Skip to main content

gd_sport_dec24_newsletter_v1

Page 1


Nuachtlitir Spóirt Nollaig 2024

Cluichí Gaelacha i gCroílár na Scoile

Nuair a bunaíodh an scoil i 2015 ní riabh ach 16 dalta againn idir buachaillí agus cailíní ach bhí muid cinnte de go mbeadh na Cluichí Gaelacha lárnach i saol na scoile. Is iontach linn go bhfuil rath agus bláth ar an ghné seo d’obair na scoile agus ní mór aitheantas a thabhairt do na ceannródaithe idir daltaí agus múinteoirí a chuidigh leis an fhís sin a fhíorú.

Corpoideachas Ginearálta –Rannpháirtíocht gach aon dalta!

Níl gach uile dalta go maith ag an spórt iomaíoch ach is féidir le gach dalta an aclaíocht agus an ghníomhaíocht fisiciúil a fhorbairt ina nósmhaireacht agus saol folláin a bheith acu. Tá na ranganna corpoideachas dírithe ar an rannpháirtíocht, an spraoi agus an folláine a spreagadh i measc na ndaltaí agus tá ag éirí go hiontach leo.

Gaelic Games have been at the heart of Gaelcholáiste Dhoire since it’s foundation in 2015. Founding staff members such as Connla Ó Coinn and Susan Uí Mhianáin laid solid foundations and the school has gone from strength to strength since then. We are the new kids on the blockbut are punching well above our weight. Pupils who are interested in playing competitive sport can do so here in GCD and we have seen that our school is successful at the highest grades in Ulster.

Is beag dalta a chailleann an rang corpoideachas. Bíonn siad ag tabhairt faoin ghleacaíocht agus an damhsa fiú amháin! Shílfeá go mbeadh faitíos ar dhaltaí airithe bheith ag damhsa sa rang ach is cosúil go mbaineann siad uilig sult as na ranganna agus is beag dalta a thugann leithscéal leis an rang a chailleadh ar na saolta seo!

While competitive team sports have been extremely successful in Gaelcholáiste Dhoire, the PE curriculum has been devised to ensure that all students engage, enjoy and benefit from physical activity - which contributes to healthy lifestyles.

As well as inclusive team sports, pupils engage in gymnastics, circuit training and dance. The pupils love their PE classes and participation is extremely high.

Imeachtaí Seach

Churaclaim gach

Céadaoin

Cruthaíodh seisiún ar leith le himeachtaí seach churaclaim a chur ar fáil sa scoil cúpla bliain ó shin agus cuireann sé deis ar fáil do bhainisteoirí na foirne greim a fháil ar a n-imreoirí agus seisiún luachmhar traenála a eagrú leo.

Bíonn gach páirc atá ar fáil in úsáid againn go seachtainiúil. Glacann busanna na scoile imreoirí amuigh go dtí an Abhainn Bheag go fiú!

Dúirt Conor Mac Alastair, atá mar chomhordaitheoir ar imeachtaí seach churaclaim “Bíonn gach ball foirne ag cuidiú le cinntiú go bhfuil imeachtaí fiúntacha curtha ar fáil do dhaltaí na scoile tráthnóna Chéadaoine”

Tá súil againn go mbeidh ár bpáirceanna imeartha féin againn gan mhoill agus cinnteoidh sin go mbeidh an traenáil uilig curtha i gcrích ar shuíomh na scoile.

Most pupils at the school travel to the Gaelcholáiste by bus and taxi so organising after school training has been a challenge.

The Wednesday afternoon extra-curricular session provides an important opportunity for teams to train without pupils missing the bus home! The school books all available pitches in Dungiven and Owenbeg for that session and have nearly 200 pupils engaging in team preparation at different age groups.

Iománaíocht Sinsir: Ó

Scaith Mhic Áismint go Corn Mhig Aedhín i bhfaiteadh na súl!

Bhí slua mór i láthair ar an Abhainn Bheag, oíche fhuar I mí na Samhna. Ócáid stairiúil a bhí ann mar go raibh dhá fhoireann ó Chontae Dhoire ag imirt in éadán a chéile i gCorn Mhig Aedhín. Ní furasta a bhí an turas go dtí an oíche úd agus is beag scoil atá ábalta áit a ghnóthú i gComórtas Mhig Aedhín gan ach trí bliana slán ag an fhoireann sinsear. Bhí buanna iontacha againn i Sciath agus i gCorn Mhic Áismint le cúpla bliain anuas agus tá na buachaillí dírithe ar chluichí a bhaint ag an leibhéal is airde sa chúige. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le h-iománaithe Bl14 atá ag críochnú i mbliana as ucht na rudaí iontacha a rinne siad don iomáint sa scoil agus na cuimhní iontacha uilig a thug siad dúinn le ó bunaíodh an fhoireann.

The senior hurling team has gone from strength to strength since it was founded three years ago. The team won the Casement Shield in its’ first year, the Casement Cup in year 2 and are one of only two Derry schools competing in the top flight Mageean Cup in the third year of the teams existence. While hurlers in more established schools stand on the shoulders of giants, the boys and girls of Gaelcholáiste Dhoire are writing their own place into the history books and are set to continue in the coming years.

Camógaíocht Sóisir - Seaimpíní Uladh!

Leanann cailíní an Ghaelcholáiste ar aghaidh ag cruthú na staire nuair a bhain siad Sciath Bhríde an téarma seo. Ba é seo an chéad uair dúinn an chomórtas a bhaint i stair na scoile agus bhí cluiche den scoth ag na cailíní in éadán Coláiste Iósaef, An Domhnach Mór, Co Thír Eoghain.

Déanaimid comhghairdeas ó chroí leis an fhoireann agus leis an lucht bainistíochta as an bhua iontach.

Déanaimid comhghairdeas fosta le Saorla a bhí ainmnithe mar Laoch na hImeartha.

Tá muid an-bhródúil as na cailíní uilig.

The girls have made history by winning Sciath Bhríde for the first time in the school’s history! Congratulations to the team and management on this incredible achievement. A special congratulations to Saorla, who was named Player of the Match. We are so proud of them all!

Camógaíocht Sinsir- foireann GCD fríd chuig an Chluiche Ceannais!

Comhghairdeas mór le foireann sinsir camógaíochta na scoile a bhain a gcluiche ceathrú ceannais de Chorn Róisín Mhic Mháinúis in éadan Scoil Gramadaí an Rátha Mhóir lá fuar feanntach i mí na Samhna agus a bhain arís sa chluiche Leath-Cheannais in éadán Coill an Chollaigh, Co an Chabháin ar na mallaibh.

Beidh cluiche ceannais le himirt acu gan mhoill agus iad ag súil go mór le ionadaíocht láidir a dhéanamh ar an Ghaelscolaícoht mar fhoireann neamhspléach GCD don chéad uair. Guímid gach rath ar na cailíní sa chluiche ceannais.

Big congratulations to the senior camogie team who are through to the final of the Róisín McManus Cup. They held off Rathmore Grammar School in the quarter final and Bailieborough in the semi-final to secure the right to play for silverware. Having played as part of a combined team with two other schools for a number of years, the school team has now come of age and has reached a final in their own right. Ádh mór ar na cailíní!

Peileadóirí Sinsir san iomaíocht do Chorn Faul

Bhí cúpla bua den scoth ag an fhoireann shinsir peile ar na mallaibh. Bhí siad i ngrúpa dúshlánach le roinnt scoileanna móra gramadaí ach tháinig siad amach as an ghrúpa agus ghnóthaigh áit sa cluiche ceathrú ceannais anois. Guímid gach rath orthu sa chomórtas.

The senior football team has had a couple of great wins recently, most notably against a very strong Loreto Coleraine team in the group stages. They are now through to the quarter finals of the Faul Cup.

Glún úr iománaithe ag teacht chun cinn!

Bhí bua iontach ag buachaillí bliain 11 i leath craobh an Corn Leonard in éadan CPC. Bua stairiúil mar is é seo an céad uair a bheadh an scoil i cluiche ceannais A. Tá clú na hiomána ar Choláiste na Croise agus na Páise le fada an lá agus is léiriú é ar na hiománaithe láidre atá againn i measc daltaí níos óige sa scoil. Is cinnte go mbeidh Gaelcholáiste Dhoire ag iomaíocht ar an leibhéil is airde sna blianta amach romhainn.

Hurling success is not confined to the Senior Hurling team in GCD. The Year 11 hurlers won their semi-final against Cross and Passion College, Ballycastle to book their place in the final of the A Grade Leonard Cup- go n-éirí leo.

Peil Bhliain 10 agus Sciath

Nannery

Bhí bua den chéad scoth ag an Ghaelcholáiste i ndiaidh chluiche fisiciúil iomaíoch.

Bhí na Cealla Beaga chun tosaí ar feadh chuid mhaith den chéad leath mar gheall ar thrí chúl go luath sa chluiche, ach d’oibrigh gasúir an Ghaelcholáiste go crua le dul isteach cúilín chun tosaí ag leath ama. Ghlac GCD cúpla scór galánta sa dara leath agus choinnigh siad a smacht le háit a fháil sa chluiche ceannais. Is léiriú iontach an bua seo ar an mhianach domhain atá san fhoireann seo agus níl aon dabht ach go bhfuil seans iontach acu sa chluiche ceannais. Maith iad!

Buanna aonaracha a bhí ag daltaí ar na mallaibh

We also like to celebrate pupil’s individual achievements.

Cicdhornálaíocht

Patrick, dalta bliain 13, a ghlac páirt i gCraobhchomórtais Cicdhornálaíochta Domhanda WKU sa Ghréig. Bhuaigh sé bonn airgid ina chatagóir.

Patrick took part in the World Kickboxing Championship in Greece and won silver in his category.

Snámh

Gaelcholáiste Dhoire produced an excellent team performance to beat Killybegs in a tight, physical game. Killbegs were in the lead for most of the first half thanks to three early goals, but GCD fought back to lead by a point at half time. The team converted a number of superb scores in the second half and kept their discipline to win by three points and earn a place in the final. Maith sibh a bhuachaillí!

Iománaithe Bhliain 9 ag baint!

Fuair iománaithe Bhliain 9 an lámh in uachtar ar lucht an fhreasúra i gcluiche ceannais Sciath Mhic Con Midhe an téarma seo. D’imir siad in éadán foireann láidir a chuir Coláiste Naomh Louis, An Baile Meánach chun páirce leis an éacht seo a bhaint amach agus táimid ag dúil le tuilleadh éachtaí ó na buachaillí seo sa todhchaí!

The Year 9 hurlers fought a tough match against St Louis Ballymena to claim the McNamee Shield for the very first time! A brilliant achievement!

Sacar

Is breá leis na buachaillí an sacar chomh maith leis na cluichí Gaelacha. D’iarr siad ar Paul foireann a thabhairt le chéile agus rinne sé rud orthu anuraidh. D’imir siad go hiontach agus d’éirigh leo an grúpa ina raibh siad a bhaint agus fáil fríd an bealach uilig go dtí an cluiche ceannais.

Last year was the first year that Gaelcholáiste Dhoire had a Soccer team. They entered the Small Schools Cup and made their way to the final which was held in Belfast.

Ghlac Shane Ó Fiacha (Bl11) páirt in comórtas snámha ag an a lig dó cáiliú do Chraobhchomórtas

Uladh ar an mhí seo chugainn agus an Craobh Uile-Éireann i mí na Nollag. Guímid gach rath air.

Shane took part in a swimming competition which allowed him to qualify the Ulster Championships and December’s All-Ireland Championships. We wish him all the best.

Taekwon-do

Comhghairdeas le Fiachra, BL9, a bhí san iomaíocht i gcomórtas “Taekyon Open Taekwon-do” san Ollainn le linn téarma 1. Tar éis trí thaispeántas iontacha bhuaigh sé 2 bhonn airgid agus 1 bhonn cré-umha.

Congratulations to Fiachra, Yr9, who competed in Taekyon Open Taekwon-do tournament in Holland this term with the NI Junior team. After three great performances he won 2 silver medals and 1 bronze medal competing in pattern and sparring categories.

Scoth-Réalta Camógaíochta

Roghnaíodh triúr dalta, Saoirse, Caitlin agus Niamh freastal ar na trialacha scoth-réalta ag campas Bhaile Shiurdáin D’imir na cailíní go cróga. Déanaimid comhghairdeas ó chroí le Niamh as a scoth-réalta. Tá muid an-bhródúil aisti.

Scotch Réalta Iománaíochta

Bronnadh Gradam Scoth Réalt Choláistí Uladh ar Chathal Ó Mianáin anuraidh mar a bronnadh ar a dheartháir Ruairí agus a dheirfiúr Cliodhna roimhe seo. Guímid gach rath arís air i mbliana! Cathal Ó Mianáin followed in his older sister and brother’s footsteps as he claimed his first Ulster Colleges All-star Award last year.

Peil Mionúir don chontae

Comhghairdeas le Emmett Óg, Bl12, a bheas ag imirt le foireann mionúir an chontae i mbliana.

Congratulations to Emmet Óg who secured a place on the county minor football team for this incoming year.

Camógaíocht don Chontae

Comhghairdeas le Ellen, dalta Bl13, a bhí roghnaithe le himirt le foireann chamógaíochta an chontae.

Congratulations to Ellen, Bl13, who has been selected to play with the U18 County camogie team.

Iomáint Uladh

Comhghairdeas le Declan (Bl12), Lorcán (Bl12) agus Peadar Pio (Bl11) a bhí roghnaithe le himirt ar fhoireann Uladh in éadan Baile Átha Cliath. D’freastail siad ar thrialacha an tseachtain seo caite le 80 iománaithe agus fuair an triúr áit ar an phainéal.

3 students, Saoirse, Caitlin and Niamh, were chosen to attend the all-star trials at Jordanstown campus last week. They all played very well and a big congratulations to Niamh who was successful on achieving her All-Star. We are absolutely delighted for her.

Eispéireas iontach a bhí ann agus bhain siad an-sult as na cluichí i Muineachán inniu.

Congratulations to Declan, Lorcán and Peadar Pio who were chosen to play with the Ulster Hurling Team this term against teams from Dublin. The boys thoroughly enjoyed their games in Monaghan, especially as they won all their matches!

Sacar

Comhghairdeas le Breyden (Bl10) agus Aidan (Bl11) a bhí ag imirt i Corn Feabhail i mí Iúil. Bhain siad an ‘Foyle Plate’.

Congratulations to Breyden and Aidan who were playing in the Foyle Cup in July. They won the U15 Foyle Plate.

Camógaíocht – curaidh na hÉireann!

Comhghairdeas le Ellen agus le Niamh a bhain Craobh na hÉireann!

Congratulations to All-Ireland Champions Ellen and Niamh who represented their county in the U16 A Shield All-Ireland Camogie Championship final.

Peil Mionúir don Chontae

Comhghairdeas ó chroí le Cathal agus le Ger a bhí ag imirt inniu le foireann na mionúr! Tá muid uilig an-bhródúil asaibh a bhuachaillí!

Seaimpíní Uile Éireann Mionúir!

Congratulations to Cathal & Ger who won the AllIreland with the Derry Minor football team.

Ní bhíonn ach rath ach mar a bhíonn an deabhainistíocht!

As well as our PE department teachers, many other teachers have coaching experience and give their time freely to manage teams!

Conor Mac Alasdair

Tá an-dúil ag Conor sna Cluichí Gaelacha agus mar chomh-cheannaire ar Roinn an Chorpoideachais cuireann sé béim ar sult a bhaint as an aclaíocht do gach uile dalta. Eagraíonn Conor traenáil na Chéadaoine fosta!

The Sleacht Néill dual player had a year off with injury but helped his team win against Cushendall in his first full match back playing.

Cian de

Bhaldraithe

Tá Cian ag teagasc na Staire agus an Chorpoideachas praiticiúil anseo sa Ghaelcholáiste. Is as Cill Chainnigh a athair agus as an Lúb a mháthair.

While teaching in Dublin, Cian won 2 All Ireland Senior Club medals with Cuala and is now based in Ballycastle.

Jim Ó hEaráin

Is de bhunadh Bhéal Feirste é Jim. D’imigh sé ar scor óna phost mar LeasPhríomhoide i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha agus tá sé ag obair linn go páirt-aimseartha le cúpla bliain anuas ag teagaisc na Gaeilge agus na Fraincise.

An Antrim footballer in his younger days and Manager of his own club Lámh Dhearg, Jim brings a wealth of experience to his role in GCD both in the classroom itself and on the sideline.

Daltaí s’againn ag imirt don chontae

Is iontach go raibh ionadaíocht an-láidir ag Gaelcholáiste Dhoire ar fhoireann an chontae san iomáint ag leibhéal na mionúr. D’éirigh go geall leo i mbliana agus bhain siad Craobh Uladh- fair play dóibh!

Nine Gaelcholáiste Dhoire pupils were on the Derry Minor Hurling panel that won an Ulster title this year!

Eimhear Ni Mhaolchalainn

Nuair nach mbíonn Eimhear ró-ghnóthach le cúrsaí ceoil, tugann sí dualgas an chóitseálaí uirthi féin le cailíní an Ghaelcholáiste.

The Mullholland family are famous for their music and Eimhear for her Camogie as well!

Bliadhan Glas

Is reathaí den chéad scoth é Bliadhan a ghlacann páirt i rásaí agus maratóin go rialta. Tá an dú-shuim aige san iománaíocht agus nuair nach bhfuil sé sa saotharlann eolaíochta –bíonn sé ar an taobhlíne!

Bliadhan played his Hurling with Sleácht Néill, Na Magha and Derry and has coached our teams since moving from a Derry based Grammar School three years ago.

Connla Ó Coinn

Bhí Connla ag plé le cúrsaí spóirt ó bunaíodh an scoil i 2015 agus chuidigh sé le bunchlocha láidre an spóirt a thógáil sa scoil. Bíonn fócas aige ar an pheil go príomha.

A native of South Armagh, Connla now plays his football with Laochra Loch Laoi- an Irish speaking team in Belfast.

Paul Wilson

Cuireann Paul an suim céanna sa Sacair agus atá aige sa Mhata. Nuair a d’iarr roinnt daltaí air foireann a thosú roinnt blianta ó shin chuaigh sé isteach sa bhearna bhaoil agus d’éirigh go geall leis an fhoireann.

Paul joined the Gaelcholáiste staff in 2022 and agreed to manage the boys Soccer team when asked by the students.

Carla Uí Ghruagáin

Chaith Carla na blianta ag teagasc na Gaeilge i Scoil Ghramadaí ar an Bhaile Meánach. Tá sí ag teagasc an ábhar céanna anseo ach ag glacadh seilbh ar an taobh líne chomh maith.

Carla played Camogie with Portglenone and Antrim and works part-time here in GCD.

Marie Ní Néill

Is beag ghné den Chumann Lúthchleas Gaeil i gCo Dhoire nach dtuigeann

Marie. Bíonn an-bhaint aici le riarachán a club féin agus le riarachán an Chontae chomh maith le bheith ag bainistiú foirne na gcailíní anseo ar scoil.

A native of Bannagher and active club member, Marie teaches Irish and Religion here in GCD

Barra Glas

Tá féith na fisice agus na teicneolaíocht i mBarra go smior. Cuidíonn sin go mór leis ina ghairm mar mhúinteoir Teicneolaíochta agus is breá linn uilig na staitisticí ó chluichí na scoile a fháil uaidh go rialta!

A Sleacht Néill man who teaches Technology in GCD, Barra also makes time to train and manage some of the younger teams.

Róisín Ní Cheallaigh

Bíonn Róisín ag teagasc Corpoideachas mar ábhar acadúil agus praiticiúil sa scoil mar aon le foirne a shocrú agus a bhainistiú. Is chomh-cheannaire na roinne í.

Róisín is a Portglenone native and holds an AllIreland Camogie Medal with Antrim

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
gd_sport_dec24_newsletter_v1 by Gaelcholaistedhoire - Issuu