Skip to main content

Níos Mó Ná Mata Meabhrach Rang A 5 - Website Sample

Page 1


RANG A

Údar: Niamh Uí Chroidheáin

Údar: Niamh Uí Chroidheáin

SAMPLE

89F Bóthar an Lagáin, Eastát Tionsclaíoch Bhaile Átha Cliath, Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 11

Fón: 01 8081494

Facs: 01 8362739

Ríomhphost: info@4schools.ie

© 2026

ISBN 978-1-918341-02-7

Gach ceart ar cosaint. Tá cosc ar aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh nó a tharchur, ar chuma ar bith nó trí mheán ar bith, pé acu trí mheán leictreonach nó meicniúil nó fótachóipeála nó trí mheán ar bith eile, gan cead an fhoilsitheora a fháil roimh ré.

Tá an leabhar seo bunaithe ar an gcuraclam mata le haghaidh Rang a Cúig.

Is dul siar ar na coincheapa agus oibríochtaí a rinneadh i Rang a Ceathair iad na trialacha 1-12. Ina dhiaidh sin, tagann coincheapa nua isteach sna ceisteanna agus éiríonn siad níos casta de réir mar a oireann don aoisghrúpa. Tá 15 cheist i ngach triail anois in ionad 10 gceist mar a bhí do Ranganna 1 go 4.

Is fiú a iarraidh ar na daltaí líne a chur faoi na focail thábhachtacha sna ceisteanna mar atá déanta i dTriail 1.

Tá meascán topaicí i ngach triail sa chaoi is go dtéann an páiste i dtaithí ar léim ó choincheap amháin go coinceap eile, mar shampla, i dtriail 14 tá am, uimhreas, codáin, toilleadh, fad, cruthanna 2T, airgead agus deachúlacha ann.

Déantar dul siar rialta ar na bunfhíricí tríd an leabhar ar fad.

Ag bun gach trialach marcálfaidh an múinteoir an scór a fuair an dalta sa triail sin. Ag cúl an leabhair tá Tábla Torthaí inar féidir leis an dalta féin scóir na dtrialacha a thaifeadadh.

Ar an gcaoi, seo beidh dul chun cinn an dalta le feiceáil go soiléir.

Tá deich gcód QR sa leabhar anois. Is féidir iad seo a dhéanamh ar I-Padanna nó ar ghutháin chliste.

Tá siad spraíúil agus bunaithe ar an gcuraclam ag an am céanna.

Tá gluais bheag ag cúl an leabhair seo chun cabhair a thabhairt do thuismitheoirí na ceisteanna a thuiscint.

SAMPLE

1 7 × 4 = ███ 2 Slánaigh 8,499 don mhíle is gaire. █████

Cé acu is mó, 1/3 nó 1/12? █████

Scríobh an uimhir:

8 ndeich + 2 aonad + 0.3 + 0.09 ███████

5 Bhí 4,560 pónaire i bpróca. Tógadh 869 as an bpróca. Cé mhéad pónaire a bhí fágtha sa phróca? ████████

6 Cé mhéad slios ar chomhfhad atá ar thriantán comhshleasach? ███

7 1/2 km = ████ m

8 3 kg 560 g + 2 kg 493 g

Cosnaíonn barra seacláide €1.65. Cé mhéad a chosnódh 5 bharra seacláide?

1 Slánaigh 4,358 don chéad is gaire.

2 Críochnaigh an seicheamh seo: 8, 12, 16, 20, ███ , ███ .

3 Faigh imlíne na dronuilleoige seo.

3 1/4 kg = ███ kg

8 An bhfuil an cruth seo siméadrach?

9 Cén t-ainm atá ar uillinn atá níos lú ná dronuillinn?

10 Meánn bosca amháin 2 kg 705 g. Meánn bosca eile 234 g níos mó ná sin. Cén meáchan atá ag an dara bosca?

245 nóiméad = ███ uair ███ nóiméad

Cé acu is lú, 3/4 nó 11/12? ████ 13 1/4 m = ████ cm

14 Cé mhéad aghaidh atá ar sféar?

15 Aimsigh 1/5 de 2,500 g.

1 Cén luach atá ag an digit 4 san uimhir 6,345? Scríobh an freagra i bhfocail.

2 Athscríobh 6/10 mar dheachúil.

3 1 7 3 × 1 5

4 9 × 7 = ███

5 Céard é an difríocht idir 9,468 agus 4,219?

6 Bhí 267 mirlín ag Seán. Roinn sé iad lena cheathrar cairde. Cé mhéad mirlín a fuair gach duine acu? Cé mhéad a bhí fágtha? ████ f: ████

7 5 1/2 kg = ████ g

8 Cé acu uimhir is cóngaraí do 1,200? 980 nó 1,491

9 1/2 = ██ /4 10 Aimsigh 3/4 de 100 m.

11 Tá 60 leabhar ag Máirtín. Má tá 0.7 acu léite aige. Cé mhéad leabhar nach bhfuil léite aige?

12 Críochnaigh an seicheamh: 240, 231, 222, 213, 204,

13 Ainmnigh an cruth seo.

14 An bhfuil an líne seo ingearach nó cothrománach?

15 Suimigh 16 m 8 cm agus 3 m 57 cm.

,

1 Aimsigh imlíne heicseagáin rialta le slios 7 cm.

2 Bhí 3,780 crann i bhforaois. Leagadh 563 díobh agus cuireadh 1, 290 crann eile. Cé mhéad crann a bhí san fhoraois ansin?

3 1/4 = ██ /8 4 1.4 L = ██ L ████████ ml

5 Slánaigh 6,731 don deich is gaire.

6 5 × 7 = ███

7 Cén t-ainm atá ar uillinn atá níos mó ná dronuillinn?

8 2 1/2 kg = ███ kg ███ g 9 Faigh achar na cearnóige seo.

10 Athscríobh 9/10 mar dheachúil.

11 Tá €3.64 ag Seán. Tá 1/2 an méid airgid sin ag Síle. Cé mhéad airgid atá acu eatarthu?

12 1/4 km = ███ m

14 = 1/2 de

= ████ ml

2 Faigh imlíne triantáin chomhshleasaigh le sleasa 7 cm.

3 Shiúil Mícheál 3/4 km, rothaigh sé 2.5 km agus rith sé 400 m. Cé chomh fada a d’imigh sé san iomlán?

4 4.75 m = ████ cm

5 12 × 4 = ████

6 An corruimhir nó ré-uimhir í 742?

7 1/3 = ██ /6

8 Cén sórt uillinne í seo?

9 Aimnigh an cruth seo. █████████████

10 3/10 d’uimhir áirithe í 27. Céard í an uimhir?

11 uair nóiméad 4 3 9 + 3 2 8

12 Cén luach atá ag an digit 3 san uimhir 4,731?

13 2 3 6 × 1 7

14 Bhí €24 ag Séamus. Chaith sé 1/2 de i siopa amháin agus 1/3 den fhuílleach i siopa eile. Cé mhéad a chaith sé san iomlán?

15 1/2 = ████ /8

1 7 × 8 = ███

2 Ainmnigh an cruth seo.

3 429 ÷ 8 ████ f: ██

4 Tarraing líne chothrománach. ████████████

5 Slánaigh 4,703 don mhíle is gaire. ████████

6 Suimigh seacht gcéad fiche a trí le míle ocht gcéad a sé déag. ███████

7 1/3 = ██ /9

8 uair nóiméad 5 3 1

9 Fíor nó bréagach? 3.05 = 3 5/10

10 Ba mhaith le Máire rothar nua a cheannach ar €360. Má tá 3/4 den chostas coigilte aici, cé mhéad airgid eile a bheidh ag teastáil uaithi chun é a cheannach?

11 Aimsigh 1/5 de 2 L 250 ml. █████████

12 Scríobh an uimhir is mó is féidir. Úsáid na digití 4, 9, 1, 5. █████████

13 Cé mhéad péire línte comhthreomhara atá ag ochtagán? ███

14 Críochnaigh an seicheamh: 1,032, 1,024, 1,016, 1,008, 1,000, ████ , ████

15 Faigh imlíne an chrutha seo.

1 Cé mhéad bosca le dosaen ubh ann is féidir a líonadh as 2 ,364 ubh? ██████████

2 Scríobh mar uimhir. Dhá chéad + trí aonad + 7 ndeichiú + 2 chéadú █████████

3 An corruimhir nó ré-uimhir í 285? █████████████

4 1/4 = ███ /12

5 Cén sórt uillinne í seo? ████████████

6 Ainmnigh an cruth seo. █████████

7 uair nóiméad

7 3 7 – 2 5 4 ███████

8 Scríobh mar uimhir: aon mhíle, aon chéad a haon █████████████████████

9 (7 × 5) + (4 × 9) = ███

10 1/2 = ██ /12

11 Tiomáineann Seán ar 90 km san uair. Ce chomh fhad a thiomáinfidh sé i 4 uair an chloig ? █████████████████████

12 Bhí 3 leabhar i mbosca a mheáigh 2 kg 50 g. Nuair a thóg Peadar leabhar amháin amach, mheáigh an bosca 1 kg 800 g. Cén meáchan a bhí sa leabhar a thóg sé amach? █████████████████████

13 1/5 = ██ /10

14 Shiúil Ruairí 2 1/4 km ar maidin agus 2.05 km tráthnóna. Cén fhad iomlán a shiúil sé?

15 Cén cruth a dhéanfá leis an eangach seo?

GLUAIS

Uimhreacha

Ré-uimhir = uimhir a chríochnaíonn ar 0, 2, 4, 6, 8

Corruimhir = uimhir a chríochnaíonn ar 1, 3, 5, 7, 9

Toradh – Nuair a iolraítear dhá uimhir faoi a chéile, faightear toradh

3 × 5 = 15 toradh

Uimhir phríomha = uimhir go bhfuil péire amháin fachtóirí aici – í féin agus a haon m.sh.

5 = fachtóirí = 1, 5 11 = fachtóirí = 1, 11

Uimhir chearnach = nuair a iolraítear uimhir fúithi féin is uimhir chearnach í an freagra.

2 x 2 = 4 ; 6 x 6 = 36

Fachtóir = uimhir a théann isteach in uimhir eile go slán m.sh. Tá 6 fhachtóir ag 12 ; 1, 2, 3, 4, 6, 12

Uimhir ilchodach = uimhir le níos mó ná péire amháin d’fhachtóirí m.sh.

4 = 1 × 4, 2 × 2

30 = 1 × 30, 2 × 15, 3 × 10, 5 × 6

An tIolraí Coiteann is Lú (I.C.L)

Iolraithe a 3 = 3, 6, 9, 12 , 15, 18, 21, 24

Iolraithe a 4 = 4, 8, 12 , 16, 20, 24, 28, 32

Na hiolraithe coiteann = 12 agus 24; an ceann is lú = 12

Uimhir mheasctha = slánuimhir agus codán le chéile m.sh.

1 ⅓ , 2 ¼ , 7 ⅝

Uillinneacha

Dronuillinn = 90°Géaruillinn = < 90°

Maoluillinn = > 90° ach < 180°

Uillinn dhíreach = 180°

Uillinn athfhillteach = > 180° ach < 360°

Rothlú iomlán = 360°

DronuilleachComhchosach

ScáiléanachComhshleasach

Triantán

Línte

Líne cheartingearach

Líne chothrománach

Línte comhthreomhara

Línte ingearacha

Cruthanna 2-T

RombasComhthreomharán

TraipéisiamPeinteagán

Cruthanna 3-T

Ciúb Faobhar Aghaidh Rinn

SAMPLE

HeicseagánHeipteagán

OchtagánNaonagán

Ciúbóideach Sféar

Sorcóir Cón

Pirimid Teitrihéadrán

Priosma triantánach Ochtaihéadrán

Deacagán

Ciorcal

Imlíne Trastomhas

Foclóir

SladmhargadhSale

Lacáiste Discount

Séisín Tip

Codán Fraction

Deachúl Decimal

Achar Area

Imlíne perimeter

I ndiaidh triail a cheartú, marcálfaidh an múinteoir nó an dalta ag bun na trialach an scór a fuair an dalta. Ba cheart don dalta ansin an scór a mharcáil ar cheann de na mblocghraif thíos agus an dáta a thaifeadadh.

SAMPLE

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Níos Mó Ná Mata Meabhrach Rang A 5 - Website Sample by The Examcraft Group - Issuu