AI
CH
ÁT H
RIM
AR S
ID
GAE L
A AR
LÁISTE NA O M CH
A C H LE A M ÉI
H
An tInbhear Mór, Páirc na bPiarsach, Co. Chill Mhantáin
1
Fáilte ón bPríomhoide Fáilte chuig Gaelcholáiste na Mara. Is iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, mheasctha, ilchreidmheach í Gaelcholáiste na Mara atá faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin. Múintear na hábhair trí mheán na Gaeilge agus tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach lárnach i ngach gné de shaol na scoile. Creidimid go láidir inár mana scoile: Ar scáth a chéile a mhairimid. Ciallaíonn sé sin go mbímid uilig ag brath ar a chéile sa scoil seo i spiorad comhoibrithe, cairdis agus measa. Tá forbairt iomlánaíoch an dalta i gcroílár ár gcuid oibre. Cuirtear réimse fairsing d’ábhair acadúla ar fáil anseo. Mar aon leis seo, creidimid go n-imríonn gníomhaíochtaí seachchuraclaim ról lárnach i bhforbairt an dalta agus cuirimid réimse leathan deiseanna ar fáil i gcúrsaí spóirt, cultúir, díospóireachta, ceoil, turais scoile agus ceannaireachta. Oibríonn ár múinteoirí agus foireann uile na scoile go dian dícheallach chun cabhrú lenár ndaltaí a mbarr feabhais a bhaint amach. Mar scoil, táimid bródúil as an atmaisféar oscailte, cairdiúil agus tacúil atá againn, áit a bhfuil aithne mhaith ar gach dalta agus ina gcothaítear ardchaighdeáin foghlama, iompair agus rannpháirtíochta. Tá súil agam go dtabharfaidh an réamheolaire seo léargas soiléir daoibh ar shaol Gaelcholáiste na Mara agus ar na deiseanna atá ar fáil dár ndaltaí. Déaglán Ó Laoire Príomhoide
Welcome to Gaelcholáiste na Mara. Gaelcholáiste na Mara is a co-educational, multi-denominational, Irish-medium secondary school under the patronage of Kildare and Wicklow Education and Training Board. Subjects are taught through the medium of Irish, and the Irish language and culture are central to every aspect of school life. We strongly believe in our school motto: Ar scáth a chéile a mhairimid — we live in one another’s shelter. This means that we all depend on one another in this school, in a spirit of cooperation, friendship and respect. The holistic development of the student is at the heart of our work. A wide range of academic subjects is available here. In addition, we believe that extra-curricular activities play a central role in student development, and we provide a wide range of opportunities in sport, culture, debating, music, school trips and leadership. Our teachers and all school staff work diligently to help our students achieve their very best. As a school, we are proud of our open, friendly and supportive atmosphere, where every student is well known and where high standards of learning, behaviour and participation are fostered. I hope this prospectus will give you a clear insight into life in Gaelcholáiste na Mara and the opportunities available to our students.
Déaglán Ó Laoire Principal
2
Cén fáth an tumoideachas a roghnú? Tá buntáistí suntasacha ag baint le hoideachas trí mheán na Gaeilge. Tríd an tumoideachas, faigheann daltaí deis líofacht nádúrtha a fhorbairt sa Ghaeilge agus í a úsáid mar theanga bheo foghlama, chumarsáide agus phobail. Forbraíonn an dátheangachas tuiscint níos doimhne ar bhunchlocha teanga: gramadach, stór focal agus struchtúr abairtí. Cabhraíonn na scileanna seo le daltaí teangacha eile a fhoghlaim agus cuireann siad lena gcumas cumarsáide i gcoitinne. Ina theannta sin, bíonn gnóthachtáil níos airde sa Bhéarla agus sa Mhata araon ag daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge i gcomparáid lena bpiarghrúpa i scoileanna lán-Bhéarla. Mar fhocal scoir, osclaíonn líofacht sa Ghaeilge deiseanna breise san ardoideachas, sa saol gairmiúil, sna meáin agus sa tseirbhís phoiblí. Fáiltímid roimh go leor daltaí ó scoileanna lán-Bhéarla gach bliain. Le tacaíocht chuí i mBliain a hAon, socraíonn na daltaí isteach sa timpeallacht lán-Ghaeilge de réir a chéile agus bíonn an-rath orthu.
An Lá Scoile Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Tús an lae
08.40
08.40
08.40
08.40
08.40
Sos na maidine
10.4010.55
10.4010.55
-
10.4010.55
10.4010.55
Briseadh Lóin
12.5513.35
12.5513.35
11.2011.50
12.5513.35
12.5513.35
Deireadh an lae
15.35
15.35
13.50
15.35
14.55
Irish-medium education has significant benefits. Through immersion education, students have the opportunity to develop natural fluency in Irish and to use it as a living language of learning, communication and community. Bilingualism develops a deeper understanding of the basic building blocks of language: grammar, vocabulary and sentence structure. These skills help students to learn other languages and improve their communication skills in general. In addition, students in Irish-medium schools achieve more highly in both English and Maths compared with their peers in English-medium schools. Finally, fluency in Irish opens up additional opportunities in higher education, professional life, the media and the public service. We welcome many students from English-medium primary schools each year. With appropriate support in First Year, students gradually settle into the Irish-medium environment and achieve great success.
3
Curaclam An tSraith Shóisearach Sa tSraith Shóisearach, déanann daltaí staidéar ar réimse leathan ábhar trí mheán na Gaeilge. Cothaítear scileanna acadúla, pearsanta agus sóisialta na ndaltaí agus ullmhaítear iad don fhoghlaim neamhspleách sa tSraith Shinsearach.
4
In Junior Cycle, students study a wide range of subjects through the medium of Irish. Students’ academic, personal and social skills are developed, and they are prepared for independent learning in Senior Cycle.
Croí-ábhair
Core subjects
Gaeilge
Stair
Gaeilge
History
Béarla
Tíreolaíocht
English
Geography
Matamaitic
Eolaíocht
Mathematics
Science
Fraincis
French
Ábhair roghnacha
Optional subjects
Ceol
Gnó
Music
Business
Ealaín
Adhmadóireacht
Art
Wood Technology
Eacnamaíocht Bhaile
Teicneolaíocht
Home Economics
Technology
Folláine agus foghlaim eile
Wellbeing and other learning
Corpoideachas
Eispéiris foghlama eile
Physical Education
Other learning experiences
OSPS (Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte)
Gníomhaíochtaí seachchuraclaim
SPHE — Social, Personal and Health Education
Extra-curricular activities
OSSP (Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil)
CSPE — Civic, Social and Political Education
An Idirbhliain Misean na hIdirbhliana Is é misean na hIdirbhliana i nGaelcholáiste na Mara forbairt phearsanta, shóisialta, oideachasúil agus ghairmiúil na ndaltaí a chothú agus iad a ullmhú do rannpháirtíocht neamhspleách, fhreagrach sa tsochaí. Is deis í an Idirbhliain do dhaltaí ceangal a dhéanamh idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach. Tugtar spás dóibh scileanna nua a fhorbairt, ábhair nua a thriail, freagracht a ghlacadh orthu féin agus taithí a fháil ar an saol taobh amuigh den seomra ranga. I measc na ndeiseanna a bhíonn ar fáil san Idirbhliain tá croí-ábhair, blaiseadh d’ábhair Ardteiste, modúil phraiticiúla, tionscadail, taithí oibre, turais, ceardlanna agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Mar shampla, le cúpla bliain anuas, bhí deis ag daltaí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar nós Siúlóid Chruacháin, codladh amuigh ar son Focus Ireland, ceardlann tiomána, Margadh na Nollag, comórtas fiontraíochta, ceannaireacht spóirt, réiteoireacht CLG, scannánaíocht, obair dheonach, Gaisce, Oíche Gairmeacha, RCSI MiniMed agus turais thar lear chuig tíortha mar an Fhrainc agus an Iodáil. I mbeagán focal, tugann an Idirbhliain “spás chun fás” do na daltaí.
The mission of Transition Year in Gaelcholáiste na Mara is to foster students’ personal, social, educational and career development and to prepare them for independent, responsible participation in society. Transition Year gives students the opportunity to make a connection between Junior Cycle and Senior Cycle. It gives them space to develop new skills, try new subjects, take responsibility for themselves and gain experience of life outside the classroom. The opportunities available in Transition Year include core subjects, a taste of Leaving Certificate subjects, practical modules, projects, work experience, trips, workshops and extra-curricular activities. For example, in recent years, students have had the opportunity to take part in activities such as the Croghan walk, a sleep-out for Focus Ireland, a driving workshop, the Christmas Market, an enterprise competition, sports leadership, GAA refereeing, filmmaking, volunteering, Gaisce, Careers Night, RCSI MiniMed and trips abroad to countries such as France and Italy. In short, Transition Year gives students space to grow. 5
An tSraith Shinsearach Sa tSraith Shinsearach, cuirtear réimse leathan ábhar, tacaíochtaí agus deiseanna ar fáil do dhaltaí Bhliain 5 agus Bhliain 6. Déanann gach dalta staidéar ar na croíábhair agus roghnaíonn siad ábhair bhreise ó réimse leathan roghanna acadúla, praiticiúla, ealaíonta agus eolaíochta.
In Senior Cycle, a wide range of subjects, supports and opportunities is provided for students in 5th Year and 6th Year. Each student studies the core subjects and chooses additional subjects from a wide range of academic, practical, artistic and scientific options.
Ábhair lárnacha:
Core subjects:
Gaeilge
Matamaitic
Gaeilge
Maths
Béarla
Saol agus Pobal
English
Life and Community
Folláine agus tacaíocht Corpoideachas Gairmthreoir
OSPS (Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte)
Physical Education Guidance
SPHE — Social, Personal and Health Education
Ábhair roghnacha*
Optional subjects*
Fraincis
Staidéar Foirgníochta
French
Construction Studies
Bitheolaíocht
Gnó
Biology
Business
Ceimic
Stair
Chemistry
History
Ceol
Tíreolaíocht
Music
Geography
Corpoideachas na hArdteistiméireachta
Home Economics
Eacnamaíocht Bhaile Ealaín
*Ní ghealltar go mbeidh gach ábhar ar fáil gach bliain. Braitheann roghanna ábhar ar éileamh, acmhainní agus riachtanais chlár ama na scoile.
6
Wellbeing and support
Art
Leaving Certificate Physical Education
*It is not guaranteed that every subject will be available every year. Subject choices depend on demand, resources and the requirements of the school timetable.
7
Guth an Scoláire Comhairle na nDaltaí Tá ról tábhachtach ag Comhairle na nDaltaí i saol Gaelcholáiste na Mara. Is í príomhaidhm na Comhairle nasc dearfach a chruthú idir na daltaí agus bainistíocht na scoile. Tugann sí guth do dhaltaí agus tugann sí deis dóibh páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt na scoile. Is iad aidhmeanna Chomhairle na nDaltaí: •
cumarsáid a fheabhsú idir daltaí, bainistíocht, foireann na scoile agus tuismitheoirí/caomhnóirí;
•
áiseanna agus timpeallacht na scoile a fheabhsú;
•
fadhbanna, moltaí agus smaointe na ndaltaí a phlé;
•
páirt a ghlacadh i ndaonlathas na scoile;
•
ócáidí carthanachta agus tionscnaimh dhearfacha a eagrú;
•
meas, freagracht agus rannpháirtíocht a chothú i measc na ndaltaí.
Buaileann an Chomhairle le chéile go rialta agus tugann sí deis do dhaltaí a dtuairimí a chur in iúl ar bhealach dearfach, freagrach agus cuiditheach.
The Student Council plays an important role in the life of Gaelcholáiste na Mara. The main aim of the Council is to create a positive link between students and school management. It gives students a voice and gives them the opportunity to take an active part in the development of the school. The aims of the Student Council are: • to improve communication between students, management, school staff and parents/guardians; • to improve the school’s facilities and environment; • to discuss students’ problems, suggestions and ideas; • to take part in school democracy; • to organise charity events and positive initiatives; • to foster respect, responsibility and participation among students. The Council meets regularly and gives students the opportunity to express their views in a positive, responsible and constructive way.
8
Cinnirí Gaeilge Is grúpa daltaí iad Cinnirí Gaeilge a bhfuil spéis ar leith acu sa Ghaeilge, sa chultúr Gaelach agus i saol na scoile. Is é príomhaidhm an ghrúpa ná úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a láidriú i measc na ndaltaí. Eagraíonn agus tacaíonn na Cinnirí Gaeilge le himeachtaí a chuireann an teanga, an cultúr agus an oidhreacht Ghaelach chun cinn. Spreagann siad a gcomhdhaltaí chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha agus go muiníneach, ní hamháin sa seomra ranga ach i ngach gné de shaol na scoile.
Cinnirí Gaeilge are a group of students who have a particular interest in the Irish language, Gaelic culture and school life. The main aim of the group is to encourage and strengthen the use of Irish among students. The Cinnirí Gaeilge organise and support events that promote the language, culture and Gaelic heritage. They encourage their fellow students to use Irish naturally and confidently, not only in the classroom but in every aspect of school life.
9
Seach-churaclam Imríonn imeachtaí seach-churaclaim ról lárnach i saol Gaelcholáiste na Mara. Cuireann siad go mór le spiorad na scoile agus tugann siad deis do dhaltaí a gcuid buanna, suimeanna agus scileanna ceannaireachta a fhorbairt. I measc na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar fáil tá: • • • • •
Peil Ghaelach Iománaíocht agus Camógaíocht Sacar Rugbaí Lúthchleasaíocht
• • • • • •
Díospóireachtaí Ceol Ficheall Coiste Glas Comhairle na nDaltaí Turais scoile
Táimid thar a bheith buíoch de na múinteoirí agus den fhoireann a thugann a gcuid ama chun na deiseanna seo a chur ar fáil dár ndaltaí.
Extra-curricular activities play a central role in the life of Gaelcholáiste na Mara. They greatly contribute to the spirit of the school and give students the opportunity to develop their talents, interests and leadership skills. Activities available include: •
Gaelic football
•
Music
•
Hurling and camogie
•
Chess
•
Soccer
•
Green Committee
•
Rugby
•
Student Council
•
Athletics
•
School trips
•
Debating
We are extremely grateful to the teachers and staff who give their time to provide these opportunities for our students. 10
Muintir na Mara Is é Muintir na Mara coiste na dtuismitheoirí i nGaelcholáiste na Mara. Tá ról tábhachtach ag an gcoiste i saol na scoile mar nasc dearfach idir tuismitheoirí/ caomhnóirí, bainistíocht, foireann na scoile agus daltaí. Oibríonn Muintir na Mara chun tacú leis an scoil, le himeachtaí scoile agus le tionscnaimh éagsúla i rith na bliana. Cothaíonn an coiste spiorad láidir pobail agus tugann sé deis do thuismitheoirí/ chaomhnóirí ionchur dearfach a bheith acu i saol na scoile. Feidhmíonn Muintir na Mara mar bhealach cumarsáide dearfach idir pobal na dtuismitheoirí/ caomhnóirí agus an scoil, agus cabhraíonn sé linn an taithí oideachais is fearr is féidir a chur ar fáil dár ndaltaí.
Muintir na Mara is the parents’ committee in Gaelcholáiste na Mara. The committee plays an important role in school life as a positive link between parents/guardians, management, school staff and students. Muintir na Mara works to support the school, school events and various initiatives throughout the year. The committee fosters a strong community spirit and gives parents/guardians the opportunity to have a positive input into school life. Muintir na Mara acts as a positive channel of communication between the parent/guardian community and the school, and helps us to provide the best possible educational experience for our students.
11
Deartha agus Curtha i gCló ag
AI
CH
ÁT H
RIM
AR S
ID
GAE L
A AR
ISTE NA OLÁ M H C
A C H LE A M ÉI
H
An tInbhear Mór, Páirc na bPiarsach, Co. Chill Mhantáin
0402 91764 gcm@kwetb.ie www.gaelcholaistenamara.ie/
12