc áiseanna tá: Seomraí ginearálta, saotharlann eolaíochta, seomra eacnamaíocht bhaile, seomra ealaíne, seomra ceoil, seomra adhmadóireachta, seomra teicneolaíochta, seomra ríomheolaíochta, seomra céadfach, leabharlann, halla spóirt, ionad aclaíochta.

Building & facilities

The Department of Education has sanctioned a new school building for GCMN. The new building will be on the site of the former Maynooth Post Primary school on the Moyglare Road.

A design team has been appointed under the supervision of McCarthy O’Hora Architects. They are developing plans for our new school building.

The school community looks forward to this development, and to having the infrastructure in which to deliver our broad academic curriculum, as well as wide-ranging cocurricular and extracurricular activities.

In the interim, we have temporary accommodation in Manor Mills, and access to newly renovated practical rooms on an additional nearby site. We also have a sports hall and a fully equipped school gym.

Our facilities include: General classrooms, science laboratory, home economics room, art room, music room, woodwork room, technology room, computer laboratory, sensory room, library, sports hall and gym.

Foirgneamh Nua

New Building

Teagasc agus Foghlaim

Aithníonn Gaelcholáiste Mhaigh Nuad nach n-ionann gach foghlaimeoir, agus go bhfuil muid ag freastal ar stíleanna agus leibhéil chumais éagsúla.

Úsáidtear na straitéisí is nua-aimseartha teagaisc agus scoth na teicneolaíochta i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, chun tacú leis an bhfoghlaim neamhspleách.

Is scoil dhigiteach sinn, agus tuigtear dúinn na buntáistí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta maidir leis an bhfoghlaim.

Táimid, i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, ag feidhmiú i gcomhthéacs torthaí soiléire foghlama, agus eochair-scileanna na Sraithe Shóisearaigh, atá leagtha amach thíos:

• Mé féin a bhainistiú

• Fanacht folláin

• Cumarsáid

• A bheith cruthaitheach

• Obair le daoine eile

• Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

• A bheith uimheartha

• A bheith liteartha

Teaching and Learning

Gaelcholáiste Mhaigh Nuad recognises that all students are unique and we use various teaching styles to cater for all abilities.

We use modern teaching methodologies and strategies through the use of the most innovative technologies in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad to support independent learning.

We are a digital school and we recognise the advantages of technology for enhancing learning.

We, in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, work with a clear focus on learning outcomes aligned with the key skills set out as part of the new Junior Cycle programme, and outlined below:

• Managing myself

• Staying well

• Communicating

• Being creative

• Working with others

• Managing information and thinking

• Being numerate

• Being literate

Curaclam

Cuirtear curaclam leathan ar fáil i nGaelcholáiste

Mhaigh Nuad, a léiríonn sainmheon an choláiste maidir le forbairt a dheánamh ar gach scoláire barr a gcumais a bhaint amach.

Tugtar deis do scoláirí gach ábhar a bhlaiseadh sa Chéad Bhliain, rud a thugann deis dóibh rogha níos fearr a dhéanamh maidir le hábhair na Sraithe Sóisearaí.

Curriculum

A comprehensive curriculum is delivered in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, which underpins our school’s vision for the development of the full potential of each student.

Students are given the opportunity to sample all subjects in First Year allowing them to make more informed decisions regarding their Junior Cycle subject choices.

Curaclam na Sraithe

Sóisearaí:

Ábhair lárnacha:

Gaeilge Stair

Béarla Tíreolaíocht

Matamaitic Spáinnis nó Gearmáinis

Eolaíocht

Ábhair Folláine:

Corp Oideachais

Oideachas Sibhialta

Sóisialta agus

Polaitíochta (OSSP)

Ábhair roghnacha:

Oideachas Sóisialta Pearsanta Sláinte (OSPS)

Staidéar Gnó Adhmadóireacht

Ceol Teicneolaíocht

Ealaín Grafaic

Eacnamaíocht Bhaile

Junior Cycle core curriculum:

Core subjects:

Gaeilge History

English Geography

Mathematics Spanish or German Science

Wellbeing subjects:

Physical Education Social Personal Health Education (SPHE)

Civic Social Political Education (CSPE)

Optional subjects:

Business Studies Materials Technology Wood

Music Technology

Art, Craft and Design Graphics

Home Economics

An Idirbhliain

Is bliain thábhachtach í an Idirbhliain a thugann deis do scoláirí fás agus forbairt. Le linn na bliana, blaiseann siad ábhair na hArdteistiméireachta, tugann siad faoi thaithí oibre agus glacann siad páirt in imeachtaí agus turais oideachasúla.

Foghlaimíonn siad scileanna breise saoil, cuireann siad lena gcumas acadúil trí oibriú go neamhspleách ar thograí agus ar thionscnaimh agus feabhsaíonn a scileanna sóisialta agus cumarsáide. Tá cur chuige srathaithe againn san idirbhliain. Bíonn croí-ábhair, blais ábhair, modúil agus gearrchúrsaí ar fáil dár scoláirí mar aon le réimse leathan imeachtaí breise oideachais.

Seo leagan amach churaclam na hidirbhliana.

Ábhair lárnacha:

Transition Year

Transition Year is an important year that gives students the opportunity to grow and develop. Throughout the year, they sample Leaving Certificate subjects, undertake work experience and take part in educational events and trips.

They learn additional life skills, enhance their academic ability by working independently on projects and initiatives and improving their social and communication skills. We have a layered approach in Transition Year. Core subjects, taster subjects, modules and short courses are available to our students, as well as a wide range of additional educational activities.

Here is the layout of the Transition Year curriculum.

Gaeilge Gairmthreoir

Béarla

OCG - Oideachas Caidrimh agus

Gnéasachta

Matamaitic Ríomheolaíocht

Fisic/Ceimic/ Bitheolaíocht

Gearmáinis nó Spáinnis

Stair/Cultúr

Tíreolaíocht/OSD

Corpoideachas Ceol/Na Taibhealaíona

Core subjects:

Gaeilge

Career Guidance

English Relationships and Sexuality Education

Maths Computers

Physics/Chemistry/ Biology

History/Culture

German or Spanish Geography

PE

Music/Performance arts

Modúil:

Mandairínis Neart agus aclaíocht

Dearadh agus Próiseas (Adhmadóireacht/ Teicneolaíocht/Grafaic)

Modules:

Mandarin

Garchabhair

Eacnamaíocht Bhaile Cúrsa Tiomána

Ealaín/ Grianghrafadóireacht

Microsoft Office Specialist

Fiontraíocht TEG – Teastas Eorpach sa Ghaeilge

Codú Gaisce

Scileanna saoil

Turais imeachtaí eile:

Ceoldráma na hIdirbhliana Turas thar lear

Turais lae Taithí oibre

Turas Gaeltachta

Strength and conditioning

Design and Process (Woodwork/ Technology/Graphics) First Aid

Home Economics Driving Course

Art/Photography

Microsoft Office Specialist

Enterprise TEG – Teastas Eorpach sa Ghaeilge

Coding Gaisce

Life skills

Trips and other activities:

TY Musical

Day trips

Gaeltacht trip

Trip abroad

Work experience

An Ardteistiméireacht

Leaving Certificate

Faoi mar atá ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí, tá rogha leathan ábhar againn ag leibhéal na hArdteistiméireachta.

Tabharfaidh scoláirí faoi sheacht n-ábhar dá gcúrsa Ardteistiméireachta.

Gaeilge Staidéar Foirgníochta

Béarla Teicneolaíocht

Matamaitic

Gearmáinis nó

Fheidhmeach

Grafaic Dheartha agus

Chumarsáide

Spáinnis Ceol

Stair Ealaín

Tíreolaíocht Eacnamaíocht Bhaile

Gairmthreoir

As with our subject choice at Junior Cycle, we offer a wide range of options at Senior Cycle.

Students study seven subjects during their Leaving Certificate course.

Gaeilge Construction Studies

English Applied Technology

Mathematics

Design and Communication Graphics

German or Spanish Music

History

Geography

Corpoideachas na hArdteiste

Bitheolaíocht Gnó

Fisic

Ceimic

Ábhair eile agus an scoil af fás: Cuntasaíocht/ Eacnamaíocht

Art

Home Economics

Career Guidance Leaving Cert PE

Biology

Physics

Business

Additional subjects as the school grows: Accounting/Economics Chemistry

Technology

Digital devices are in use at Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Research in education shows that technology is a very useful learning support resource.

The Microsoft Teams program is widely used in the school so that we can meet the educational needs of our students.

The school provides Microsoft Office 365 school accounts to all students.

As part of the new Junior Cycle, there is an emphasis on research and presentations conducted using information technology for the purposes of Classroom Based Assessments.

Cúrsaí Teicneolaíochta

Tá gléasanna digiteacha in úsáid sa choláiste. Léiríonn an taighde san oideachas gur áis tacaíochta foghlama an-úsáideach í an teicneolaíocht.

Tá an clár Microsoft Teams in úsáid go forleathan sa scoil ionas gur féidir linn freastal ar riachtanais oideachais ár scoláirí.

Cuireann an coláiste cuntais Microsoft 365 ar fáil do gach scoláire.

Mar chuid de Mheasúnuithe Rangbhunaithe na Sraithe Sóisearaí nua, déantar taighde agus cur i láthair ag baint úsáid as an teicneolaíocht fhaisnéise.

Ionchur ár dTuismitheoirí

Creidimid go láidir go bhfuil ról fíorthábhachtach ag tuismitheoirí in oideachas a bpáiste. Is mór dúinn tacaíocht ár dtuismitheoirí, agus cuirimid fáilte roimh ionchur tuismitheoirí in imeachtaí curaclaim agus seach-churaclaim an choláiste. Tuigimid a thábhachtaí is atá rannpháirtíocht na dtuismitheoirí agus luachanna an choláiste á gcur chun cinn ar scoil, sa bhaile agus sa saol.

Coiste na dTuismitheoirí

Fáiltíonn Coiste na dTuismitheoirí roimh bhaill nua. Má bhraitheann tú go bhféadfá roinnt ama a thabhairt chun cabhrú leis an ngrúpa fíorthábhachtach seo, téigh i dteagmháil le CnaT@gcmn.ie

Parental Involvement

We believe parents are at the centre of their child’s education, and that the support of parents is vital in the achievement of excellence. We seek and welcome parental involvement in cocurricular and extracurricular activities, in the pursuit of excellence in our school and in the promotion of our school values.

The Parents’ Association

The Parents’ Association welcomes new members. If you feel you could give some time to help this very important and valued group, please contact CnaT@gcmn.ie

An Tréadchúram

Tá an tréadchúram mar bhunchloch an chórais thacaíochta agus, tuigimid gur tábhachtaí ar fad tacaíocht, dea-chomhairle agus timpeallacht chairdiúil a chur ar fáil do scoláirí.

I dteannta na struchtúr foirmeálta, is cur chuige uile-scoile atá againn, agus tá ról lárnach ag gach ball foirne cur le timpeallacht thacúil an choláiste.

Pastoral Care

We endeavour to ensure the wellbeing and support of each student through sound advice and a friendly and supportive community.

Our approach to pastoral care is a holistic one, and while formal structures are in place, all members of the school community play an integral part in the care of our students.

Clár Ionduchtaithe na Chéad Bhliana

Cuirfimid clár iomlán ionduchtaithe ar fáil do lucht na chéad bhliana a thugann deis dóibh socrú isteach sa scoil.

Caitheann an múinteoir ranga am leis na scoláirí ag tús na bliana chun tacú leo agus iad ag socrú isteach. Tuigeann foireann an choláiste an áit lárnach atá ag an gcúram i saol an choláiste. Tugtar tús áite do chúrsaí folláine i ngach gné de chleachtas an choláiste agus tá struchtúir éifeachtacha i bhfeidhm chun tacaíocht mhothúchánach agus shóisialta a chur ar fáil dár scoláirí.

First Year Induction Program

An Múinteoir Ranga

Tá ról an-tábhachtach ag na múinteoirí ranga sa choláiste. Is cuid lárnach den chlár ama é an clárú maidine agus is cuid an-tábhachtach d’eispéireas scoile na scoláirí é chomh maith.

Is deis luachmhar í don mhúinteoir ranga aithne mhaith a chur ar ghrúpa scoláirí. Cabhraíonn an caidreamh seo idir an rang agus an múinteoir ranga leis na scoláirí ina saol laethúil. Cabhraíonn sé linne súil a choimeád ar thinreamh agus ar dhul chun cinn ár scoláirí.

Tá foireann tacaíochta sa choláiste a bhuaileann le chéile go rialta le cúram na scoláirí a phlé agus leis an tacaíocht is oiriúnaí a d’oirfeadh a phlé.

We provide a full induction programme for first year students. This programme supports them in their transition from primary to secondary school. The class tutor spends time with the students at the beginning of the year to get to know them and to support them both socially and academically. Staff understand the central role of pastoral care in the life of the school. Wellbeing is a priority in all aspects of our practice and effective structures are in place to provide emotional and social support for our students.

The Class Tutor

The class teachers play a very important role in the school. They conduct a daily registration which forms an integral part of the curriculum and is also a very important part of the students’ school experience.

It is a valuable opportunity for the class teacher to get to know a group of students well. This relationship between the class and the class teacher is key to their sense of belonging and wellbeing. It helps us to keep track of our students’ attendance and progress.

Student Support Team

The school has a Support team which meets on a weekly basis to discuss the pastoral care needs of the students and to discuss, identify and implement the most appropriate support.

Folláine

Baineann folláine sa tSraith Shóisearach le daoine óga a bheith ag mothú muiníneach, sona, sláintiúil agus i dteagmháil le daoine agus leis an saol.

Tá cúrsaí folláine bunaithe ar shé tháscaire folláine:

• Gníomhach,

• Freagrach,

• Ceangailte,

• Athléimneach,

• Meas

• agus Feasach.

Beidh an scoláire páirteach i bhfoghlaim faoin bhfolláine i rith na Sraithe Sóisearaí.

Is féidir leis sin deiseanna a chur ar fáil don scoláire chun scileanna a fhorbairt, a fholláine féin a fheabhsú agus scileanna sóisialta agus saoil riachtanacha a fhorbairt.

Cuirimid OSSP, OSPS agus Corpoideachas ar fáil mar chuid de chlár folláine an choláiste.

Wellbeing

Wellbeing in Junior Cycle is about young people feeling confident, happy, healthy and connected.

Wellbeing is based on six indicators:

• Active,

• Responsible,

• Connected,

• Resilient,

• Respected

• and being Aware

The student will be involved in learning about wellbeing in the Junior Cycle.

Opportunities are available for students to develop their skills, improve their wellbeing and develop social and life skills

We provide CSPE, SPHE and Physical Education as part of our school wellbeing programme.

Buaiteoirí uile-Éireann – MyEU50

All-Ireland winners of the MyEU50 competition

Extra-curricular activities

In Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, we believe that physical, mental, social and emotional development is central to the growth of the person, and enriches learning.

We support and encourage participation in a broad range of sporting, musical, artistic and cultural activities.

We emphasise participation, co-operation and independent learning in all activities offered.

Priority is given to Irish cultural activities in keeping with our school ethos.

Gníomhaíochtaí

Seach-Churaclaim

Tuigimid, i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, an tábhacht le forbairt fhisiciúil, shóisialta agus mothúnach an duine óig, agus chomh mór is a shaibhríonn sí an fhoghlaim.

Molaimid rannpháirtíocht na scoláirí i réimse leathan gníomhaíochtaí spóirt, ceoil, ealaíne, cultúrtha agus eile.

Cuirimid béim ar rannpháirtíocht, comhoibriú agus féin fhoghlaim sna himeachtaí uile a chuirtear ar fáil.

Tugtar tús aite d’imeachtaí cultúrtha na hÉireann ar aon dul le héiteas an choláiste.

An Ceol sa Choláiste

Tá an-suim ag ár scoláirí sa cheol. Glacann an rang ceoil páirt i gcomórtais i rith na bliana mar shampla, Scléip agus éiríonn thar barr leo.

• Grúpa traidisiúnta

• Cór an choláiste

• Club damhsa

An Spórt sa Choláiste

I measc na spórt a chuirtear ar fáil sa choláiste tá:

• Cispheil,

• Peil Ghaelach,

• Iománaíocht agus an chamógaíocht,

• Sacar

• Lúthchleasaíocht,

• Leadóg bhoird agus badmantan.

Is iomaí spórt agus gníomhaíocht eile a bhíonn sa Roinn Corpoideachais i rith na bliana.

Clubanna agus imeachtaí eile

• Club códú

• Díospóireachtaí

• Turais lae agus thar lear

• Comórtas áitiúla agus náisiúnta

• Traenáil spóirt

Gníomhaíochtaí eile i rith na bliana

• BT Eolaí Óg

• SciFest

• Lá Eorpach na dTeangacha

• Gaeilge 24

• Seachtain na Gaeilge

• Seachtain Mhatamaitic

• Seachtaine sláinte & folláine

• Lá Spóirt

• Lá Domhanda na Leabhar

Music in School

Our students are very interested in music. The music class participates in competitions throughout the year, for example Scléip and perform very well.

• Traditional Irish group

• School choir

• Dance club

Sports in the school

The following sports are available:

• Basketball

• Gaelic football

• Hurling and camogie

• Soccer

• Athletics

• Table tennis, and badminton

The PE department provides a number of other sports and activities during the year.

School Clubs and other activities

• Coding club

• Debating

• Day trips and foreign trips

• Local and national competitions

• Sports training

Activities during the year

• BT Young Scientist

• SciFest

• European Languages Day

• Gaeilge 24

• Seachtain na Gaeilge

• Maths week

• Health & wellbeing week

• Sports Day

• World Book Day

Cumarsáid

Aip an Choláiste:

Ar fáil do ios agus android

Córas VSware

Úsáidtear an córas VSware atá le fáil ar shuíomh idirlín an choláiste le dul chun cinn agus tinreamh na scoláirí a thaifead. Is féidir eolas maidir le tinreamh, poncúlacht, iompar agus tuairiscí scoile a fháil ar VSware.

Gintear ainm úsáideora agus pasfhocal do thuismitheoirí/ chaomhnóirí ag tús na bliana agus moltar dóibh súil a chaitheamh go rialta ar an gcóras seo.

Tuairiscí Scoile

Foilsítear tuairiscí scoile trí VSware tar éis seisiúin fhoirmeálta mheasúnaithe.

Dialann Scoile

Tá dialann scoile ag gach scoláire sa choláiste agus ní mór dó/ di an dialann seo a chur ar a mbord ag tús gach ranga. Is uirlis chumarsáide í an dialann seo idir mhúinteoirí agus thuismitheoirí/ chaomhnóirí an choláiste. Ní mór do thuismitheoirí súil a choimeád ar an dialann seo agus é a shíniú ar bhonn seachtainiúil.

Oíche Oscailte

Eagraítear oíche oscailte do dhaltaí Rang a 5 agus Rang a 6 i mí Mheán Fómhair gach bliain.

Seisiúin Eolais

Cuirtear seisiúin eolais ar fáil do thuismitheoirí/chaomhnóirí an choláiste ag tús na scoilbhliana agus i rith na bliana.

Cruinnithe idir

Mhúinteoirí agus

Tuismitheoirí

Bíonn deis ag tuismitheoirí/ caomhnóirí an choláiste freastail ar chruinniú uair sa bhliain leis na múinteoirí. Dár ndóigh, is féidir cruinniú a eagrú le bainistíocht an choláiste réir mar is gá.

Communication

School App

Available on ios agus android

VSware system

The VSware system available on the school website is used to record students’ progress and attendance.

Information on attendance, punctuality, behaviour and school reports can be accessed via VSware.

A username and password are generated for parents/guardians at the beginning of the year and they are advised to check this system regularly.

School Reports

School reports are published via VSware following formal assessment sessions.

School Journal

Every student in the school has a school diary and he/she must place this journal on his/her desk at the beginning of each class. This journal is a communication tool between teachers and parents/guardians of the school. Parents/guardians are asked to check this journal regularly and to sign it on a weekly basis.

Open Night

An open evening is organised for 5th and 6th class students in September each year.

Information

sessions

Information sessions are provided for parents/guardians at the beginning and during the school year.

Teacher-Parent Meetings

Parents/guardians have the opportunity to attend a meeting once a year with the teachers. Meetings can also be arranged with school management as required.

Cad iad na buntáistí a bhaineann le freastal ar Ghaelcholáiste?

De réir an taighde ar oideachas dátheangach seo cuid de na buntáistí do scoláirí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáiste cosúil le GCMN:

Buntáistí Cognaíocha: Eascraíonn solúbthacht chognaíoch agus smaointeoireacht iltreoch as an tumoideachas; éiríonn le scoláirí smaoineamh ar bhealaí níos cruthaithí, agus é ar a gcumas acu réimse réiteach nó freagraí bailí a thabhairt ar fhadhb. Aithnítear smacht méadaithe ar aird agus smacht feidhmiúcháin feabhsaithe. Bíonn scileanna cuimhne níos fearr acu freisin agus ina theannta seo bíonn siad níos cumasaí ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí agus ag déanamh cinntí stuama. Léiríonn an taighde gur féidir leis an dátheangachas moill cheithre bliana a chur ar ghalair mheabhracha áirithe.

Buntáistí Cumarsáide: Tacaíonn múnla an tumoideachais le sealbhú teanga an pháiste trí rannpháirtíocht agus ionsú iomlán. Bainfidh scoláirí nach bhfuil an Ghaeilge ná an Béarla mar ghnáth-theanga bhaile acu tairbhe as an tumoideachas agus rachaidh sé chun a leasa i dtaobh shealbhú an Bhéarla. Méadaíonn cumas na scoláirí i dteangacha eile (an Béarla san áireamh) seachas a mhalairt.

Féinmhuinín Mhéadaithe agus Caoinfhulaingt: Cothaíonn an tumoideachas leibhéil níos airde caoinfhulaingthe i measc scoláirí. Bíonn níos mó teagmhála ag na scoláirí le cultúir éagsúla agus bíonn meas níos mó acu orthu, rud a spreagann ilchultúrachas níos doimhne. Tugann an dátheangachas tuiscint níos fearr do na scoláirí ar a gcuid féiniúlachta féin agus mar thoradh air sin, bíonn féinmheas níos mó acu.

Buntáistí Acadúla: Sealbhaíonn scoláirí tuiscint níos fearr ar bhunchlocha teanga – gramadach, bunú focal, ord abairtí – tríd an dátheangachas, agus faigheann siad scileanna inaistrithe a chabhraíonn leo teangacha eile a fhoghlaim. Tá foinsí taighde maidir leis an méid thuas ar fáil ar www.gaeloideachas.ie

What are the advantages of attending a Gaelcholáiste?

According to research on bilingual education, the following are the results for students who attend a Gaelcholáiste such as GCMN:

Cognitive Benefits: Immersion leads to cognitive flexibility and multidirectional thinking; students think in more creative ways, are able to come up with a range of valid solutions or answers to a problem. An increased attention span is also recognised as a benefit. Students have better memory skills and in addition are more competent at facing matters and making prudent decisions.

Research shows that bilingualism can delay certain mental illnesses e.g. Alzheimer’s by four years.

Benefits with Communication:

The immersion model supports the child’s language acquisition through full participation and absorption. Students who do not have Irish or English as their home language will benefit from immersion education and it will benefit their acquisition of English. Students’ ability in other languages (including English) increases with immersion education.

Increased Self-Confidence and Tolerance: Immersion education fosters higher levels of tolerance among students. Students have more contact with and respect for different cultures, which encourages a deeper multiculturalism. Bilingualism gives students a better sense of their own identity and as a result they have greater self-esteem.

Academic Benefits: Students gain a better understanding of the basics of language - grammar, word formation, sentence order - through bilingualism, they acquire transferable skills that help them learn other languages. Research sources in relation to the above are available on www. gaeloideachas.ie

Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as a desirable attainments, we should remember that a knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.”

Manor Mills, Maigh Nuad

Co. Chill Dara

01 – 5054386

eolas@gcmn.ie

www.gcmn.ie

Gaelcholáiste MhaighNuad @GCMN_MhaighNuad gaelcholaiste_mhaighnuad

Deartha agus Curtha gCló ag

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.