Crosfhocal Mhí Eanáir Trasna 1 3 8 11 14 15 16 17 Síos 2 3 4 5 6 7 9 10 12 13
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Bridie Ní Chonaire, Gaillimh. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Comhfhreagras Cairde Pinn de dhíth Is é seo a leanas roinnt eolais faoi faoi fhear ó Bherlin a d’iarr orainn an fógra seo thíos a scaipeadh ar bhasill den Chonradh a bhfuil spéis aige cara pinn le Gaeilge a bheith aige: Fear meánaosta ag lorg cara pinn, ag tosú ag foghlaim na Gaeilge in Ollscoil Bherlin. Ba mhaith leis scríobh i mBéarla agus i nGaeilge ag an tús, go mbeidh a chuid Gaeilge níos fearr. Tá suim aige sa cheol gaelach agus in amhráin agus is ball de chór é. Is maith leis Beethoven freisin agus James Joyce "the Dead". Freagraí ag Horst Gerschon [Mac_na_Tire@gmx.de], le bur dtoil.! Dá mbeadh suim ag duine ar bith scríobh chuige bheadh sé thar a bheith buíoch. Litir oscailte go Bertie Ahern Ó Lch 17 de Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 a d'eisigh Rialtas na hÉireann ar 19 Nollaig 2006. "Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na h-iarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá." Tá dhá cheist agam maidir leis an chuid thuasluaite den ráiteas a d'éisigh tú féin agus an chuid eile de Rialtas na hÉireann inniu.
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhís an Rialtais i leith na Gaeilge
cleas; dallamullóg (3) seasc (6) náid (7) gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún (12) rud nach bhfuil beo (2) an cineál aimsire a bhíonn in áit (6) an t-alt? (2) teach mór poiblí (5)
ar dhath an tsneachta (3) gan bhruith; gan chócaireacht (3) gealach (2) anáil; puth (2) duine a théann ar bhus nó ar thraein (9) teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol (9) bláth beag bán (7) curadh (6) uaigneach; singil (8) ceol; seó (7)
Iml. 2 Eagrán 3
1. An chiallaíonn sé seo go mbeidh Rialtas na hÉireann ag cur brú ar Rialtas na Breataine a gcinneadh a athrú i dtaca leis an Meánscoil Lán-Ghaeilge i gCorr Chríochach? 2. An dtiocfaidh feabhas ar an tacaíocht a thugtar don bhunscolaíocht Lán-Ghaeilge, ar an suíomh reatha ina bhfuil scoileanna áirithe ag feidhmiú i gcóiríocht "tríú domhan", ina mbíonn ar roinnt páistí scoile i scoileanna lán-Ghaeilge seomraí ranga a roinnt le francaigh. An dtabharfar deis "oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán" a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo é nó an mbeidh gá ag phobal na Gaeilge fanacht 40 bliain eile ar chothrom na Féinne? Seán Ó hAdhmaill, Ball den Coiste Gnó agus Cathaoirleach, Na Gaeil Óga. Ábhar don Nuachtlitir Má tá spéis agat tuairtim a nochtú faoin nuachtlitir nó, dar ndóigh, scéalta a chur chugam maidir le himeachtaí do Chraoibhe ná bíodh leisce ort riamh iad a chur tríd an phost chuig an Ard-Oifig nó ar an ríomhphost chuig jamie@cnag.ie. Ba bhreá liom tuilleadh scéalta agus eolais a fháil faoi chraobhacha an Chonartha timpeall na tíre agus thar lear. Freisin, más mian leat tuairimí a nochtú faoi imeachtaí an Chonartha nó faoi chúrsaí Gaeilge i gcoitinne is féidir iad a chur chugam chomh maith.
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Tá ráite ag an Rialtas go bhfuil sé mar fhís acu Éire dhátheangach a thabhairt i gcrích thar thréimhse 20 bliain. I measc na mbeart a dtabharfar fúthu tá tacú leis an nGaeilge mar ábhar a dhéanann gach dalta go leibhéal na hArdteiste sna scoileanna, Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm go hiomlán, an Ghaeltacht a fhorbairt mar phobal labhartha Gaeilge, cur le líon na dteaghlach a labhraíonn Gaeilge ag baile, cur le líon na leanaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge a fhorleitheadú ar fud na tíre. Is é Fóram na Gaeilge a chuirfidh comhairle ar an Rialtas faoi chur i bhfeidhm na straitéise seo. Deir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá cuma na maitheasa ar na haidhmeanna seo. Ní foláir cuspóirí soiléire gearrthéarmacha uaillmhianacha a leagan amach ó thaobh
(i) ionad na Gaeilge sa c h ó r a s oideachais chun daoine a chumasú inti agus chun tumoideachas Gaeilge a chur chun cinn, (ii) cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht chun pobail inmhaireanacha Gaeilge a chinntiú, (iii) seirbhísí riachtanacha a bheith ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla de réir thoil an tsaoránaigh agus lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre".
Cás Cúirte Mháire Nic an Bhaird
D’eagraigh Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge grúpa le gabháil suas go Béal Feirste ar an Aoine, 5 Eanáir, chun tacú le Máire Nic an Bhaird, an múinteoir bunscoile a thóg lucht Sheirbhís Phóilíneachta na Sé Chontae de bharr go raibh sí ag labhairt i nGaeilge. Bhí sé i gceist go n-éistfear leis an gcás ina iomlán ar an lá ach de bharr brú ama ní raibh an dara suí sa bhuaile ach é a chur ar athló. Bhí agus tá sé ríthábhactach go léirítear tacaíocht láidir do Mháire ach go háirithe agus iarrachtaí móra á ndéanamh faoi láthair Acht Gaeilge a bhaint amach don Tuaisceart. Éistfear le deireadh an cháis ar an Luan 12 Feabhra. Má tá spéis ag duine ar
bith teacht agus tacú le Maire ar an lá is féidir teagmháil a dhéanamh le Jamie ó Tuama in Ard-Oifig an Chonartha ag jamie@cnag.ie nó ar an nguthán ar 01 4757401.
Maoinithe ag:
SAN EAGRÁN SEO: 1. FÁILTE ROIMH FHÍS AN RIALTAIS I LEITH NA GAEILGE 2. CÁS CÚIRTE MHÁIRE NIC AN BHAIRD 3. AN BAILIÚCHÁN NÁISIÚNTA 4. AN tUACHTARÁN AG SEASAMH I DTOGHCHÁN AN TSEANAID 5. NUACHT Ó THOGRAÍ AN CHONARTHA 6. ACHT 7. IONAD SAORCHOMHAIRLE DLÍ AGUS EILE 8. CROSFHOCAL MHÍ EANÁIR 9. COMHFHREAGRAS
Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha An léiríonn fís an rialtais i leith na Gaeilge go leor tiomantais don teanga An Conradh ag tacú le Máire i mBéal Feirste
An Bailiúchán Náisiúnta
Níl ach dhá mhí fágtha ag craobhacha, baill agus cairde an Chonartha chun an Bailiúchán Náisiúnta a eagrú. Mar sin moltar duit teagmhail a dhéanamh le hArdOifig an Chonartha nó leis an Timire Naisiúnta, Peadar Mac Fhlannchadha, a luaithe agus is féidir leis an ábhar cuí a ordú don Bhailiúchán. I mbliana ta sé i gceist go
17 EANÁIR 2007
ndéanfar forbairt mhór ar an mBailiúchán le cuidiú linn obair na hArd-Oifige a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtaí agus déanfar iarracht gach príomhshráid agus gach paróiste a chlúdach fud fad an 22 contae a bhíonn páirteach ann. Le haghaidh tuilleadh eolais nó eolas faoi na ceadúnais glaoigh ar Jamie san Ard-Oifig.
• Léiríonn • Ní Léiríonn Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie
1.