Crosfhocal Mhí Aibreáin Trasna 3 5 7 8 11 12 14 15 16 Síos 1 2 4 5 6 7 9 10 13
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Una Ní Chonaire, Carna, Co. na Gaillimhe. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Ath Cliath 2.
Cinneadh Tubaisteach Glactha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann Tá Coimisiún Craolacháin na hÉireann (CCÉ) tar éis cinneadh tubaisteach a ghlacadh chun deireadh a chur le post lánaimseartha an chomhordaitheora Ghaeilge agus post páirtaimseartha a dhéanamh de i gceann 3 seachtaine nuair a chríochnaíonn conradh an chomhordaitheora atá sa phost cheana féin. Tá an cinneadh seo tubaisteach agus beidh go leor drochimpleachtaí ann do chur chun cinn na Gaeilge sna meáin chumarsáide a thagann faoi chúram CCÉ amach anseo. Deir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Go bhfuil an comhordaitheoir Gaeilge atá ann faoi láthair tar éis an-spreagadh a thabhairt don Ghaeilge ar na stáisiúin a thagann faoi chúram an Choimisiúin agus tá ardmholadh ag dul di dá bharr. Tá sé seo ríshoiléir ón méadú mór atá tagtha ar an méid Gaeilge a úsáidtear ar na stáisiúin áitiúla raidió ach go háirithe. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó Gaeilge áfach sna meáin chumarsáide a thagann faoi chúram an Choimisiúin. Tá gaol cruthaithe ag an gComhordaitheoir Gaeilge leis na stáisiúin éagsúla. Tá baol mór ann go gcaillfí an gaol sin muna bhfuil duine lánaimseartha ann le freastal ar na riachtanais a ghabhann leis agus leis na stáisiúin a spreagadh chun níos mó Gaeilge a úsáid. Chomh maith leis sin tá Acht
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Teachtaireacht an Uachtaráin d’Ard-Fheis 2006
feithid chealgach (5) bata crúcáin mar a bhíonn ag easpag (7) cladach cloch (8) breathnú; radharc; féachaint (6) deoch a shliogadh (2) cláirseach (5) margadh beithíoch agus eallaigh eile (6) dlí a ritheann parlaimint (4) dhá cheann déag (6)
mo mhairg! (3) sleá bheag (2) toradh an draighin (5) salach; bréan (7) buama (8) suíochán do mharcach ar dhroim capaill nó ar rothar (8) rírá; achrann (6) sprid; gósta (7) ceanúil; báúil (4)
Eagrán 6
na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm ag an bpointe seo. Ba chóir go mbeadh an comhordaitheoir Gaeilge lárnach i scéim a chur le chéile chun dualgais an Choimisiúin a chomhlíonadh amach anseo" Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an gCoimisiúin athmhachnamh a dhéanamh ar an ábhar seo agus go gcoinneoidh siad an comhordaitheoir Gaeilge mar dhlúthchuid d'fhoireann lánaimseartha an Choimisiúin. Mas spéis leat do mhíshastacht maidir leis an gcinneadh seo a chur in iúl do Choimisiún Craolacháin na hÉireann is féidir dréachtaighneacht a fháil ó Cheannáras an Chonartha
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Is í ceist na Gaeilge sa chóras oideachais tosaíocht mhór na bliana seo chugainn agus Olltoghcháin 2007. Gan leigheas ar an gceist seo, titfidh gach rud eile ar lár. Roimh bhua Stádais, is í an tuiscint choitianta a baineadh as an aidhm sin i gcomhthéacs na hÉireann ná an Béarla agus dhá theanga ón iasacht. Agus bua stádais againn thugamar faoin tuiscint seo a athrú agus a áiteamh go mbainfí an aidhm Eorpach seo amach sa chomhthéacs Éireannach trí dhaoine a chumasú sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus i dteanga ón iasacht. Phléigh saineolaithe an cheist: Caoimhe Máirtín, iar-Cheann Marino; John Harris, Coláiste na Tríonóide; Muireann Ní Mhóráin, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Muiris Ó Laoire, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí; Mary Ruane, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; Dónal Ó hAiniféin, Uachtarán Gaelscoileanna; Colmán Ó Raghallaigh, múinteoir meánscoile ó Mhaigh Eo; chomh maith le cainteoirí ón tSualainn, Maí Beijer, agus ó Thír na mBascach; Nahia Intxausi. Pléadh oiliúint múinteoirí agus múineadh na Gaeilge go mion ag seimineár Oireachtas na Samhna 2005 ag a labhair Caoimhe Máirtín, Dónal O hAiniféin, Pól Ruiséal, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Anna Ní Ghallachair, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus Seosamh Mac Donnchadha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de, is iad na príomhmholtaí a tháinig chun cinn mar aidhmeanna gearrthéarmacha (laistigh de 5 bliana): - Go dtabharfadh gach ábhar oide tréimhse bliana acadúla dá chúrsa traenála ar thumoideachas i mioncholáiste lán-Ghaeilge ag foghlaim faoin tumoideachas agus tríd an tumoideachas. Chinnteodh seo cumas sásúil sa Ghaeilge do gach múinteoir bunscoile as seo amach. Moladh deis a bheith ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge dá mba mhian leo. - Go múinfí ábhar de bhreis ar an nGaeilge trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile. Dheimhnigh an Dr John Harris,
Maoinithe ag:
Coláiste na Tríonóide, go bhfaigheann c.30,000 dalta b u n s c o i l e oideachas lánGhaeilge faoi láthair agus, anuas air sin, go múintear ábhar breise nó abhair bhreise trí Ghaeilge do c.116,000 dalta eile. Mhol an Dr. Harris modh seo an pháirt-tumoideachais mar mhodh éifeachach sna scoileanna Béarla agus dheimhnigh go n-éiríonn leis i gcóras atá, tríd is tríd, ag teip daltaí a chumasú sa Ghaeilge. - Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal: "Teanga na Gaeilge" agus "Litríocht na Gaeilge". Scrúdaítear cumas an iarratasóra maidir le labhairt, tuiscint, léamh agus le scríobh na teanga bunaithe ar an bhFráma Coiteann Eorpach i scrúduithe "Teanga na Gaeilge" agus cead ag gach mac léinn an scrúdú sin a shuí. Folóidh "Litríocht na Gaeilge" cruinneas, ceart úsáid, litríocht agus saoithiúlacht na Gaeilge agus cead ag gach mac léinn an cúrsa sin a dhéanamh agus an scrúdú sin a shuí. Mhúinfí "Teanga na Gaeilge" sna scoileanna Béarla agus bhronnfaí pointí CAO ag dul don toradh a bhainfí amach, rud a spreagfadh tuismitheoirí forásacha chun mic léinn a chur ar chúrsaí breise samhraidh agus eile agus a d'ardódh caighdeáin. Ar ndóigh, ba bhuntáiste don chainteoir laethúil Gaeilge a leithéid de leagan amach agus marcanna agus pointí a bheith ar fáil ar an tslí sin. Mhúinfí "Litríocht na Gaeilge" sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge chun freastal ar riachtanais na gcainteoirí laethúla agus chun iad a ullmhu don mhargadh fostaíochta Gaeilge. Bheadh an t-ábhar seo á dhéanamh ag mic léinn eile le cumas maith Gaeilge sa tslí chéanna is a dtugann mic léinn le cumas maith sa mhatamaitic faoin matamaitic fheidhmeach faoi láthair: ábhar breise don dream cumasach, beart eile a d'ardódh caighdeáin.
1 Aibreán 2006
SAN EAGRÁN SEO: 1. Teachtaireacht an Uachtaráin do ArdFheis 2006 2. Téacs trí trí Ghaeilge agus Na Gaeil Oga 3. Dialann Mhí Mhí Aibreáin 4. Aighneachtaí Aighneachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 5. Eagóir déanta ar an nGaeilge sa státseirbhís státseirbhís 6. Crosfhocal Mhí Mhí Aibreáin 7. Cinneadh Tubaisteach glactha ag Coimisiún Craolachain na hEireann
Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Ar cheart go comhordaitheoir
mbeadh
• lánaimseartha • páirtaimseartha ag Coimisiún Craolacháin na hEireann Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie
1.