Tuarascáil Bhliantúil
Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh 2020-2021












![]()
Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh 2020-2021












Focal ón Uachtarán • President’s Foreword
Airgeadas an Chomhaltais • SU Finance 1 2 3 4 5 7 6 8 9
Ráiteas Misin/Buaicphointí • Mission Statement/Highlights
Coiste Feidhmiúcháin 2020/21 • Executive Committee 2020/21
Comhairle an Chomhaltais • SU Council
Nuachtán SIN • SIN Newspaper
Toghcháin • Elections
Beartais Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Policies
CÉIM
Scileanna Saoil • Life Skills
Tiomsú Airgid • Fundraising
Siamsaíocht & Imeachtaí • Entertainment & Events
Feachtais • Campaigns
Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Services

Coiste Feidhmiúcháin 2021/22 • Incoming Executive 2021/22





Ba mhór an onóir é a bheith i m’uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh in 2020/2021, nó “bliain na paindéime”, agus tá sé ar cheann de na heispéiris ab fhearr a bhí agam riamh. Nuair a chuimhneoimid siar ar an mbliain seo, ní fhéadfar í a chur i gcomparáid le haon bhliain eile. Bhí dúshláin nua, fadhbanna nua agus deiseanna nua ann nach raibh os ár gcomhair riamh cheana. Chruthaigh an Comhaltas go maith mar chomhlacht ionadaíoch solúbtha agus dinimiciúil a chinntíonn go gcloistear glór na mac léinn i gcónaí. Ag croílár ár gcuid oibre go léir, tá ionadaíocht a dhéanamh dár mbaill, agus cearta ár mball a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí. Bímid ag tabhairt dúshlán leanúnach dá bhfuil traidisiúnta agus déanaimid ár ndícheall i gcónaí na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach do mhic léinn.
Ón tús ar fad, chuir ár gcuid oibre béim ar na míchothromaíochtaí a bhíonn le sárú ag mic léinn, fiú amháin idir institiúidí. Ba é #RipOffNUIG feachtas mór na bliana toisc go raibh táillí á ngearradh ar na mic léinn nuair nach raibh táillí á ngearradh ar mhic léinn in institiúidí eile. Aisíocadh €60,000 le mic léinn a bhí ina ghátar mar thoradh ar an bhfeachtas, agus cuireadh deireadh le huasteorannú grád. Leanamar ar aghaidh cé gur dúnadh an ollscoil go gairid sula raibh mic léinn le filleadh ar an gcampas, agus díríodh ar chúrsaí lóistín. D’éirigh linn aisíocaíochtaí cíosa a bhaint amach i gcás an lóistín go léir ar an gcampas agus i gcás cuid mhaith d’earnáil an lóistín a tógadh go sainiúil do mhic léinn. Maidir le húinéirí lóistín nach raibh sásta cabhrú linn, baineadh iad ó liosta lóistín mholta OÉ Gaillimh. Cuid ríthábhachtach den bhliain ab ea sábháilteacht na mac léinn, agus d’oibríomar as lámha a chéile le FSS le cinntiú go bhféadfaimis deireadh a chur leis an víreas go hiomlán. Bhí láthair nua ag an gcomhaltas ag tús na bliana, agus bhí na mílte masc inathúsáidte á dtabhairt amach do mhic léinn ag an tob-chomhaltas sa Chearnóg ar feadh roinnt seachtainí. D’éirigh linn i bhfeachtais éagsúla i rith na bliana, mar shampla aisíocaíochtaí ar chostais pháirceála. D’éirigh linn athrú a bhaint amach sa reifreann ar an tobhach, agus laghdaíodh an tobhach ó €224 go €140. Is é sin an chéad uair riamh a laghdaíodh tobhach. Táimid ag saothrú chun an t-oideachas a dhéanamh níos inacmhainne agus le déanamh cinnte nach n-íocann mic léinn an iomarca ar rud éigin nár thoiligh siad leis riamh.
Ar an iomlán, is léiriú atá ann ar obair an chomhaltais gur éirigh leis na hoifigigh na spriocanna a bhí leagtha amach acu i bhfad sula raibh orainn a bheith scartha óna chéile a bhaint amach, go háirithe i mbliain paindéime nuair a bhraith na hoifigigh go raibh fadhbanna práinneacha á réiteach acu de shíor. Tháinig méadú mór ar an rannpháirtíocht leis an gcomhaltas i mbliana: toghadh beagnach 600 ionadaí ranga cé nárbh fhéidir dul isteach sa rang
chun iad a thoghadh, agus d’fhreastail breis is 300 ionadaí ar Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Comhlacht atá sa chomhaltas a sheasann an fód in éineacht le daoine, agus is é cabhrú le daoine an príomhchuspóir atá againn. Tá sé tábhachtach buíochas a ghlacadh leo siúd go léir a chabhraigh linn agus muid ar ár ndícheall ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh. Tá mé thar a bheith buíoch as an obair chrua a dhéanann ár bhfoireann féin: Chris, an bainisteoir ginearálta; Joanna, an bainisteoir cúnta; agus Lorna, an fáilteoir, agus bíonn siad go léir ag obair go crua de shíor sa chúlra. Is mór agam a dtacaíocht agus a gcomhairle.
Bhí CÉIM ina cuid thábhachtach den chéad bhliain san ollscoil dom féin agus do go leor daoine eile. Bhí mé féin, Emma agus Róisín ar an gcéad fhoireann shabóideach a bhí páirteach in CÉIM. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le Amber, Órla agus Niamh a chuir ar chumas go leor mic léinn bualadh suas lena gcomhghleacaithe ranga i mbliana, rud nach bhféadfaí a dhéanamh dá n-uireasa. Bhí siad solúbtha nuair ba ghá freisin.
Gabhaim buíochas freisin le Bord na nIontaobhaithe as a maoirseacht agus le Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn (SUCS) Teoranta as seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar do phobal OÉ Gaillimh nuair nárbh éasca a leithéid a dhéanamh.
Ar deireadh, tá buíochas ag dul do na hionadaithe ranga agus do na 18 n-oifigeach a bhíonn ag saothrú gan staonadh ar son na mac léinn – chuir bhur ndíograis go mór leis an gcomhaltas agus ba mhór an onóir dom é a bheith ag obair libh. Emma Sweeney, Leas-Uachtarán an Oideachais, agus Róisín Nic Lochlainn, LeasUachtarán an Leasa agus an Chomhionannais – cé nárbh fhéidir linn a bheith le chéile go minic, aireoidh mé go mór uaim a bheith ag obair libh. Ní bliain inchomórtais a bheidh ann.
Tá an comhaltas ar an bhfód le 57 mbliana anuas, agus san am sin tá sé ag troid ar son an athraithe agus tugann sé aire do chách. Glactar céim eile gach aon bhliain i dtreo todhchaí níos dearfaí. Thar ceann Emma Sweeney, Róisín Nic Lochlainn, ár gCoiste Feidhmiúcháin, Chomhairle an Chomhaltais, na foirne ar fad, agus thar mo cheann féin, is mór agam tuarascáil bhliantúil 2020/2021 do Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, a chur i láthair. UACHTARÁN CHOMHALTAS
MAC LÉINN, 2020/21 Beir bua,


Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ar bun den chéad uair in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920idí agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960idí. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin.
Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”.
“Ní neart go cur le chéile”
Buaicphointí 2020/21
• Chuireamar tús le feachtas “RipOffNUIG” chun béim a leagan ar na bacainní airgeadais ar an oideachas amhail táillí a bhíonn le híoc ag mic léinn chun scrúduithe a dhéanamh arís. Cuimsíodh leis an bhfeachtas físeáin ar TikTok, achainíocha, litreacha a scríobh, clúdach sna meáin, cruinnithe, agus a bheith luaite sa Dáil. D’éirigh linn aisíocaíocht €60,000 a bhaint amach le haghaidh mic léinn a raibh scrúduithe á n-athshuí acu, agus ní chuirfear an costas sin arís go brách ar mhic léinn a fhaigheann ráta speisialta SUSI agus an Ciste Cúnaimh Airgeadais.
• Dháileamar 12,150 masc in-athúsáide ar mhic léinn ar láthair an tob-Chomhaltais sa Chearnóg ag tús an tseimeastair. Ba é sin an t-aon idirghníomhaíocht phearsanta amháin a bhí ag mic léinn áirithe ar an gcampas i mbliana.
• Laghdaíomar tobhach na mac léinn le reifreann ó €224 go €140 le haghaidh na mac léinn go léir. Is bacainn ar an oideachas atá ann nach n-íocann SUSI as fiú amháin, agus mar sin tá sé ríthábhachtach go mbeadh sé chomh réasúnta agus is féidir. Thug an chomhairle sainordú go gcuirfí €3 den tobhach i dtreo na Gaeilge agus chistiú daingean CÉIM.

Ghlac beagnach 400 duine páirt sa Dúshlán Carthanachta chun airgead a thiomsú. B’éigean dóibh tabhairt faoi 6 dhúshlán thar thréimhse 6 mhí.
• Bhailíomar €13,000 dár dtrí charthanas roghnaithe i mbliana: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, Helplink Mental Health agus Galway Autism Partnership tríd an Dúshlán Carthanachta agus trí imeachtaí eile.
• Reáchtálamar reifrinn maidir le hOifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta a chruthú agus post an Chathaoirligh ar Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn a athrú ina phost seachtrach i gcomhréir leis an dea-chleachtas i gcomhaltais eile ar fud na tíre, agus glacadh leis na reifrinn sin.
• Chuamar i mbun feachtais ar son aisíocaíochtaí lóistín le haghaidh mic léinn nach raibh lóistín uathu nuair a dúnadh an ollscoil. Rinne soláthraithe lóistín na hollscoile go léir aisíocaíocht leis na mic léinn, agus lean go leor soláthraithe príobháideacha an dea-shampla sin. Baineadh ainm soláthraí phríobháidigh amháin ó shuíomh gréasáin OÉ Gaillimh toisc nach raibh sé sásta déanamh amhlaidh.
• Reáchtálamar go leor imeachtaí rathúla lena n-áirítear 25 Chóisir Céadaoin Crua, agus é mar aidhm leo go léir cairdeas a bhunú ar líne. Freastalaíonn suas le 200 mac léinn ar an gCóisir uaireanta. D’fhanadh na mic léinn ag caint is ag comhrá go dtí deireanach san oíche, agus lean glaoch amháin ar aghaidh ar feadh seachtain iomlán. Reáchtáil go leor comhaltas eile ar fud na tíre imeacht mar seo freisin.
• Rinneamar cur i láthair agus scríobhamar páipéir go rialta d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile ar shaincheisteanna na mac léinn.
D’éirigh linn méadú 4.7% a bhaint amach ar líon na vótálaithe a tháinig amach do Thoghcháin Oifigeach Lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn.
• D’éirigh linn aisíocaíocht ar pháirceáil agus laghdú ar phraghsanna do phobal go léir OÉ Gaillimh.





• Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh ar an ngearrliosta in ocht gcinn de na catagóirí ag na Gradaim um Éachtaí Mac Léinn, lena n-áirítear: Seaimpín Rochtana na Bliana – #RipOffNUIG; An Gradam Éacht ar son na Gaeilge – Róisín Nic Lochlainn; Club/Cumann na Bliana – an Cumann Feimineachais; Oifigeach Lánaimseartha na Bliana – Róisín Nic Lochlainn; Mac Léinn Idirnáisiúnta na Bliana – Mansi Kesarwani; Seaimpín Iarchéime na Bliana – Sebastian Birema; agus Feachtas Leasa na Bliana – Seachtain SHAG.
• Fuaireamar an gradam ór, an gradam is airde, ar Bhonn na Gaeilge ó Aontas na Mac Léinn.
• D’éirigh linn deireadh a chur le huasteorannú grád, boige a bhaint amach sna boird scrúduithe, agus iarchuir a bhaint amach le haghaidh scrúduithe aonair inar gá réasúnú níos lú ó na mic léinn.
Reáchtálamar seisiúin ar chósta na cathrach chun na tránna a ghlanadh, agus reáchtálamar Luan Inbhuanaithe mar chuid dár bhfeachtas ar an inbhuanaitheacht.
• Chuamar i bpáirt mar sheaimpín le Páirc Náisiúnta Chathair na Gaillimhe agus ritheadh sainordú ag an gcomhairle go dtacófar leis an feachtas sna blianta amach romhainn.
• Chabhraíomar le heagrú an tríú hócáid chun Soilse an Chrainn Nollaig a lasadh, agus ghlacamar páirt ann. Ceiliúradh a bhí san ócáid ar theacht le cheile fhoireann agus mic léinn na hollscoile mar chuid de phobal OÉ Gaillimh.
• Toghadh beagnach 600 ionadaí ranga, cuireadh oiliúint ar 450 ionadaí, d’fhreastail breis is 300 ionadaí ar ár gcéad chruinniú agus d’fhreastail líon ollmhór ionadaithe ar ár gcomhairle coláiste.
• Bhíomar rannpháirteach sna meáin, idir áitiúla agus náisiúnta, maidir le go leor de shaincheisteanna na mac léinn lena n-áirítear athbhreithniú ar SUSI, Covid-19, athoscailt an champais, cúrsaí meabhairshláinte, saincheisteanna na mac léinn idirnáisiúnta, agus cúrsaí lóistín.
D’oibríomar as lámha a chéile le AMLÉ i rith na bliana ar fheachtais lena n-áirítear bille maidir le lóistín do mhic léinn a thabhairt chun na Dála agus bille maidir le hárachas do mhic léinn idirnáisiúnta a thabhairt chun an tSeanaid.
• Reáchtálamar feachtais ar feadh seachtain ar leith amhail feasacht agus treoir ar shláinte ghnéis, Seachtain na Gaeilge, éagsúlacht, an comhshaol agus cúrsaí inbhuanaitheachta, Feasacht ar Shubstaintí, agus Seachtainí Scíthe roimh scrúduithe.
• Cuireadh CÉIM, ár gclár foghlama piarchuidithe, ar fáil ar líne don bhliain agus d’éirigh thar cionn leis chun na mic léinn a thabhairt le chéile.
• Bhunaíomar Scéim Cónaithe a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair le go mbeidh cainteoirí Gaeilge in ann fanacht sa lóistín céanna ar an gcampas.
• Cuireadh clinicí seachtainiúla ar bun le haghaidh mic léinn lánfhásta agus mic léinn faoi mhíchumas, agus reáchtáil oifigigh pháirtaimseartha imeachtaí chun bualadh le hoifigigh, ceardlanna maidir le haistí a scríobh, agus go leor imeachtaí eile.






















Toghadh os cionn 600 ionadaí ranga i mbliana i measc fochéimithe, iarchéimithe, foghlaimeoirí fásta agus foghlaimeoirí páirtaimseartha. Thoghamar ionadaithe ranga ó gach cearn den domhan freisin. B’éigean dúinn toghcháin a reáchtáil go hiomlán ar líne ar ardán úrnua ar líne mar thoradh ar Covid-19. Bhí roinnt deacrachtaí againn ar dtús agus bhí eagla orainn go mbeadh an rannpháirtíocht ní b’ísle ná mar a bhí cheana. A mhalairt a bhí fíor, mar a tharlaíonn, agus d’éirigh linn níos mó ionadaithe ranga a thoghadh ná riamh. Reáchtálamar ár seisiúin chomhairle agus oiliúna go léir ar Zoom i mbliana, agus ba é sin an t-ardán ab fhearr leis na hionadaithe ranga. Bhí an freastal níos fearr i mbliana ná riamh cheana, agus d’fhreastail breis is 400 ionadaí ranga ar sheisiúin oiliúna agus breis is 300 ionadaí ar ár gcéad chomhairle. D’fhreastail 180 mac léinn nó níos mó ar gach aon seisiún den chomhairle.
Tháinig méadú mór ar an rannpháirtíocht mar thoradh ar imeachtaí a bheith á gcur ar siúl ar líne, bhí na hionadaithe le cloisteáil níos mó mar gheall ar a éasca atá sé Zoom a úsáid, agus ritheamar níos mó rún ná riamh lena n-áirítear rúin a mbeidh tionchar fada acu ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Mar shampla, ritheamar rúin chun sainordú a thabhairt don Chomhaltas a phríomhainm agus príomhainm na gcomhairlí a athrú go Gaeilge, chun taifeadadh léachtaí a chur chun cinn agus chun na taifeadtaí a eisiúint ag tú na bliana chun cabhrú leis na mic léinn modúil a roghnú, chun cur leis an gcistiú le haghaidh na Seirbhíse Tacaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, agus chun tobhach na mac léinn a laghdú.
Bhí roinnt mhaith fadhbanna le sárú i mbliana, mar sin féin, de bharr Covid-19 agus an t-aistriú i dtreo na foghlama ar líne. Bhí an chumarsáid ríthábhachtach i mbliana. Ní hamháin gur fhreastail an líon is mó ionadaithe riamh ar Chomhairle na nIonadaithe Ranga, ach tháinig méadú freisin ar an líon ionadaithe inár gcomhairle dáimhe agus b’éigean comhairlí Choláiste na nDán a chur ar siúl thar thréimhse seachtaine. Chuir ár n-ardán nua ar líne ar a gcumas do na hionadaithe ranga dul i dteagmháil go héasca leis na mic léinn sa rang, agus seoladh ríomhphost chuig na hionadaithe ranga uair sa tseachtain ar a laghad.
Ba dhúshlánach an bhliain í, ach rinneamar dul chun cinn ollmhór maidir leis an bpróiseas ionadaithe ranga a chuíchóiriú agus cur leis an rannpháirtíocht. Tá súil againn leas a bhaint as samhail chumaisc as seo amach.



Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigeach na nIarchéimithe in 2020/2021
Buíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo.
• Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn – Fionn Sexton Connolly
• Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh – Claire McHale
Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta – Aoife Buckley
Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Evan O’Flaherty
• Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí – Victor Igonin
• Oifigeach na nIarchéimithe Taighde – Sebaastian Bierema
• Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha – Martin Smyth










Is é SIN (Student Independent News) an t-aon nuachtán amháin atá ann do mhic léinn i nGaillimh agus foilsítear 12 eagrán sa bhliain acadúil, uair sa choicís. Foilsíodh SIN ar líne le ISSUU i mbliana mar gheall ar Covid-19. Tá an nuachtán dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann OÉ Gaillimh. Féadann an uile dhuine ábhar a chur ar fáil do SIN, agus tá scríbhneoirí deonacha éagsúla againn ó réimsí an dlí, na tráchtála agus na hiriseoireachta.
Foireann 2020/2021:
• Eagarthóir – Paddy Henry
• Eagarthóirí Nuachta - Caoimhe Killeen agus Ellen O’Donoghue Gnéithe – Saoirse Higgins
• Tuairim – Darren Casserly
• Faisean agus Stíl Mhaireachtála – Anastasia Burton
Na hEalaíona agus Siamsaíocht – Alice O’Donnell
• Spórt – Oisín Bradley
• Ar líne – Paris Ediagbonya, Fiona Lee agus Valerie McHugh
D’fhoilsigh SIN 12 eagrán 32 leathanach, 6 eagrán sa seimeastar, mar aon le heagrán speisialta toghcháin 16 leathanach roimh na Toghcháin le haghaidh Oifigigh Lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn i mí Aibreáin. Bhí agallaimh dhoimhne eisiacha san eagrán sin le gach iarrthóir do thoghcháin oifigigh lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn, chomh maith le hagallaimh le hoifigigh a bhí ag dul as oifig agus míreanna vox pop le mic léinn ó dhisciplíní agus coláistí éagsúla in OÉ Gaillimh. Is é Shannon Reeves ár ndearthóir agus tá sé ag obair ar SIN le roinnt blianta anuas. Chabhraigh sé le SIN an leagan amach a chur in oiriúint lena dhéanamh níos inrochtana do lucht léitheoireachta ar líne agus oiriúnach do nuachtán nuaaimseartha. D’éirigh linn é sin a bhaint amach trí ghné-ailt fhada thar dhá leathanach agus grianghraf d’údair rialta a thabhairt isteach, mar aon le húsáid níos mó a bhaint as grafaic mhealltach chun spéis na léitheoirí a mhúscailt.
Buaicphointí 2020/2021:
• Bhris agus chlúdaigh SIN scéalta ceannródaíocha i mbliana, agus choinnigh sé na mic léinn ar an eolas faoi imeachtaí a bhí ag titim amach anseo san ollscoil, tráth nach raibh na mic léinn féin ar an gcampas.
• Bhí an nuachtán ar an ngearrliosta le haghaidh roinnt gradam i mbliana, lena n-áirítear Meán Cumarsáide na Bliana ag Gradaim Éachtaí Mac Léinn in Éirinn, agus Nuachtán na Bliana ag Gradaim na Meán do Mhic Léinn. Ainmníodh roinnt de scríbhneoirí SIN le haghaidh na ngradam freisin, lena n-áirítear Caoimhe Killeen (Iriseoireacht a bhaineann leis an Aontas Eorpach), Caroline Spencer (Scríbhneoir na Bliana maidir le Míreanna Léargais), Paddy Henry (Eagarthóir na Bliana), Ellen O’Donoghue (Iriseoireacht Chomhoibríoch na Bliana in éineacht le Paddy Henry)
Bhí an nuachtán chun tosaigh maidir le freagairt na hOllscoile do phaindéim Covid-19 a chlúdach, agus bhí clúdach mionsonraithe ann ar shaincheisteanna amhail tobhach na mac léinn agus toghchán Chomhaltas na Mac Léinn. Bhris SIN roinnt scéalta móra le linn na bliana freisin.
Foilsíodh roinnt agallaimh mhóra sa nuachtán i mbliana freisin, lena n-áirítear agallamh Gaeilge le Mícheál D Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann.
• Cé nach raibh mic léinn ar an gcampas agus in ainneoin na ndeacrachtaí a cruthaíodh do gach eagraíocht a bhíonn ag brath ar obair dheonach, níor chuir an easpa ábhair isteach ar SIN agus bhí scoth na hiriseoireachta ó na mic léinn i ngach eagrán 32 leathanach a foilsíodh gach coicís.
• Foilsíodh saothar le roinnt scríbhneoirí SIN ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta i mbliana, mar shampla in The Irish Times, Irish Examiner agus Connacht Tribune.
• Chuir SIN go mór lena sholáthar ar líne i mbliana freisin, agus tháinig méadú faoi dhó ar inneachar ar Twitter agus ar Instagram i rith na bliana. Bhí ár gcuntas Twitter, @NuigSIN, á leanúint ag 1000 duine faoi mhí Aibreáin. Thosaigh triúr eagarthóirí ar líne ag obair i mí Eanáir, rud a chabhraigh go mór lenár soláthar ar líne. Bhain siad an-úsáid as optamú innill cuardaigh agus as grafaic ar ár bpostálacha ar na meáin shóisialta, agus chabhraigh sé sin lenar bhfreastal a mhéadú go mór.
Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ach tá an nuachtán neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.



Reáchtáladh na toghcháin go hiomlán ar líne den chéad uair i mí na Nollag chun 5 phostmar oifigeach páirtaimseartha a líonadh. Toghadh Victor Igonin ina Thionólaí de Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí, toghadh Cheyanne Nwaonukwube mar Oifigeach na Mionlach Eitneach, toghadh Niamh Quinn mar Oifigeach na mac Léinn Idirnáisiúnta, toghadh Barry Sugrue mar Chathaoireach na gCumann agus toghadh Fionn Sexton Connolly ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Ba mhaith an triail é an toghchán i mí na Nollag le haghaidh na dtoghchán i mí Aibreáin agus an chórais vótála nua ar líne.
Chuir tríocha a ceathair mac léinn a n-ainm ar an bpáipéar ballóide fíorúil i mí Aibreáin agus iad ag iarraidh go dtoghfaí iad chun Coiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2021-2022. Reáchtáladh trí reifreann freisin ag an am céanna leis na toghcháin, agus ritheadh gach rún.
Ba iad sin an reifreann chun Tobhach na Mac Léinn a laghdú go €140, an reifreann chun post nua mar Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta a chruthú (le toghadh i mí Mheán Fómhair 2021) agus an reifreann chun go gceapfaí Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn go neamhspleách seachas go dtoghfaí é.
Rinne Phelim Kelly, an Ceann Comhairimh, maoirseacht ar na toghcháin agus d’fhógair sé torthaína gcomhaireamh ar líne. Bhí méadú mór ar an líon mac léinn a chaith vóta sna toghcháin go léir, agus chaith suas le 3,682 mac léinn vóta. Bhí leibhéal ollmhór rannpháirtíochta ó iarrthóirí agus ó vótálaithe ina thoradh ar an aistriú go toghcháin ar líne.



An tUachtarán
Leas-Uachtarán / Oideachas
Leas-Uachtarán / Leas & Comhionannas
Oifigeach na Gaeilge
An tOifigeach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas
Oifigeach na Mionlach Eitneach
An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+
Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta
Mic Léinn Lánfhásta
Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh
Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí
Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte
Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
Cathaoirleach na gCumann
Captaen na gClubanna
Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha
Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde
Róisín Nic Lochlainn
Clodagh McGivern
Cora Clarke
Eímear Nig Oireachtaigh
Niamh McGrath
Anne Marie Ward
Orlaith Nic Cába
Matthew Connolly
Anita O’Halloran
Faye Ní Dhomhnaill
Krystian Bachan
Jack Collins
Sai Gujulla
Ethan Wilkinson
Kirsty Ní Mhóráin
Mairtín Mac Gabhann
Shane O’Connell





Glacann Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le beartais ar cheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú.
Is iad seo a leanas na beartais a daingníodh trí reifreann ar na saolta deireanacha:
Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn
Ritheadh in Aibreán 2021
Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta páirtaimseartha a chruthú. Cuireadh Cathaoirleach neamhspleách seachtrach in ionad Chathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.
Reifreann ar Thobhach na Mac Léinn
Ritheadh in Aibreán 2021
Ón 1 Iúil 2021, cheadaigh comhaltaí Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh cealú an tobhaigh reatha €224 a bhíonn le híoc ag mic léinn faoi láthair agus tugadh isteach tobhach nua €140 ina ionad.
Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith athaontú oileán na hÉireann
D’éirigh leis i mí an Mhárta 2017
Tacaíonn Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin.
Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh
D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016
Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir polasaithe lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist.
Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí
D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016
Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach leis an díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin.
Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i dtaobh saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil
D’éirigh leis i mí an Mhárta 2015
Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil.
Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis
D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014
Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois.
Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar an bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus
Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael
D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014
Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS)
Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte
D’éirigh leis i mí an Mhárta 2013

Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine.
Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe
D’éirigh leis i mí an Mhárta 2012
Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.







Tá CÉIM ar an bhfód le hocht mbliana anuas, agus sa bhliain acadúil seo cuireadh seisiúin phiarfhoghlama in aghaidh na seachtaine ar fáil ar Zoom. Bhí 83% de na mic léinn rannpháirteach.
Ag tacú le heispéireas na chéad bhliana Chuir Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh tús le CÉIM, clár comhchuraclaim piarfhoghlama acadúla, in 2013 agus soláthraítear an clár trí chomhpháirtíocht idir mic léinn, foireann acadúil agus Comhaltas na Mac Léinn agus cuireadh ar fáil é do thimpeall ar 1,610 mac léinn in 2020/21. Sa bhliain acadúil seo nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, leanann CÉIM de thacú le mic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun an ardoideachais, lena sláinte agus folláine, lena ndul chun cinn agus lena scileanna inaistrithe a fhorbairt.
Buaicphointí 2020/21
• Cuireadh CÉIM in oiriúint gan stró chun an fhoghlaim ar líne a sheachadadh i rith na bliana acadúla go léir.
• Díríodh seisiúin CÉIM i mbliana níos mó ná riamh ar éascú do chomhphléití maidir le leideanna staidéir, agus ar shláinte agus folláine chun cuidiú le mic léinn dul i dtaithí ar an bhfoghlaim ar líne.
• Na mac léinn go léir ón 1ú bhliain ar tairgeadh CÉIM dóibh i mbliana, sannadh do ghrúpa beag Comrádaithe/Staidéir iad laistigh dá ngrúpa CÉIM chun cuidiú leo cairde nua a dhéanamh agus grúpa staidéir a bhunú.
• Tá an phleanáil faoi lán seoil chun CÉIM a chur i bhfeidhm a thuilleadh i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta in 2021/22.
• Foilsíodh an dara páipéar acadúil ar CÉIM i mí an Mhárta 2021, san Irish Educational Studies Journal an uair seo.
• Rinneadh triail arís i mbliana ar phróiseas comhchéime LIFT (liftireland.ie) le grúpa níos mó de cheannairí CÉIM. Chríochnaigh foireann Chomhaltas CÉIM an oiliúint sa Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) i mbliana, agus thosaigh siad ar an obair chun cleachtais DUF bhreise a leabú isteach in CÉIM.
An chaoi a n-oibríonn CÉIM
Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí mic léinn ó bhlianta níos airde éascaíocht ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga mac léinn de chuid na chéad bhliana. Cuirtear pobail foghlama ar bun ar an gcaoi sin, atá á dtreorú ag piaraí agus ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur.
Na huimhreacha a bhaineann le CÉIM, 2020/21
1,610 mac léinn difriúil ón 1ú bhliain ar tairgeadh CÉIM dóibh
2,200 mac léinn iolrach ón 1ú bliain ar tairgeadh CÉIM dóibh*
3 as 4

Pobail foghlama a thógáil go cianda in aimsir na paindéime
Soláthraíodh CÉIM in choláiste
17,100 uair an chloig de rannpháirtíocht na mac léinn in CÉIM
83% de mhic léinn incháilithe rannpháirteach in CÉIM
50%+ de na mic léinn rannpháirteach in CÉIM ar bhonn seachtainiúil i Seimeastar a hAon
20%+ de mhic léinn na nDán in iliomad ábhar
109 ceannaire mic léinn
99% ráta coinneála ceannairí
* Cuirtear CÉIM ar fáil do go leor de mhic léinn na nDán in iliomad ábhar
‘Ba é CÉIM buaicphointe na bliana acadúla. Is dócha go raibh sé ar an aon áit amháin inar éirigh liom aithne a chur ar dhaoine eile agus labhairt leo le linn na bliana.’
Mac léinn sa chéad bhliain, 2020/21 (Bealtaine 2021)
‘Ba é CÉIM an rud ab fhearr de mo chéad bhliain ar an ollscoil.’
Mac léinn sa chéad bhliain, 2020/21 (Bealtaine 2021)
‘Chuir sé spás fáilteach ar fáil chun treoir agus tacaíocht a fháil ó mhic léinn a bhfuil níos mó taithí acu.’
Mac léinn sa chéad bhliain, 2020/21 (Bealtaine 2021)




Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí ar líne le linn na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin.
I gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, cuireadh cúrsaí ar líne maidir le hOiliúint Nochta ar fáil arís do mhic léinn i mbliana, rud a chur ar a gcumas plé a dhéanamh go cuí le nochtadh foréigin ghnéasaigh.
D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn leis an Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc in FSS chun na cúrsaí ar líne LivingWorks Start a chur chun cinn ionas go mbeadh na scileanna ag mic léinn comharthaí contúirte a aithint ar dhuine atá i mbaol lámh a chur ina bhás féin.
Chuir Jigsaw Galway dhá Cheardlann Mheabhairshláinte ar líne ar fáil do mhic léinn OÉ Gaillimh, agus cuireadh áiteanna go léir na ceardlainne in áirithe.
Reáchtáladh sraith cúrsaí teanga comharthaíochta le linn na bliana ina bhfuair mic léinn na bunscileanna a theastaíonn chun comhrá a dhéanamh sa teanga chomharthaíochta le daoine bodhra.
Reáchtáladh ranganna Gaeilge ar líne i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus bhí an-tóir orthu. Cuireadh idir chúrsa do thosaitheoirí agus chúrsa athnuachana ar fáil.
Reáchtáladh ranganna saor in aisce nirt agus aclaithe in aghaidh na seachtaine faoi stiúir Lucia Byrne Fitness agus Jason Murray.
Reáchtáladh ranganna pilates ar líne saor in aisce freisin chun solúbthacht agus neart cabhlach na mac léinn a fheabhsú i gcomhar le Marie Hegarty Pilates.
Thapaigh mic léinn an deis é a thógáil go breá réidh agus a gcorp a shearradh ag ranganna Ióga a chuir an Comhaltas ar fáil ar líne le linn an dá Sheachtain Scíthe.
Níorbh fhéidir cuid mhaith de na gnáthchúrsaí Scileanna Saoil a reáchtáil i mbliana, faraor, mar thoradh ar na srianta de bharr Covid-19, lena n-áirítear: Oiliúint do Fhreagróirí Garchabhrach, Oiliúint Chairdiach do Fhreagróirí Garchabhrach, Oiliúint maidir le Cosaint Leanaí, Oiliúint i Scileanna Feidhmeacha Idirghabhála i dtaca le Féinmharú, safeTALK, Ealaíona Comhraic Measctha don Fhéinchosaint, Oiliúint ar Scileanna Beáir, Cúrsa Barista. Tá súil againn na cúrsaí sin a chur ar fáil arís i mbliain acadúil 2021/22.













Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, sraith imeachtaí uathúla ar mhaithe le carthanais i mbliana, agus bailíodh €13,000 dár gcarthanachtaí roghnaithe: Galway Autism Partnership, Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Helplink Mental Health.
Tacaíonn Galway Autism Partnership le teaghlaigh agus le daoine a dtéann neamhord de chuid speictream an uathachais i bhfeidhm orthu.
Tá Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú tiomanta do sheirbhís ghairmiúil, rúnda cúraim agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd sa phobal atá buailte ag an mí-úsáid gnéis agus foréigean gnéasach.
Is eagraíocht charthanachta é Helplink Mental Health agus cuireann siad seirbhísí inrochtana comhairleoireachta, faisnéise agus oideachais maidir le cúrsaí meabhairshláinte ar fáil go háitiúil (Iarthar na hÉireann), go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Sa Dúshlán Carthanachta thug mic léinn agus baill foirne de chuid OÉ Gaillimh faoi dhúshláin éagsúla gach mí ó mhí na Samhna go mí Aibreáin le hairgead a bhailiú do na carthanais. Chláraigh ní ba mhó ná 400 duine le páirt a ghlacadh i ndúshláin amhail Dúshlán na gCiliméadar, Dúshlán na gCineáltas gan Choinne, Do Rogha Dúshlán, Dúshlán na hAthbhliana agus Dúshlán Hair Raiser. Bhí anghlacadh leis na dúshláin le himeacht na 6 mhí agus is cinnte gur coincheap é a raibh an-rath air nuair a bhí srianta dianghlasála i bhfeidhm.
Reáchtálamar dhá ócáid theaspúla Biongó Gnéasbhréagáin le linn na bliana. Díoladh na ticéid go léir, agus cuireadh an t-airgead ar fad i dtreo charthanais an Chomhaltais. Ina theannta sin, reáchtálamar go leor imeachtaí ar líne amhail quizeanna, cainteanna, Daidí rúnda na Nollag, agus leaganacha carthanais de Chóisir Céadaoin Crua chun cur leis an méid airgid a bailíodh.
Reáchtálamar leagan OÉG de The Chase i gcomhar leis an gCumann Dlí in OÉG, FLAC agus ESLA. Paula Healy ó Flirt FM a bhí ina hóstach, agus bhí an-tóir ar fad ar an ócáid. Thairg cuid de bhaill foirne na hollscoile, Uachtarán OÉ Gaillimh ina measc, a bheith ina Chasers.
Leanamar de Stocaí Big Yellow Thing a dhíol ar líne agus ar an gcampas nuair ab fhéidir ár siopaí a oscailt. Cuideachta atá lonnaithe anseo i nGaillimh, Irish Socksciety, a dhear na stocaí, agus tugtar ómós ar na stocaí do dhealbh aitheanta “Galway Yellow” (ar a dtugtar Big Yellow Thing freisin) ar an gcampas. Cuireadh an t-airgead uile ó dhíolacháin na stocaí i dtreo chiste carthanachta an Chomhaltais agus bhí an-tóir ar na stocaí mar bhronntanais do alumni, mic léinn agus don fhoireann.






Imeachtaí do Lucht na Chéad Bhliana
Cuireadh tús leis an mbliain beagán ní ba dheireanaí ná mar is iondúil, agus bhunaigh an Comhaltas tob-ionad sa Chearnóg chun fáilte a chur roimh mhic léinn chun an champais. Dáileadh maisc, dialanna an Chomhaltais, cártaí an Chomhaltais agus Pleanálaithe Balla Flirt FM ar mhic léinn nua. Bhí sé sin ar cheann den líon beag deiseanna a bhí ag go leor mic léinn bualadh leis an gComhaltas le linn na bliana.
Cóisir na Céadaoin Crua
Reáchtáladh Cóisir na Céadaoin Crua de chuid an Chomhaltais gach Céadaoin ar feadh 25 seachtain, agus b’iontach an deis iad do mhic léinn bualadh le chéile ar bhealach neamhfhoirmiúil ina bhfuil craic, cairdeas gasta agus go leor duaiseanna le buachan. Steve Bennett, fuirseoir, a rinne na himeachtaí seachtainiúla a óstáil. Bhí an oiread sin tóir ar an gcoincheap gur chuir Comhaltais eile a leagan féin den choincheap ar fáil, agus tá dhá leannán ar a laghad ann a chas lena chéile ag na gcóisirí sin!
Fuáil agus bitseáil
Chuir Emma, an tOifigeach Oideachais, agus Niamh, intéirneach CÉIM, grúpa fuála agus bitseála ar bun gach Máirt. Bhí an lucht ceardaíochta in ann teacht le chéile ar líne le haghaidh comhrá agus iad ag obair ar a gcuid tionscadal féin, agus bhí deis acu leideanna a mhalartú.
Siúlóid Mhí Dheireadh Fómhair agus Céimeanna Mhí an Mhárta
Bhí líon mór de bhaill foirne agus de mhic léinn na hollscoile páirteach i Siúlóid Mhí Dheireadh Fómhair agus i gCéimeanna Mhí an Mhárta i mbliana. Chláraigh 98 bhfoireann don dúshlán céimeanna i mí Dheireadh Fómhair agus chláraigh 60 foireann eile don dúshlán i mí an Mhárta. Chabhraigh na himeachtaí sin le gach duine fanacht aclaí agus nasctha cé go raibh siad i bhfad óna chéile.
Oícheanta Scannáin
Reáchtáil an Comhaltas roinnt cóisirí ar an Déardaoin chun breathnú ar scannáin le linn na bliana, agus b’imeacht sóisialta eile ar líne a bhí ann do na mic léinn.
Comórtas na 6 Náisiún
D’eagraigh cuid d’oibrithe deonacha an Chomhaltais comórtas chun torthaí chluichí rugbaí na 6 Náisiún a thuar. Bhí an-tóir ar fad ar an gcomórtas agus bhí dearbháin Just Eat le buachan.
Bácáil in éineacht
Arís eile, sheas oibrithe deonacha an Chriú Siamsaíochta isteach chun rang bácála a óstáil ina ndearna mic léinn borróga bunaithe ar théama Lá Fhéile Pádraig.
Cultúr trí Choiméide
D’oibrigh an Comhaltas as lámha a chéile leis an Oifig Idirnáisiúnta agus Steve Bennett, fuirseoir, chun imeachtaí ‘Cultúr trí Choiméide’ a chur le chéile. Bhí sé mar aidhm leo gnéithe de chultúr na hÉireann a mhíniú do mhic léinn ó thíortha eile ar bhealach spraíúil. Deis iontach a bhí ann foghlaim faoi na cosúlachtaí inár gcultúir agus inár dtraidisiúin.
Daidí na Nollag rúnda
Roimh an Nollaig, d’eagraigh an Comhaltas Daidí na Nollaig rúnda inar cuireadh mic léinn le chéile chun bronntanais a cheannach dá chéile chun misneach a ghlacadh. D’éirigh thar cionn leis an ócáid agus tiomsaíodh airgead do charthanais an Chomhaltais freisin.
Clárú vótálaithe
Lean an Comhaltas de mhic léinn a spreagadh chun clárú le vótáil i rith na bliana le Feachtais Cláraithe Vótálaithe do vótálaithe céaduaire, mar aon le Céimithe a spreagadh chun clárú dá vóta i dtoghchán Sheanad Éireann.
EYE on the Edge
Lean an Comhaltas de bheith ag obair le Gaillimh 2020 agus le grúpaí pobail eile i rith na bliana ar thionscadal EYE on the Edge a bhí ar siúl in Aibreán 2021 agus bhí an-rath air.









Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, i rith na bliana acadúla, 2020/21. Áirítear ina measc feachtais maidir le leas, ag díriú ar mheabhairshláinte agus sláinte ghnéis, mar aon le feachtais feabhsaithe éagsúlachta, feachtais inbhuanaitheachta agus feachtais eile nach iad.
Reáchtáladh an feachtas #RipOffNUIG i rith na bliana chun béim a leagan ar chostais ollmhóra an oideachais atá ar mhic léinn OÉG – roimh an bpaindéim agus lena linn. Dhírigh an feachtas seo ar na táillí a bhaineann le scrúduithe a dhéanamh arís, agus cuireadh ar an ngearrliosta é le haghaidh fheachtas rochtana na bliana ag Gradaim Éachtaí Mac Léinn in Éirinn. Chuir go leor leor mic léinn spéis san fheachtas, agus scaip sé go rábach ar na meáin shóisialta.
I mí Mheán Fómhair, seoladh an feachtas náisiúnta #EducationForAll. Seoladh gealltanas AMLÉ ar líne agus d’iarramar ar Theachtaí Dála agus ar ionadaithe áitiúla tacú leis. Reáchtálamar laethanta gnímh, agóidí comharthaí inar cloíodh leis an scaradh sóisialta, agus glaonna teileafóin ar an mórscála. Bhuaileamar freisin le gach aon Teachta Dála as Gaillimh maidir le cúrsaí lóistín, go háirithe aisíocaíochtaí. Reáchtáladh imeachtaí na Seachtaine Meabhairshláinte go fíorúil i mí na Samhna chun mic léinn a spreagadh chun am a thógáil le haire a thabhairt dá meabhairshláinte, chun feasacht a mhúscailt agus chun comharthaí fadhbanna meabhairshláinte a aithint. Le linn na seachtaine meabhairshláinte, reáchtáladh ranganna aireachais, painéil ar an bhféinchúram agus ar an gcloíteacht le linn na paindéime, seisiúin oideachais maidir le neamhord itheacháin agus cúrsaí meabhairshláinte i measc na dTaistealaithe, cainteanna ar shábháilteacht drugaí, ranganna spóirt srl. Roimhe sin, dhéanaimis Lá Idirnáisiúnta na Meabhairshláinte a cheiliúradh ar an gcampas.
Go déanach i mí Dheireadh Fómhair, reáchtáil an tOifigeach um Míchumas clinicí bualadh isteach maidir le cearta na mac léinn, agus leanadh leis na clinicí i rith na bliana. D’eagraigh an tOifigeach um Chúrsaí Mac Léinn Lánfhásta clinicí seachtainiúla le haghaidh mic léinn lánfhásta freisin chun fadhbanna a bhí acu a phlé srl.
Cuireadh Seachtain SHAG na bliana ar siúl go fíorúil ag tús mhí na Nollag. Reáchtálamar raon leathan imeachtaí, lena n-áirítear oiliúint maidir le nochtadh le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Active* Consent, ceardlanna maidir le sláinte ghnéis LGBT+ agus ceardlanna ar mhí-úsáid ghnéis bunaithe ar íomhánna. Cuireadh an dara seachtain SHAG ar siúl i mí Feabhra sa dara seimeastar, agus reáchtálamar ceardlanna ar mhuinín choirp, ceardlanna ar an toiliú, agus plé painéil ar an ngnéasoideachas i scoileanna na hÉireann. Cuireadh Biongó Gnéasbhréagáin ar siúl chun clabhsúr a chur leis an dá sheachtain SHAG. Bhí an-tóir air agus tiomsaíodh breis is €1,200 le haghaidh charthanais an Chomhaltais.
Reáchtáladh Seachtain na Gaeilge sa tseachtain deiridh de sheimeastar 1. Ar na gníomhaíochtaí a cuireadh ar siúl, bhí ciorcail chomhrá, maidineacha caife, agus cluichí fíorúla amhail Among Us trí Ghaeilge leis an gCumann Gaelach, agus imeachtaí eile nach iad. Cuireadh seisiúin oideachais ar fáil i rith na bliana freisin amhail “Ba bhreá liom a bheith in ann Gaeilge a labhairt ach…” chun breis daoine a spreagadh leis an nGaeilge a fhoghlaim, agus plé painéil maidir leis an nGaeilge a fhoghlaim sna 6 chontae.
I mbliana d’fhorbraíomar agus reáchtálamar meitheal inbhuanaitheachta ina bhféadfadh daoine a raibh spéis acu in aon réimse den inbhuanaitheacht páirt a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil céimeanna á nglacadh ag an ollscoil le bheith chomh cairdiúil don chomhshaol agus is féidir. I mí Feabhra, chuireamar tús le Luanta na hInbhuanaitheachta gach Luan. Mar chuid de na tionscnaimh inar ghlacamar páirt i mbliana, rinneamar iarracht mic léinn a spreagadh le páirt a ghlacadh i Luanta gan Feoil agus i seisiúin glanta trá, agus dul amach ag siúl. Scaipeamar cupáin choinneála agus buidéil uisce in-athúsáide freisin, agus d’eagraíomar seisiúin glanta trá nuair ab fhéidir é sin a dhéanamh faoi na srianta a bhí i bhfeidhm.
Bhí an dara heagrán, agus an t-eagrán deiridh, de Sheachtain na Gaeilge i mbliana ar siúl ar feadh na chéad 3 seachtaine i mí an Mhárta. Bhí an-rath go deo air in ainneoin gur reáchtáladh gach aon rud ar líne de bharr na paindéime. Chuireamar imeacht amháin sa lá ar siúl, mar shampla maidineacha caife, biongó, agus cainteanna oideachais le hEoghan Mac Cormaic agus cainteoirí éagsúla.
An tseachtain feachtais deiridh a d’eagraíomar i mbliana ná an tSeachtain Éagsúlachta i mí Aibreáin agus cuireadh imeachtaí ar siúl amhail plé painéil ar ghluaiseacht Black Lives Matter, Taistealaithe san Ard-Oideachas, agus cúrsaí éagsúlachta sa spórt. Reáchtáladh cainteanna ar an éagsúlacht sa pholaitíocht agus ar stair an Bhróid in Éirinn, leis. Deis a bhí ann glór na ngrúpaí éagsúla in OÉ Gaillimh a threisiú agus cabhrú le daoine foghlaim faoi na rudaí sin.
Bhí ár Seachtainí Scíthe bliantúla ar siúl i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine chun deis a thabhairt do na mic léinn a scíth a ligean roimh na scrúduithe. Chuireamar ióga, cainteanna ar an gcorpacmhainn, bristeacha breacaireachta, babhtaí traenála, quizeanna, Fuáil & Bitseáil, agus comhráite ar chúram craicinn ar siúl mar chuid den tseachtain.


















Siopa Chomhaltas na Mac Léinn
Coinneoidh Siopa Chomhaltas na Mac Léinn, an t-aon siopa áise amháin ar an gcampas, le nuachtáin ar lascaine, uisce, torthaí agus gach riachtanas stáiseanóireachta agus grósaeireachta a sholáthar i rith na bliana.
Ina theannta sin, más rud é go dteastaíonn stáiseanóireacht uait ach nach féidir leat teacht chuig an siopa, féach ár nOllmhargadh Stáiseanóireachta ag http://nuig.stationerysuperstore.ie/ agus bain tairbhe as SEACHADADH IN AISCE ar gach ordú os cionn €20!
Tá Húdaí na hOllscoile le fáil i Siopa an Chomhaltais freisin! Tá raon leathan d’earraí oifigiúil OÉ Gaillimh le fáil sa siopa, lena n-áirítear húdaithe, t-léinte, agus stáiseanóireacht OÉ Gaillimh.
Cuireadh cuma úrnua ar an Siopa freisin nuair a cuireadh isteach soilsí nua LED agus comharthaíocht nua taobh istigh agus taobh amuigh. Cuireadh gó mór leis an eispéireas siopadóireachta mar thoradh orthu sin, agus laghdaíodh ár dtomhaltas fuinnimh go mór. Tá ár ranna grósaeireachta agus earraí tí leathnaithe againn freisin, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca na bunriachtanais uile a cheannach go tapa ar an mbealach abhaile duit!
Lean an Siopa de bheith san iomaíocht i gcoinne na siopaí móra is fearr, agus leanamar de bheith níos fearr ná iad freisin! Bronnadh Gradam 5 Réalta, an gradam náisiúnta is fearr, le déanaí ar Ár Siopa ag Gradaim Shiopa na Bliana de chuid XL as na caighdeáin is airde sa tionscal a bhaint amach agus a choinneáil.
Sult
Bhí go leor imeachtaí ar siúl arís in 2019/2020 sa bheár nó san ionad bia / ceoil / spóirt bheo / imeachtaí is fearr ar an gcampas – suas go dtí an 12 Márta 2020 ar ndóigh! Chuireamar ar siúl an líon ba mhó riamh de sheónna beo, cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, beárbaiciúnna, píotsaí saindeartha, agus oícheanta bia dána.
Táimid ag obair go crua sa chúlra chun an Biachlár Dána a nuashonrú; chun luach iontach agus níos mó roghanna veigeánacha a chur ar fáil amhail an burgar veigeánach úrnua agus roghanna breise dár raon Boscaí Bia agus Ceapairí. Beidh tús á chur againn go luath le seirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ le gur féidir tairbhe iomlán a bhaint as d’am sosa gach lá!
Lean ár mBoscaí Bia de gach aon éileamh a shásamh, ag dul ó neart go neart taobh lenár dtairiscint Bia Sráide nua, agus d’éirigh linn níos mó de na deochanna is fearr leat, margaí iontacha agus lascainí speisialta a chur ar fáil ná riamh roimhe sin!
Bíonn ríméad orainn gach bliain raon ollmhór imeachtaí a chur ar siúl agus tacú leo, lena n-áirítear iad siúd thíos agus go leor eile nach iad!
• 110 x Cóisir Ranga
• 110 x Ócáid Cumann
• 90 x Cóisir Clubanna
• 120 x Cóisir foirne roinne agus iarchéime
• 20 x Imeacht Tiomsaithe Airgid ar son eagraíochtaí daonnúla agus carthanas
• 45 x Ócáid Chomhaltas na Mac Léinn
• 105 x Imeacht Beo Spóirt ar na scáileáin mhóra
• Craoltaí Beo don Náisiún!
Chomh maith leis na DJanna is ansa libh, bannaí ceoil, fuirseoirí, cáirióice agus oícheanta dána cabaret, craic ar an áit suí amuigh cois abhann is deise agus neart eile nach iad!
Agus ná déan dearmad – cuirtear méaróga bia ar fáil in aisce do gach cumann, club agus cóisir ranga nuair a eagraítear imeacht dá chuid in Sult. Is muide a íocfaidh as, mar táimid chomh hálainn sin! Chomh maith leis sin, saorchead isteach sa chlub oíche an oíche sin!
Chomh maith le tairiscintí speisialta rialta agus tabhartais in aisce, lean Sult de leite saor in aisce a thabhairt amach le gach cupán tae/ caifé ar maidin lena chinntiú nach mbeadh mic léinn OÉ Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe i míonna fuara an gheimhridh!
Smokey’s Café
Is é Smokey’s Café an áit is fearr fós ar an gcampas chun do scíth a ligean/bualadh le cairde/d’oíche amuigh a phleanáil agus tú ag ól an chaife is fearr ar an gcampas! Tá ár bhfoireann ag súil go mór libh go léir a fheiceáil arís go luath. Táimid ag obair ar tháirgí blasta nua ar ár mbiachláir don bhricfeasta, don lón agus don tráthnóna, agus sílimid go mbeidh an-tóir ag ár gcustaiméirí orthu! Coinnigh súil amach le haghaidh tairiscintí agus promóisin rialta uainn. Bíonn siad á nuashonrú againn gach mí i rith an téarma, agus cuirimid fáilte roimh mholtaí i gcónaí freisin.
Cárta an Chomhaltais
Tá luach níos mó, lascainí agus rudaí saor in aisce ag baint le Cárta an Chomhaltais, cárta atá saor in aisce, le 11 bhliain anuas. Tá sé seo ar fáil i ngach áit miondíola de chuid Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn agus is bealach é chun buíochas a ghabháil leis na mic léinn agus baill foirne a thugann tacaíocht dúinn ar feadh na bliana, gach bliain – gan sibh, ní bheimis ann!
An Inbhuanaitheacht
Bímid ag obair i ndlúthchomhar le Ethnical Coffee Co., cuideachta anseo i nGaillimh, agus le Fairtrade Ireland. Maidir leis an tae, caife, siúcra agus blastán i ngach ceann d’ionaid mhiondíola Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn, is táirgí cóirthrádála orgánacha iad go léir mar thoradh ar an gcomhar sin. Caife 100% arabica, fásta sa scáth, ó Puro, atá inár gcaife go léir. Ar an gcaoi sin, tá sé ar an gcaife is fearr agus is eiticiúla atá ar fáil áit ar bith ar an gcampas nó gar dó. Tá na cupáin, cláir, corraitheoirí srl. uile inmhúirínithe chomh maith! Chomh maith leis sin, is é an luach is fearr ar an gcampas é. Ar aghaidh leat mar sin, bí cineálta leat féin!
Athinfheistiú ionatsa
Faoi mar a dhéantar i gcónaí, déantar gach brabús ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú chun na seirbhísí go léir a chuirimid ar fáil duitse a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud uathúil faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn is ea go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann.
Tugann Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teoranta (Sult, Smokey’s agus Siopa an Chomhaltais) €30,000 do Choiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gurb é an ranníocóir is mó leis an gciste é. Tugann ár gcuideachta seirbhísí tráchtála breis agus €250,000 don ollscoil chun cabhrú leis na seirbhísí go léir a sholáthraítear ann a mhaoiniú agus tugann an chuideachta €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn.
Déantar na ranníocaíochtaí go léir a luaitear thuas beag beann ar bhrabúsacht, chun cabhrú leis an obair luachmhar a bhíonn ar siúl ag na páirtithe faoi seach.



CÓTAÍ
Fostaíocht Mic Léinn
Is mic léinn iad níos mó ná 85% dár bhfoireann ar fud ár n-aonad oibríochta go léir – Sult, Smokey's, agus Siopa an Chomhaltais. Ar an gcaoi sin, coinnítear ár n-ioncam trádála ar an gcampas agus i do phócaí!
Urraíocht ar Imeachtaí Mic Léinn I gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ag carthanais, clubanna agus cumainn éagsúla na hOllscoile.
Taisceadáin
Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais.
Cártaí Leap do Mhic Léinn
Tá Comhaltas na Mac Léinn ina ghníomhaire do Chárta Leap na Mac Léinn, rud a thugann lascainí iontacha do mhic léinn ar thaisteal mar aon le lascainí agus tairiscintí i raon mór siopaí. Féadann mic léinn leas a bhaint as seirbhís bhreisithe sa Chomhaltas freisin chun creidmheas a chur ar a gCártaí Leap agus chun tuilleadh airgid a shábháil.
Leabhair Athláimhe
Bíonn leabhair athláimhe á ndíol le mic léinn ag an tseirbhís leabhar athláimhe thar ceann na mac léinn. Cabhraíonn sé sin le costais na leabhar a choinneáil íseal, cuireann sé airgead breise ar fáil do mhic léinn, agus cuireann sé an inbhuanaitheacht chun cinn.
Seomra Cótaí Chomhaltas na Mac Léinn
Tá an seomra cótaí á fheidhmiú agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn. Is mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, agus cuirtear an tseirbhís ar fáil saor in aisce do mhic léinn i rith an téarma.
Dialann Chomhaltas na Mac Léinn
Scaipeadh cóipeanna saor in aisce de dhialanna Chomhaltas na Mac Léinn ar mhic léinn sa chéad seimeastar, mar aon le maisc saor in aisce. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá sa dialann agus tá eolas ann ar Sheirbhísí an Chomhaltais, ar dhátaí na scrúduithe, ar áiseanna ar an gcampas, agus ar Chlubanna agus ar Chumainn.

AN CHOMHALTAIS
Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais
SEOMRA
Chomhaltas
Chomhaltas

Clár Scileanna Saoil
Siamsaíocht an Chomhaltais
Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS
SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E



Maireann bliain airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Baineann na sonraí thíos leis an mbliain dar chríoch an 30 Meitheamh 2020, agus tugtar figiúirí ó Mheitheamh 2019 chun críocha comparáide.
Bhí gach rud ag dul mar a rabhthas ag súil leis go dtí Márta 2020. Dúnadh an campas ar an 12 Márta, agus bhí tionchar áirithe aige sin ar ár n-ioncam. Chuir sé srian ar ár ngníomhaíochtaí, rud a chuir isteach ar ár gcaiteachas.
Maidir le hioncam, níor tháinig aon athrú ar Thobhach na Mac Léinn ná ar an leithdháileadh ó Tháille na Mac Léinn. Bhí an t-ioncam ó thaisceadáin a ligean ar cíos, leabhair athláimhe agus díolacháin cártaí Leap mar a raibh súil leis, agus tháinig laghdú ar an ioncam sin nuair a dúnadh an campas. Tháinig deireadh leis an ioncam míosúil ónár seirbhísí tráchtála i mí an Mhárta nuair a stop na seirbhísí sin den trádáil.
An t-athrú ba mhó a tháinig ar an ioncam sa bhliain dar chríoch Meitheamh 2020 ná cistiú CÉIM. Tháinig méadú ar an gcistiú sin go dtí €148,767. Lean CÉIM de bheith ag fás agus chuimsigh an cistiú costais go léir CÉIM sa bhliain, nach mór.
Tugann an Ollscoil maoiniú ón ranníocaíocht €3,000 atá le híoc ag mic léinn i láthair na huaire, ach tá an ranníocaíocht sin ar an ráta is lú i measc ollscoileanna na tíre. Faigheann comhaltais mac léinn eile an chuid is mó dá maoiniú ó ranníocaíocht na mac léinn, agus ní bhíonn drochthionchar ar thacaíochtaí eile ina n-institiúidí mar thoradh air sin. Beidh ár n-ioncam ar aon dul le hioncam comhaltas eile mar thoradh ar an tobhach níos mó a bheidh dlite in 2021 / 2022 mar aon leis an gcistiú measartha íseal ón ollscoil.
Féachann an Comhaltas lena acmhainní a úsáid ar mhaithe lena bhaill agus breathnaítear ar an gcaiteachas go léir ar an mbealach sin. Bhain 43% den chaiteachas le hIonadaíocht agus Seirbhísí, agus bhain 15% le Cúrsaí Oifige agus Riaracháin. Costais Foirne agus Oifigeach a bhí i gceist leis an 42% eile.
Taifeadadh barrachas €126,218 ag deireadh na bliana seo caite. Tharla sé sin go príomha mar gheall gur tháinig laghdú ar ár gcaiteachas de bharr na paindéime. Cé nach ndéanaimid buiséadú do bharrachas ag an leibhéal sin, tuigimid go rímhaith gur eagraíocht san earnáil phríobháideach muid agus go dteastaíonn clár comhardaithe láidir agus airgead ar láimh uainn chun muid a choinneáil seasmhach. Tá an neamhchinnteacht a bhaineann leis an bpaindéim ag cur isteach ar ár n-ioncam, ach bíonn formhór ár gcostas míosúil le híoc againn gach mí i gcónaí.
Chomh maith leis sin, mar chomhlacht ionadaíoch, caithfimid a chinntiú go bhfuil na hacmhainní againn chun ligean dúinn freagairt do shaincheisteanna nach bhfuil smacht againn orthu. Chuir an Ollscoil in iúl dúinn i Márta 2021 go raibh amhras ann maidir le cistiú CÉIM do 2020-2021. Tá súil againn go dtiocfar ar réiteach éigin, agus bhí an t-ádh linn go raibh sé ar ár gcumas brath ar ár gcúlchistí le cinntiú gur leanadh de CÉIM a sheachadadh i mbliain a bhí thar a bheith deacair do na mic léinn.
Mar is iondúil, tá iniúchadh déanta ar na cuntais bhliantúla don bhliain dar chríoch an 30 Meitheamh 2020 agus cuireadh iad faoi bhráid Bhord Iontaobhaithe Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh.




















