2018 Ard-Fheis

Page 1


Ard-Fheis 2018 Athbheochan na Gaeilge mar

Am agus Lá Mír

Dé hAoine, 23 Feabhra

11.00 – 15.00 Ceardlanna do na Craobhacha: a. Conas Photoshop a úsáid b. Na Meáin Shóisialta

thosaíocht d’Éirinn

Aíonna / le haghaidh Ionad

Stiúrthóir Forbartha; Feidhmeannach Cumarsáide Óstán Meadowlands, Trá Lí

15.00 – 16.00 Cruinniú Bord Sheachtain na Gaeilge Bord Sheachtain na Gaeilge Óstán Meadowlands, Trá Lí

18.00 – 18.30 Cruinniú den Choiste Gnó

20.00 – 20.30 Oscailt na hArd-Fheise

20.30 – 22.00 Plé: ‘125 Bliain Ar Aghaidh – Tiomantas na Rialtas don Ghaeilge & don Ghaeltacht’

An Coiste Gnó Óstán Meadowlands, Trá Lí

• An Dr. Róisín Ní Ghairbhí, Coláiste Mhuire Gan Smál

• An Dr. Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge

• An tAire Sáit, Seán Kyne, TD Fine Gael;

• Bríd Smith, TD, Pobal Roimh Bhrabús;

• Micheál Martin, TD, Ceannaire Fhianna Fáil;

• Mary Lou McDonald, TD Ceannaire Shinn Féin;

- Cathaoirleach: Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Príomhsheomra, Óstán Meadowlands

Príomhsheomra, Óstán Meadowlands

22.00 ar aghaidh

Siamsaíocht agus Fáiltiú

Dé Sathairn, 24 Feabhra

08.15 - 08.45 Caint um Bricfeasta - ‘Dúshláin agus féidearthachtaí a bhaineann leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta’

09.00 – 09.30 Tús le gnó na hArd-Fheise - Tuairisc ar airgeadas agus ar fhorbairt na heagraíochta

09.30 – 10.30 Toghchán don Uachtaránacht (ag an am céanna leis an bplé)

09.30 – 12.15 Na rúin le plé

11.00 - 12.30 Toghchán don Choiste Gnó agus do Bhord Sheachtain na Gaeilge (am céanna leis an bplé)

12.15 - 13.00 Ceardlanna:

a. Comóradh 125 Bliain an Chonartha

b. Seachtain na Gaeilge a fhorbairt agus a fhás

c. 125 Bliain Ar Aghaidh – Timireacht sa 21ú Aois

13.00 - 13.20 Tuairiscí ó na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha

Seisiún ceoil Beár, Óstán Meadowlands

Mait Ó Brádaigh

Ard-Rúnaí an Chonartha

Baill an Chonartha

Baill an Chonartha

Baill an Chonartha

• Cuan Ó Seireadáin; Julian de Spáinn

• Conchubhair Mac Lochlainn; Orlaith Nic Ghearailt

• Donnchadh Ó hAodha; Jill McMahon

Ionadaithe ó

• Ógras

• Seachtain na Gaeilge

• An Coimisiún le Rincí Gaelacha

14.00 – 16.00 Seoladh Sheachtain na Gaeilge le Energia Lá teaghlaigh

16.00 - 17.00 Seisiún leis na Coistí Contae agus Coistí Cúige a chuir isteach ar an Scéim Timireachta

Coistí Contae agus Cúige

Seomra Bia

Príomhsheomra, Óstán Meadowlands

Lasmuigh den Phríomhsheomra

Príomhsheomra, Óstán Meadowlands

Lasmuigh den Phríomhsheomra

Príomhsheomra, Óstán Meadowlands

Príomhsheomra, Óstán Meadowlands

Trá Lí

Príomhsheomra, Óstán Meadowlands

20.00 - 20.30 Fáiltiú Óstán Meadowlands

20.30 Dinnéar na hArd-Fheise

- Gradaim Chonradh na Gaeilge

• Ceol, Craic agus Damhsa Príomhsheomra, Óstán Meadowlands

Clár na hArd-Fheise ...............................................................................................................

1. Na Rialacha Seasta .............................................................................................................

2. Tuairisc an Uachtaráin .......................................................................................................

3. An Eagraíocht:

3.1. Na Coistí agus Ionadaíocht .......................................................................................

3.2. An Fhoireann ..............................................................................................................

3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais .............................................

3.4. Tuairisc na hEagraíochta ...........................................................................................

3.5. Na Cuntais Airgid 2017 .............................................................................................

3.6. Bailiúchán Náisiúnta 2017 .........................................................................................

3.7. Síntiús na nGael ..........................................................................................................

3.8. Comhbhrón .................................................................................................................

4. Tuairiscí na nEagraíochtaí faoi Scáth an Chonartha:

4.1. Tuairisc Seachtain na Gaeilge Teo ................................................................................

4.2. Tuairisc An Coimisiún le Rincí Gaelacha

5. Tuairisc Clódhanna Teoranta ...............................................................................................

6. Tuairisc Raidió Rí-Rá ...........................................................................................................

7. Tuairiscí ó na Tograí

7.1. Tuairisc An Clár As Gaeilge ........................................................................................

7.2. Tuairisc Gael-Fhorbairt na Gaillimhe ..........................................................................

7.3. Tuairisc Pobal ar a’n Iúl ..............................................................................................

7.4. Tuairisc Scéim an Aonaigh

7.5. Tuairisc Togra Mhaigh Eo ...........................................................................................

7.6. Tuairisc Muineachán le Gaeilge ...................................................................................

8. Ainmniúcháin do na Toghcháin 2018 ..............................................................................

9. Rúin na hArd-Fheise 2018 .................................................................................................

10. Miontuairiscí Ard-Fheis 2017, Gaillimh ........................................................................

11. Uachtaráin Chonradh na Gaeilge ..................................................................................

1. Dhá nóiméad don té a mholann rún (Dhá nóiméad ag an tús nó nóimead ag an tús agus ag an deireadh).

2. Nóiméad amháin d’aon teachta eile ag caint ar an rún.

3. Níl cead ag aon duine labhairt faoi dhó i dtaobh na ceiste céanna ach amháin an té a mholann rún.

4. Níl cead ag teachta athrá a dhéanamh ar chaint a thug teachtaí eile cheana féin.

5. Is é 25 teachta a bheidh mar líon gnó le linn na hArd-Fheise.

6. Ní cheadaítear rún ar bith nach bhfuil luaite ar an gclár a phlé mura gcuirtear na Rialacha Seasta ar leataobh.

7. Chun na Rialacha Seasta a chur ar leataobh ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vóta a chaitheamh ar a thaobh sin.

Cois T e Gnó

Chonr A dh n A G A ei LG e 2017 - 2018

8. Ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vótáil ar son rúin phráinní, a phléifear faoi riail 6, le go nglacfar leis mar rún.

9. Beidh aon rún a bhainfidh le hairgeadas, rún práinneach a phléifear agus a ghlacfar leis faoi rialacha 6 agus 7 ina measc, mar mholadh seachas mar threoir don Choiste Gnó nua le cur i bhfeidhm laistigh d’acmhainní na heagraíochta.

10. Beidh cead labhartha ag iar-Uachtaráin an Chonartha.

11. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don Ard-Oifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn.

12. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.

13. Mura mbíonn duine ann in am le rún a mholadh rachaidh an rún go deireadh an liosta rún

Chun tosaigh ó chlé: Séamus Mac Dháibhéid; Caoimhe Ní Chonghaile; Paula Melvin, Tánaiste; Niall Comer, Uachtarán; dara sraith ó chlé: Aedín Uí Mhaoiléidigh; Gráinne Ní Ghilín; Íte Ní Chionnaith; Caoimhín Ó Dónaill; Pádraig Mac Fhearghusa; Ar chúl ó chlé: Donnchadh Ó hAodha; Breandán Ó Cathasaigh; Aodhán Ó Deá; Cóilín Ó Cearbhaill; Cuan Ó Seireadáin; Micheál Ó Raghallaigh.

1. nA r i ALAC h A s e A s TA

Nuair a bhreathnaítear siar ar 2017, is léir gur bliain chinniúnach stairiúil a bhí ann ar go leor dóigheanna ó thaobh na teanga de. Ní hamháin gur spreagadh na mílte le dul i mbun ágóide ar son Acht Teanga ar na sráideanna ó thuaidh, ach bhí scéal na Gaeilge á phlé sna meáin chumarsáide ar bhonn náisiúnta agus, go díreach, idirnáisiúnta i rith na bliana go léir. Dúirt an scríbhneoir Breandán Ó Beacháin nach bhfuil a leithéid de rud ann agus drochphoiblíocht seachas tásc nó tuairisc do bháis féin. Cé gur dócha go bhfuil sé seo fíor, ba mhó an dea-thoil ná an naimhdeas a léiríodh faoin teanga sa tráchtaireacht áirithe a rinneadh uirthi. Maireann fadhbanna, ar ndóigh, agus ní mionfhadhbanna iad. Níl aon amhras ann ná go bhfuil an Ghaeltacht i mbaol, agus is gá don Rialtas tabhairt faoin ghéarghá seo tríd an infheistíocht chuí a dhéanamh a choinneoidh muintir na Gaeltachta ann agus a mheallfaidh na daoine sin arbh éigean dóibh an bád bán a ghlacadh le roinnt mhaith de bhlianta anuas. Ar ndóigh, is ceist agus géarchéim í seo a bhaineann leis na ceantair tuaithe in Éirinn go ginearálta, ach tá fachtóir faoi leith ann a dhéanann na Gaeltachtaí níos tábhachtaí – go bhfuil todhchaí na Gaeilge dúchasaí ag brath ar fholláine na nGaeltachtaí. Ina theannta sin, níor imigh na deacrachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge sa chóras oideachais, thuaidh agus theas. Leanann an borradh suntasach ar an Ghaelscolaíocht, cinnte, ach ní gan dua a bhunaítear scoileanna agus a dhéantar acmhainní cuí a sholáthar don Ghaelscolaíocht – go háirithe múinteoirí atá oilte sna hábhair agus cumasach go leor sa Ghaeilge le bheith éifeachtach agus le tionchar

a imirt ar an chóras oideachais ag an leibhéal cheart. Ar ndóigh, d’fhéadfaí seanbhailéad a dhéanamh de cheist na Gaeilge sa chóras Béarla, ach maireann na deacrachtaí céanna, ina measc siúd –an t-ábhar de shíor faoi bhrú ó thuaidh mar gheall ar chonstaicí curaclaim agus easpa tacaíochta agus easpa múinteoirí sa chóras ó dheas. Tá sé thar am comhrá ceart a bheith ann faoi choláistí oiliúna a bhunú do mhúinteoirí ina dtugtar tús áite don teanga ionas gur féidir múinteoirí a chumasú gach ábhar, dá chasta é, a theagasc i nGaeilge.

Tiocfaidh slánú na Gaeilge ón óige, tuigeann muid sin, ach caithfidh muid féin, an ghlúin sin atá ag amharc ar na deacrachtaí agus ar na féidearthachtaí chomh maith, a bheith cinnte de go gcuirtear na forálacha cuí i bhfeidhm le gur féidir leo an Ghaeilge a shlánú mar is ceart.

An dr. niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Feabhra 2018.

2. Tu A iris C A n uAC h TA ráin 2018
Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta

Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta

ón ghlantosaitheoir go líofa

• Siúl sléibhe • Timpeallacht & Cultúr

• Seandálaíocht • Damhsa

• Péintéireacht • Feadóg

• Bodhrán • Cláirseach

• Taipéis • Griangrafadóireacht

Eolas 2018 ó

Cúrsaí speisialta ard-leibhéal Gaeilge

• Cruinneas na Gaeilge

• Oiliúint Múinteoirí

• SCG

• Ó Bhéarla go Gaeilge (cúrsa san aistriúchán)

• Saibhreas na Gaeilge

Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall

F ó n : +353 ( 0 ) 74 97 30 248 oifig@oideasgael.ie

Laethe Saoire Gníomhaíochta

Laethe Saoire Gníomhaíochta

An Coiste Gnó

Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua ar 08 Aibreán 2017 agus toghadh Paula Melvin mar Thánaiste ar an gConradh ag an gcruinniú sin. Bhí 7 gcruinniú den Choiste Gnó ann ó ArdFheis 2017.

An Buanchoiste

Tionóladh an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua ar 26 Bealtaine 2017. Bhí 5 chruinniú den Bhuanchoiste ann ó Ard-Fheis 2017. Seo a leanas baill an Bhuanchoiste: Niall Comer, Uachtarán, Paula Melvin, Tánaiste, Conchubhair Mac Lochlainn Donnchadh Ó hAodha, Caoimhe Ní Chonghaile, P T Mac Ruairí, Pádraig Mac Fhearghusa, Cóilín Ó Cearbhaill, agus Caoimhín Ó Dónaill.

Coiste Chomhoibrithe le Foras na Gaeilge

Bhí 2 chruinniú den choiste seo ón Ard-Fheis. Seo a leanas baill reatha an Choiste Comhoibrithe: Niall Comer, Uachtarán, Paula Melvin, Tánaiste (cathaoirleach), Aodhán Ó Deá agus Caoimhín Ó Dónaill.

An Coiste iniúchadh

Cuireadh Coiste Iniúchadh ar bun ar 3 Samhain 2015. Bhí 46chruinniú ann go dtí seo. Seo a leanas baill an Choiste: Tadhg Ó Rodaigh (cathaoirleach), Ciarán Ó Feinneadha agus Labhaoise Ní Fhaoláin.

ionadaíocht

Is iad seo a leanas na hionadaithe thar ceann an Choiste Ghnó a ainmníodh ar eagraíochtaí agus ar choistí éagsúla i rith na bliana:

Coiste Stiúrtha Ógras

Gráinne Ní Ghilín & Cóilín Ó Cearbhaill.

Seachtain na Gaeilge Teo.

Stiúrthóirí: Niall Comer, Uachtarán.

P.T. Mac Ruairí.

Club Chonradh na Gaeilge

Baile Átha Cliath: Cóilín Ó Cearbhaill.

Foras Éireann

P.T. Mac Ruairí.

An Fhéile Phan-Cheilteach Caoimhín Ó Cadhla.

An Coimisiúin le Rincí Gaelacha

Baill ceithre bhliain: 2013-2017 Éamonn de Bhál, Gráinne Ní Chonchubhair, Seán Mac Donnchadha 2015- 2019 Máire MhicAogáin, Séamus Ó Sé, Éilis Uí Dhálaigh

Baill dhá bhliain 2015-2017

Seán Ó Féagáin, Áine Uí Shé, Dónas Tréanlámhach, Aedín Uí Mhaoiléidigh, Máire Ní Cheallaigh, Máire Nic Giolla Rua

Liosta Náisiúnta Bhaill Cúige 2015 - 2017 Uladh: Proinnsias Mac Oirialla, Seán Mac an tSagairt. Mumhan: Máirín Ni Ruairc Tuathaigh, Seán Ó Cuilleanáin. Laighean: Muirgheal de Brún, Colette Nic Ádhastar. Connacht: Gearóid Ó Cianaigh, Mairéad Nic Giolla Bhríde. Sasana: Dónal Ó Dochartaigh, Rós Mhic Giobúin, Máire Ní Dhufaigh. Albain: Eoghan Mac Amhlaoi

3. An eAG r A ío C h T
3.1. Cois T í A G us i on A d A ío C h T

3.2. An Fhoire A nn

Conradh na Gaeilge

Julian de Spáinn

Alma Ní Bhroin

Jade Pepper

Seán Ó hAdhmaill

Cosaint Teanga agus Ionadaíocht

Peadar Mac Fhlannchadha

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Emma Ní Chearúil

Pádraig Ó Tiarnaigh

Le líonadh

Feachtais Feasachta

Orlaith Nic Ghearailt

Edel Ní Bhraonáin

Dáire Ó Faogáin

Seán Ó Murchadha

Dónal Ó Galllachóir

Síomha Ní Ruairc

Eagraíocht

Aodhán Ó Deá

Caitlín Nic Íomhair

Jill McMahon

Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill

Pól Ó Finn

Cuan Ó Seireadáin

Gearóid Mac Eoin

Niamh Ní Chróinín

Síne Nic an Ailí

Ard-Rúnaí

Riarthóir

Riarthóir Sealadach

Bainisteoir Acmhainní Daonna (i bpáirt le Glór na nGael)

Bainisteoir Abhcóideachta ó dheas & Leas-Ardrúnaí Tionscadail

Bainisteoir Abhcóideachta ó thuaidh

Feidhmeannach Cumarsáide

Feidhmeannach Cumarsáide & Abhcóideachta ó thuaidh

Feidhmeannach Anailíse & Taighde

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta

Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta

Feidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta

Feidhmeannach Feachtais Feasachta & Ilmheán ó thuaidh

Forbróir Árdán Ilmheán

Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge

Stiúrthóir Forbartha & Leas-Ardrúnaí Eagraíochta

Bainisteoir an tSiopa Leabhar

Feidhmeannach Oideachais agus Ballraíochta

Comhordaitheoir na Mac Léinn Tríú Leibhéal (i bpáirt le hAMLÉ)

Comhordaitheoir na Mac Léinn Dara Leibhéal

Coimeádaí

Comhordaitheoir Dea-Chaidreamh

Bainisteoir Raidió Rí-Rá

Stiúrthóir, Cultúr Club ógras

Maedhbh Ní Dhónaill

Daniell Nic Pháidín

Risteard Ó Fuaráin

Bláithín de Búrca

Maedhbh Ní Ghaora

An Coimisiún le rincí Gaelacha

Lisa Gatti

Stiúrthóir

Oifigeach Forbartha Chúige Laighean & Uladh

Oifigeach Forbartha Chúige Mumhan

Oifigeach Forbartha Cléireachais

Oifigeach Forbartha Chúige Chonnachta

Ceannaire Oifige

Laura O’Reilly Riarthóir

Jodie Thomas Scrúduithe

Colin Forbes

Tograí Forbartha

Caoimhe Ní Ghriallais

Irial Ó Ceallaigh

Michaeline Donnelly

Feargal Mac Thréinfhir

Sorcha Nic Conmara

Brídín Ní Cheallaigh

Pádraig Ó Neachtain

Cuntais

Feidhmeannach, Gael-Fhorbairt na Gailllimhe

Bainisteoir Forbartha agus Timireacht, Áras na nGael

Feidhmeannach, Pobal ar a’n Iúl

Feidhmeannach, An Cumann Gaelach Muineachán

Feidhmeannach, An Clár As Gaeilge

Feidhmeannach, Togra Mhaigh Eo

Feidhmeannach, Togra an Aonaigh

3.3. An Tinre A mh A r Chruinni T he de n A Cois T í Ce A nn A is

TINREAMH AN CHOISTE GHNÓ 2017/18 (Baill tofa ag Ard-Fheis 2017)

ionadaíocht eile ar an gCoiste Gnó ó Choistí Chúige, Coistí Chontae agus eagraíochtaí faoi scáth an Chonartha

TINREAMH AN BHUANCHOISTE 2017/18

Ní Chonghaile

Ó Dónaill

Ó Cearbhaill

Mac Lochlainn

Donnchadh Ó hAodha

Niall Comer, Uachtarán

P T Mac Ruairí

Pádraig Mac Fhearghusa

Tá neart bainte amach ag Conradh na Gaeilge ó bhí Ard Fheis 2017 ann agus is cúis bhróid an dul chun cinn atá déanta i mbliana. Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm na heagraíochta ná an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáth-theanga na hÉireann. Gníomhaíonn an Conradh sna 32 contae agus ar fud na cruinne - tá breis agus 180 craobh ag an gConradh ó Arizona go Beirlín, agus ó Cheanada go Conamara. Tá líon na mball aonair ag fás go leanúnach, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Seo cuntas ar obair na bliana seo de réir na réimsí seo a leanas:

1. Oiliúint, Eagraíocht agus Imeachtaí

2. Cosaint Teanga agus Ionadaíocht

3. Feachtais Feasachta

oiLiÚinT, eAGrAíoChT & imeAChTAí

Craobhacha agus baill aonair

Tá os cionn 180 craobh agus is iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge, le fás leanúnach ar na huimhreacha sin gach bliain. Bíonn gach ball ag saothrú go dícheallach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin, ó Hong Cong go Ceanada agus ó Charn Tóchair go Cúil Aodha. Ó bunaíodh an eagraíocht i 1893, tá craobhacha an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Is bealach iontach éifeachtach é craobh a bhunú leis an nGaeilge a chur chun cinn go háitiúil agus le páirt a ghlacadh i bhfeachtais náisiúnta. Más maith leat craobh a bhunú nó clárú mar bhall aonair de Chonradh na Gaeilge, is féidir tuilleadh eolais a aimsiú ag cnag.ie.

Traenáil na mac Léinn

Tá gréasán leathan gníomhach Cumann Gaelacha cláraithe mar Chraobhacha den Chonradh sna hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre. Cuireann na Cumainn imeachtaí sóisialta agus acadúla ar fáil do bhaill an Chumainn, an choláiste agus an pobal, le ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus ar an gcultúr Gaelach. Cuireann Conradh na Gaeilge Traenáil ar fáil do na grúpaí seo chuile bhliain i bpáirt le Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn, maidir le cur chun cinn na teanga, feasacht agus stocaireacht éifeachtach a dhéanamh ina gceantar féin.

Cúrsaí Chonradh na Gaeilge

Cuireann Conradh na Gaeilge ranganna Gaeilge ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus cainteoirí ag cúig leibhéal éagsúla, le cúrsaí atá in oiriúint do shiollabais Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (OÉ Má Nuad). Bíonn ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann. Faoi láthair i mBaile Átha Cliath amháin, tá os cionn 125 duine cláraithe do na cúrsaí seo, idir óg agus aosta, ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí ó dhúchas ar mhaith leo feabhas a chur ar chruinneas gramadaí. Tuilleadh eolais ag cnag.ie/courses

3.4. Tu A iris C n A heAG r A ío C h TA
Traenáil 3ú leibhéal

nuachtlitir agus suíomh idirlín

Cuirtear nuachtlitir mhíosúil ar fáil, agus scaiptear i measc an phobail agus i measc na gcraobhacha í. Bíonn gach eolas maidir le feachtais, mórimeachtaí na heagraíochta, agus dul chun cinn na craobhacha ar fáil sna nuachtlitreacha seo. Is deis iontach é do chraobhacha a chuid oibre a chur chun cinn nó a chur in iúl do ghrúpaí eile.

Bíonn gach eolas maidir le himeachtaí, cúrsaí agus scéalta nuachta an Chonartha ar fáil ag cnag.ie. Déantar uasdátú agus forbairt leanúnach ar an suíomh, ionas go mbíonn na háiseanna agus an t-eolas cuí ar fáil don phobal i gcónaí. Is féidir an suíomh a aimsiú ag cnag.ie agus má bhíonn aon eolas sa bhreis de dhíth, déan teagmháil le eolas@cnag.ie.

Tionól Gaeltachta

Leagadh béim ar phobail Ghaeltachta a neartú agus a fhorbairt ag Tionól Gaeltachta

Chonradh na Gaeilge 2017, a reáchtáladh i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall. Ag Buanú Phobail Ghaeltachta an teideal a bhí ar sheimineár an Thionóil, a tharla ag tús mhí Iúil. Bhí an Dr Niall Comer, Uachtarán

Chonradh na Gaeilge, ina chathaoirleach, agus ar an bpainéal, labhair Colm Ó Cearúil, údar Aspail ar son na Gaeilge: timirí Chonradh na Gaeilge 1899-1923; Hannah Ní Dhoimhín, Comhairleoir Pleanála Teanga do Limistéir Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt; Hannah Ní Bhaoill, Gníomhaí Pobail; agus Áine Ní Bhreisleáin, eagraí Thír Chonaill

Aonach Tailteann.

An Bailiúchán náisiúnta

Tá An Bailiúchán Náisiúnta á reáchtáil ag craobhacha Conradh na Gaeilge fud fad na tíre ar Lá Fhéile Pádraig le breis ‘s céad bliain anuas. Deis iontach atá sa Bhailiúchán airgead a thiomsú don chraobh nó don ghrúpa áitiúil atá agat féin chomh maith le deis bualadh le daoine nua le Gaeilge sa cheantar agus labhairt leo faoi na himeachtaí Gaeilge a bhíonn ag tarlú go háitiúil.

Seoladh Bhliain na Gaeilge leis an Taoiseach, Leo Varadkar, TD, an tAire Stáit Joe McHugh agus ambasadóirí na Bliana Bláthnaid Ní Chofaigh, Eoghan McDermott & Lynette Fay

Bliain na Gaeilge

Is í 2018 Bliain na Gaeilge, agus déanfar ceiliúradh ar an teanga trí ghníomhú ar chúig théama faoi leith: Athbheochan na Gaeilge le 125 bliain anuas; Cruthaíocht na Gaeilge; Beocht na Teanga; Rannpháirtíocht an Phobail; agus Luach ár nGaeltachtaí. Is ceiliúradh don uile dhuine an fhéile seo, agus díreofar ar na spriocphobail seo ach go háirithe: pobal na Gaeilge, pobal na Gaeltachta, daoine le cúpla focal nó atá báúil don teanga, agus pobal an diaspóra. Cuirfear béim faoi leith ar thábhacht athbheochan na Gaeilge; déanfar beocht na teanga a cheiliúradh agus méadófar úsáid, dea-íomhá, feiceálacht, sealbh roinnte agus normalú na Gaeilge sa phobal; agus aithneofar luach ár nGaeltachtaí i saol na tíre, agus tabharfar faoi na dúshláin atá rompu sa lá atá inniu ann, le hiad a chosaint. Tá féilire d’imeachtaí ildánacha eagraithe ar fud an domhain in 2018, agus tá cúpla eochairthionscadal a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2018. Tá gach eolas agus liosta na n-imeachtaí ar fáil ag peig.ie/2018.

Tá Craobhacha an Chonartha i mbun imeachtaí a eagrú chomh mar chuid de chomóradh 125 den Chonradh fhéin. Tá béim faoi leith á chur againn ar ról Dhubhghlas de hÍde. Tá socrú déanta freisin le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh chun Cartlann Chonradh na Gaeilge a bhunú san ollscoil.

Cos A in T Te A n GA & i on A d A ío C h T

Éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta d’acmhainní breise

Tá maoiniú breise á lorg don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó 2018 ar aghaidh. Tá plean infheistíochta curtha le chéile, agus obair leanúnach ar siúl ag Conradh na Gaeilge leis an bplean a chur chun cinn, de bharr na giorrúcháin atá déanta ar bhuiséid Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Faoi láthair, tá €18m á lorg thar trí bliana, le bheith roinnte idir Fhoras na Gaeilge (€8m) agus Údarás na Gaeltachta (€10m). Leis an infheistíocht bhreise seo, bheadh deiseanna ann ionaid teaghlaigh a bhunú sna Gaeltachtaí; Oifigigh Ghaeilge a fhostú tríd an Scéim Pobal Gaeilge; Lárionaid Ghaeilge a oscailte fud fad na tíre; os cionn 1,220 post a chruthú; agus scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh ar pháistí faoi mhíbhuntáiste. Tá an plean infheistíochta agus tuilleadh eolais maidir leis na héilimh phobal seo ar fáil ag cnag.ie, faoin teideal “Gael Vóta.”

#seAs17

Reáchtáladh #SEAS17 leis an gá le hinfheistíocht a chur ar fáil Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2018 a léiriú do Theachtaí Dála, ar Sheanadóirí agus ar Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh in Óstán Buswell ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Casadh ar Theachtaí Dála agus polaiteoirí ó fud fad na tíre le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé agus tábhacht na hinfheistíochta a chur i luí orthu.

saor-Chomhairle dlí

Rinneadh athsheoladh i mbliana ar na seirbhísí Shaor-Chomhairle Dlí a chuireann Conradh na Gaeilge ar fáil trí Ghaeilge, i gcomhpháirt le FLAC. Is féidir freastal ar na hionaid um Shaor-Chomhairle Dlí seo a leanas uair sa mhí, ach coinne a eagrú roimh ré: Baile Átha Cliath, cathair na Gaillimhe, Ros Muc, Corcaigh, Dún na nGall, nó Béal Feirste. Is féidir fiosrúcháin a sheoladh chuig dli@cnag.ie.

Seoladh aighneacht Chomhlachas na gComharchumann Gaeltachta ag SEAS ‘17.

Acht Gaeilge ó Thuaidh

I mí Dheireadh Fómhair, 2006, foilsíodh Comhaontú Chill Rimhinn, a gheall rialtas na Breataine go reachtófaí acht Gaeilge ó thuaidh trí Westminister mura n-éireodh leis teacht ón bhFeidhmeannas. Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag fanacht ar acht a chosnaíonn a gcearta teanga. Tá Acht Gaeilge cuimsitheach, ceartbhunaithe á éileamh ag Conradh na Gaeilge. Foilsíodh plécháipéis anuraidh, le cur síos ann ar na costais a bhainfeadh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh le déanaí. Áirítear sa cháipéis briseadh síos ar na rannóga difriúla a bheadh i gceist le hacht teanga, mar aon le míniúchán ar na rannóga sin, agus moltaí praiticiúla, inoibrithe chun iad a chur i bhfeidhm sna rannóga seo a leanas: Stádas Oifigiúil don Ghaeilge; An Ghaeilge sa Tionól; An Ghaeilge sna Rialtais Áitiúla; An Ghaeilge agus an BBC; An Ghaeilge san earnáil oideachais; Ról an Choimisinéara Teanga; agus Cúrsaí Logainmneacha. Tá obair leanúnach ar siúl ag Conradh na Gaeilge mar chuid den fheachtas Dream Dearg, ag éilimh ar na páirtithe polaitiúla ar fad teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo, agus reachtaíocht cosanta agus forbartha don teanga a chur i bhfeidhm. Is féidir na sonraí uilig agus an plécháipéis a léamh ina hiomláine ag cnag.ie, faoin teideal “Glac Páirt”, agus is féidir do thacaíocht a léiriú ar na meáin shóisialta le #AchtAnois.

Lá dearg

D’fhreastail os cionn 12,000 ar An Lá Dearg ar son Acht Gaeilge ar shráideanna Bhéal Feirste, ar an 20 Bealtaine 2017. Reáchtáladh an mórléirsiú mar chuid d’fheachtas An Dream Dearg, ag léiriú a mian Acht Gaeilge ceartbhunaithe a chur i bhfeidhm ó thuaidh.

Fóraim Ghaeltachta

Le linn na bliana, reáchtáladh An Comhrá Mór, fóraim ghnímh eagraithe le freastal ar Ghaeltachtaí na tíre. Rinneadh plé ar an ngá le hinfheistíocht sa Ghaeltacht agus na gníomhartha arbh fhiú don phobal a ghlacadh orthu féin le teacht ar an infheistíocht sin. Reáchtáladh na fóraim seo i mí Mheán Fómhair, agus i mí na Samhna i gCill Airne, Indreabhán agus Gaoth Dobhair. Labhair Páidí Ó Sé, Cathy Ní Ghoill agus Dónal Ó Cnaimhsí ag na fóraim éagsúla seo. Eagraíodh Comhdháil ar an bPleanáil Teanga i bpáirt le Comharchumann Ráth Cairn i mí Eanáir 2018. Thug na cruinnithe seo deis do Chonradh na Gaeilge smaointe agus tuairimí a bhailiú ó mhuintir na Gaeltachta, go háirithe maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach.

Comhairle Chathair Bhéal Feirste

I mbliana, bhí comhairliúchán tábhachtach ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste maidir le dréacht polasaí faoi Éagsúlacht Teanga.

Áiríodh polasaí Gaeilge mar chuid den chomhairliúchán seo, agus cé nach polasaí iomlán cuimsitheach é, ba chéim shuntasach chun tosaigh é. Bhí deis ag pobal na Gaeilge a gcuid moltaí a chur san áireamh trí aighneacht a sheoladh ar aghaidh chuig Comhairle Chathair Bhéal Feirste. Chuir Conradh na Gaeilge in iúl dóibh na mianta seo atá ag pobal na Gaeilge i mBéal Feirste: acmhainní; feiceálacht na Gaeilge a mhéadú sa chathair; seirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge; scéimeanna maoinithe dírithe ar chur le húsáid agus foghlaim na Gaeilge; agus seirbhísí for-rochtana an chomhairle a chur ar fáil trí Ghaeilge bunaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa chathair.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó dheas a láidriú

D’éirigh le Conradh na Gaeilge cuid mhaith dár n-éileamh a chur san áireamh sna ceannteidil a d’fhoilsigh an Rialtas i rith 2017. Mar shampla, tá ceannteideal ann a leagann sprioc de 20% d’earcaithe amach anseo san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge agus go mbeidh gach seirbhís curtha ar fáil do phobal na Gaeltachta as Gaeilge. Tá neart brú fós ag teastáil leis na gceannteidil a láidriú agus le cinntiú go mbeidh Acht níos láidre againn a chinnteoidh freastail sásúil ón stát ó dheas ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fe AC h TA is Fe A s AC h TA

Chomh maith le bheith ag plé le stádas agus cosaint na teanga sna meáin chumarsáide agus ar na meáin shóisialta ar bhonn laethúil, eagraíonn Conradh na Gaeilge imeachtaí agus feachtais feasachta le linn na bliana, le fiúntas, beocht agus uilíocht na Gaeilge a chur in iúl don phobal.

seachtain na Gaeilge Reáchtáladh Seachtain na Gaeilge le Energia ó 1 -17 Márta 2017, agus ba iad Miriam O’Callaghan, láithreoir teilifíse agus raidió le RTÉ; Art Parkinson, aisteoir de cháil Game of Thrones; agus Mícheál Ó Ciaraidh, láithreoir TG4, ambasadóirí na féile idirnáisiúnta. Seoladh an fhéile os comhair

Ghlac breis is 12,000 páirt sa Lá Dearg i mBéal Feirste ar 20 Bealtaine 2017

na meán i gceannáras Facebook i mBÁC, go hidirnáisiúnta sa Bhruiséil agus go náisiúnta i gcathair na Gaillimhe ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge, le ceol ó Seo Linn, agus le spraoi agus siamsaíocht sráide do chlainne agus don phobal. Cuireadh na mílte imeacht pobail agus scoile ar siúl ar fud na hÉireann agus ar fud na cruinne, in áiteanna chomh fada i gcéin le L.A. agus an Astráil, le deiseanna a chothú do chách, ó fhoghlaimeoirí go cainteoirí líofa, taitneamh agus spraoi a bhaint as an teanga. Reáchtálfar an fhéile arís i mbliana idir an 1 - 17 Márta. Beidh BEO mar cheann de mhórimeachtaí na féile, agus tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bpobal freastal ar an gceiliúradh spleodrach seo ar bhród, féiniúlacht agus mórtas na nGael.

Trasna na dTonnta

Chruthaigh an feachtas Trasna na dTonnta cibear-Ghaeltacht ar líne idir Dé Luain, an 22 Eanáir, agus Dé hAoine, an 26 Eanáir 2018. Thug an Conradh cúnamh don lucht eagraithe i mbliana. Le linn na seachtaine sin, spreagadh daoine ar fud an domhain giolcanna Gaeilge a sheoladh, ag úsáid an haischlib #TrasnaNadTonnta. I mbliana, seoladh os cionn 10,000 giolc ó 80+ tír, ag déanamh ceiliúradh ar an teanga agus ag cothú naisc agus caidrimh idir Ghaeil ar fud na cruinne.

PeiG

Tá uasdátú agus forbairt leanúnach á dhéanamh ar shuíomh PEIG.ie, a chuireann seirbhísí, eolas agus sonraí maidir le himeachtaí Gaeilge ar fáil don phobal, chomh maith le scéalta nuachta agus nuachtlitir laethúil. I mbliana, seoladh an chéad eolaire gnó Gaeilge do ghutháin chliste ar aip PEIG. ie. Is féidir le húsáideoirí seirbhís as Gaeilge a chuardach de réir catagóire, de réir cúige agus contae, nó trí sheirbhís a aimsiú ar an léarscáil idirghníomhach ar aip PEIG.ie. Tá rogha ann seirbhísí gar duit a lorg freisin trí leas a bhaint as GPS an fhóin. D’fhorbair an comhlacht Pangr aip PEIG.ie, arna chomhordú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

CeoL 17

Chuir Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-

Rá an t-albam i dtoil le chéile i gcomhar le RTÉ 2fm. Is bailiúchán d’amhráin aitheanta é CEOL, agus áirítear aistriúcháin ar amhráin agus amhráin as an nua araon ar an albam. I measc na gceoltóirí atá le cloisteáil ar an albam i mbliana, bhí: Picture This, The Blizzards, Walking on Cars, Gavin James, Matt Simons, Delorentos, Gabrielle Aplin, Seo Linn, The Coronas, Heathers, IMLÉ agus Tine.

Gréasán na Lárionad Gaeilge

Cuireadh tús le Gréasán na Lárionad le nasc níos láidre a chruthú idir na lárionaid Ghaeilge ar fud na tíre. Seoladh an gréasán seo go hoifigiúil i Ráth Chairn i mí Eanáir 2018. Tá breis agus 25 lárionad Gaeilge cláraithe leis an ngréasán anois, agus seirbhísí agus eolas á chur ar fáil acu don phobal. Tá gach eolas mar gheall ar na lárionaid ar fáil ag PEIG.ie/ larionaid nó i bhfoirm leabhráin, atá ar fáil sna lárionaid féin thart timpeall na tíre.

#dúshlán

D’imigh os cionn 650 dalta meánscoile agus mic léinn ollscoile san iomaíocht chun teideal don fhoireann is Gaelaí sa tír a thuilleadh i gcomórtas #Dúshlán na bliana seo, idir an 6-8 Feabhra. Eagraíonn Conradh na Gaeilge #Dúshlán gach bliain le daoine óga a spreagadh i mbun feachtasaíochta ar son na Gaeilge ar bhealach spraíúil. Roinntear an #Dúshlán i gcatagóirí éagsúla - ó na meáin shóisialta agus go seirbhísí stáit - agus bíonn ar na rannpháirtithe 30 tasc a bhaint amach thar thréimhse 50 uair a’chloig, ag bailiú pointí de réir mar a chomhlíonann siad na gníomhartha sin.

Seoladh aip nua Raidió Rí-Rá leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil

Gaeilge 24

Don chúigiú bhliain as a chéile, cuireadh dúshlán os chomhair daoine óga an Ghaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, sa chlub spóirt nó óige agus eile. Ghlac breis is 300 scoil agus 30,000 duine páirt san imeacht i mbliana, ag spreagadh úsáid na teanga lasmuigh den seomra ranga agus déanamh normalú ar an teanga trí nascadh le gnóthaí agus le siopaí le Gaeilge, le grúpaí Gaeilge áitiúla, agus le seirbhísí stáit le Gaeilge.

Gaelbhratach

Is scéim ghradaim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad. Tá Gael-Linn i mbun Gaelbhratach sna scoileanna i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge ar an dara leibhéal. Tá sí mar aidhm ag an scéim Gaelbhratach scoileanna na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach, taitneamhach. Tugann sé deis freisin do dhaltaí bheith mar chuid de choiste agus grúpa oibre, ag comhoibriú le himeachtaí agus eile a reáchtáil. I mbliana ghlac os cionn 60 scoil páirt sa scéim, agus tá liosta feitheamh de ghrúpaí eile atá ag fanacht ar dheis páirt a ghlacadh sa chomórtas chomh maith.

seó Bóthair

Is ceardlann idirghníomhach é an Seó Bóthair a úsáideann cluichí, plé, agus díospóireacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach taitneamhach. Foghlaimíonn daltaí faoi na háiteanna ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid, agus faoina gcearta teanga. Tá clú agus cáil bainte amach ag an Seó mar chuid thábhachtach den fhéilire scoile. D’fhreastail an Seó Bóthair ar bhreis is 170 scoil anuraidh. Tá sé á fhorbairt an t-am ar fad le breis scoileanna ag glacadh páirte gach bliain. Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag cur tacaíochta ar fáil i mbliana agus tá béim faoi leith á chur ar deiseanna fostaíochta le Gaeilge.

Ghlac breis is 600 dalta scoile páirt i ‘Dúshlán’ in 2018. Bhí ar gach foireann 30 dúshlán a chur i gcríoch taobh istigh de 50 uair a chloig.

mythbusting

Tá neart miotas a bhaineann leis an nGaeilge, roinnt acu atá ar an bhfód leis na céadta bliain agus cinn eile ar cumadh iad as an nua le déanaí. Le cúnamh ó Cholm Ó Broin chuir an Conradh físeáin le chéile chun an mí-eolas nó na ‘fíricí ailtéirneacha’ is coitianta faoin teanga a bhréagnú. Cuireann Colm ceardlann maidir le bréagnú na miotas ar siúl i mBéarla nó i nGaeilge go poiblí nó do ghrúpaí príobháideacha chomh maith. Cuidíonn an chaint seo le grúpaí a bhíonn i mbun chosaint teanga ar bhonn rialta. Labhair Colm ar an ábhar i Leabharlann Ghuaire, Co. Loch Garman; i gCluain Saileach, Baile Átha Cliath 15; in Áras na nGael, Gaillimh; agus in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste, Co. Aontroma. Más spéis leat caint le Colm a eagrú, déan teagmháil linn ag mythbusting@cnag.ie.

#Comhrá17

Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, chlubanna CLG, chiorcail chomhrá Is Leor Beirt, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, craobhacha Chonradh na Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag déanamh a gcuid cainte ar son na curiarrachta seo. In 2017, idir an 9 - 16 Deireadh Fómhair, baineadh 171 uair a’ chloig amach, agus tá súil againn forbairt a dhéanamh ar an iarracht sin i 2018!

Cultúr Club

Cultúr Club an t-ainm atá ar réimse de thograí nuálaíocha atá á bhforbairt ag Conradh na Gaeilge chun féiniúlacht Éireann a neartú i measc an diaspóra le cabhair na teanga agus an chultúir Ghaelaigh. D’éirigh linn maoiniú a fháil don chéad chéim eile den togra – buíochas le Clár Tacaíochta Eisimirceach de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha & Trádála agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta – agus tá sé i gceist againn Cultúr Club a fhorbairt a fhorbairt mar shraith de cheardlanna Gaeilge agus cultúir faoi láthair, dírithe ar pháistí de thuistí as Éirinn agus orthu siúd le naisc láidre le hÉirinn (.i. an diaspóra dáimhe). Beidh curaclam ginearálta bunaithe ar ghníomhaíochtaí idirghníomhacha, treoirlínte do mhúinteoirí/d’éascaitheoirí, agus seó bóthair feasachta do scoileanna idirnáisiúnta mar chuid den obair seo.

Cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil do chraobhacha thar sáile fosta, agus muid ag súil go bhfásfaidh craobhacha nua lasmuigh d’Éirinn as an obair i measc an phobail Éireannaigh thar lear. Thug muid cuairt ar Chonradh na Gaeilge Bheirlín agus iad ag cur tús le ranganna Gaeilge don aos óg mar chuid de Bhliain na Gaeilge cheana féin, d’eagraigh Craobh Hong Cong ceardlanna Cultúr Club do dhaoine óga na cathrach anuraidh freisin, agus tá craobh nua i Londain ar na bacáin chomh maith. Tríd an togra seo, ba mhaith linn gréasán idirnáisiúnta de chainteoirí Gaeilge agus d’ambasadóirí cultúir a neartú

leis na grúpaí éagsúla atá ag obair ar son na teanga agus an chultúir ar fud na cruinne. Cuireadh tús leis an obair idirnáisiúnta seo leis an bhfeachtas Trasna na dTonnta ó 2226 Eanáir 2018, áit ar ghlac idir chraobhacha, ghrúpaí pobail Gaeilge, dhaoine aonair agus mhisin Éireann cosúil le hambasáidí agus consalachtaí na hÉireann i mbreis ‘s 80 tír thar sáile páirt sa chibear-Ghaeltacht ar-líne. Seoladh níos mó ná 10,000 teachtaireacht as Gaeilge thar thréimhse cúig lá agus táimid an-bhuíoch le gach duine a d’eirigh gafa leis an bhfeachtas.

Cuireadh pacáistí tacaíochta agus acmhainní Bhliain na Gaeilge agus Sheachtain na Gaeilge araon chuig dreamanna ag spreagadh na Gaeilge thar sáile le cúpla seachtain anuas chomh maith. Is ar mhaithe le pobal a chothú atá Cultúr Club thar aon ní eile. Is léir go bhfuil an-spéis sa Ghaeilge agus an-éileamh ar chúrsaí cultúir agus teanga trí chéile thar sáile, agus is fiú tógáil air sin. Is féidir le craobhacha nó le grúpaí Gaeilge thar sáile tuilleadh eolais a fháil, nó cóipeanna crua den leabhrán tacaíochta agus ábhar eile a ordú in aisce ó Chonradh na Gaeilge, ach teagmháil a dhéanamh linn. Tuilleadh eolais: www.cnag. ie/CulturClub | culturclub@cnag.ie

Agus muid ag comóradh 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge i mbliana, ba chóir go dtabharfar an t-aitheantas cuí don ghluaiseacht phobail a chothaíonn ár n-eagraíocht. Ní bheadh ann do Chonradh na Gaeilge ná d’fheachtais éagsúla an Chonartha murach tiomantas spreagúil, leanúnach bhaill an Chonartha, agus phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Táimid go mór faoi chomaoin ag gach ball aonair, gach ball craoibhe, agus gach oibrí deonach eile nach iad a thugann a gcuid ama agus a gcuid fuinnimh don eagraíocht gan teip gan staonadh. Gabhaim buíochas ó chroí libh uile thar ceann an Chonartha - ní neart go cur le chéile!

Julian de spáinn

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge +353 (0)1 4757401 | julian@cnag.ie

Aisteoirí ag glacadh páirt i miondráma mar chuid den Oíche Chultúrtha in Uimhir 6, Sráid Fhearchair.

BLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

RÁITEAS AR FHREAGRACHTAÍ AN CHOISTE GNÓ

Tá an Coiste Gnó freagrach as an Tuarascáil Bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dhlíthe oiriúnacha agus de réir Chleachtais Chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn, ar a n-áirítear na caighdeáin chuntasaíochta atá eisithe ag an gComhairle um Thuairisciú Airgeadais agus atá foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann.

Tá iallach ar an gCoiste Gnó ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhair gach bliana airgeadais a thugann léargas fíor cothrom ar ghnóthaí Chonradh na Gaeilge (“an Conradh”) agus ar fharasbarr nó ar easnamh an Chonartha don tréimhse sin. Agus na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú acu ní foláir don Choiste Gnó:

- polasaithe cuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go leanúnach,

- breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama,

- a rá ar ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir chaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, na caighdeáin sin a aithint agus tionchar agus cúiseanna imeachta ábhartha ó na caighdeáin sin a nótáil, agus

- na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh ach amháin sa chás go bhfuil sé mí-oiriúnach a cheapadh go leanfaidh an Conradh i mbun gnó.

Deimhníonn an Coiste Gnó go bhfuil na riachtanais thuas comhlíonta agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu.

Tá an Coiste Gnó freagrach as taifid chuntasaíochta chuí a choimeád a léiríonn le cruinneas réasúnta stádas airgeadais an Chonartha ag am ar bith agus a chuireann ar a gcumas a bheith deimhin de go bhfuil na ráitis airgeadais ullmhaithe de réir chaighdeáin inghlactha. Tá siad freagrach freisin as sócmhainní an Chonartha a chosaint agus dá réir sin as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus gnóthaí cama eile a chosc agus a aimsiú.

Ar son an Choiste Gnó

Niall Comer, Uachtarán

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

5 Feabhra 2018

ag cruthú deiseanna, ag tógáil gréasán, ag reáchtáil imeachtaí, agus ag ceiliúradh cultúir, teanga agus ealaíon d’fhonn freastal ar Ghaeil

Oifig an Oireachtais

Oifig an Oireachtais

6 Sráid Fhearchair

6 Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2

Baile Átha Cliath 2

D02 VH98

D02 VH98

Oifig an Oireachtais

Oifig an Oireachtais

Páirc Ghnó Chasla

Páirc Ghnó Chasla

Casla

Casla

Co. na Gaillimhe

Co. na Gaillimhe

H91 XP6E

H91 XP6E

Oifig an Oireachtais

Oifig an Oireachtais

Gaeláras Mhic Ardghail

Gaeláras Mhic Ardghail

Cnocán Phádraig Naofa

Cnocán Phádraig Naofa

6b Sráid an tSéipéil Uachtar

6b Sráid an tSéipéil Uachtar

An tIúr

An tIúr

BT34 2DS

BT34 2DS

Fón: +353 1 475 3857

Fón: +353 1 475 3857

Fón: +353 91 572 545

Fón: +353 91 572 545

Fón: +44 287 3025 7812

Fón: +44 287 3025 7812

CONRADH NA GAEILGE BLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

TUARASCÁIL AN INIÚCHÓRA NEAMHSPLEÁIGH DO CHOMHALTAÍ

CONRADH NA GAEILGE

Tuarascáil ar an iniúchadh ar na ráitis airgeadais

Tá iniúchadh déanta agam ar na ráitis airgeadais do Conradh na Gaeilge (“an Conradh”) don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2017 ar leathanaigh 7 go 12 ar a n-áirítear an Cuntas Ioncaim agus Caiteachais, an Clár Comhardaithe agus nótaí ar na ráitis airgeadais ar a n-áirítear achoimre ar na polasaithe suntasacha cuntasaíochta mar atá leagtha amach i Nóta 1. Is é an creat tuairiscíochta airgeadais a cuireadh i bhfeidhm agus iad á n-ullmhú ná dlí na hÉireann agus Caighdeán Tuairiscíochta Airgeadais 102, a bhfuil feidhm leis i bPoblacht na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe.

Tuairimí agus conclúidí ag eascairt as m’iniúchadh

I dtaca leis na ráitis airgeadais, i mo thuairimse

• tugann siad léargas fíor cothrom ar na sócmhainní, na dliteanais agus ar staid airgeadais an Chonartha ar an 31 Nollaig 2017 agus ar a thoradh don bhliain a chríochnaigh ansin; agus

• ullmhaíodh iad mar is cuí faoi réir Chaighdeán Tuairiscíochta Airgeadais 102

Bunús na Tuairime

Stiúraigh mé m’iniúchadh faoi réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Éire) {CII (Éire)} agus an dlí atá i bhfeidhm. Tá cur síos breise ar mo fhreagrachtaí faoi réir na gcaighdeán seo sa chuid de mo thuarascáil dar teideal Freagrachtaí an iniúchóra as iniúchadh a dhéanamh ar an ráitis airgeadais. Táim neamhspleách ar an gConradh faoi réir na gceangaltas eiticiúla a bhaineann le m’iniúchadh ar ráitis airgeadais in Éirinn, ar a n-áirítear Caighdeáin Eiticiúla d’Iniúchóirí in Éirinn, a d’eisigh Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (ÚMICÉ) agus chomhlíon mé mo chuid dualgas eiticiúla eile faoi réir na gceangaltas seo [ar a n-áirítear Alt 6 den Chaighdeán Eiticiúil – Forálacha ar fáil d’Aonáin Bheaga (FafAB) (2016) faoi réir na g cúinsí atá leagtha amach i Nóta 10 ar na ráitis airgeadais].

Creidim go bhfuil an fhianaise iniúchóireachta a fuair mé dóthanach agus cuí le go mbeadh bunús le mo thuairim.

Tátail a bhaineann le gnóthas leantach

Níl aon ní le tuairisciú agam i dtaca leis na cúrsaí seo a leanas a bhfuil dualgas orm faoi réir CII (Éire) a thuairisciú libh nuair:

nach bhfuil an úsáid a bhaineann an Coise Gnó as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh, agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, cuí; nó

nár nocht an Coiste Gnó sna ráitis airgeadais aon éiginnteachtaí ábhartha aitheanta a d’fhágfadh faoi amhras suntasach cumas an Chonartha chun leanúint de bheith ag baint úsáide as bonn cuntasaíochta an ghnó leantaigh ar feadh tréimhse dhá mhí déag ar a laghad ón 5 Feabhra ar a n-údaraítear eisiúint na ráiteas airgeadais.

CONRADH NA GAEILGE

DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

TUARASCÁIL AN INIÚCHÓRA NEAMHSPLEÁIGH DO CHOMHALTAÍ

CONRADH NA GAEILGE (ar leanúint)

Eolas Eile

Tá an Coiste Gnó freagrach as an eolas eile. Cuimsíonn an t-eolas eile an t-eolas úd atá sa tuarascáil bhliantúil cé is moite de na ráitis airgeadais agus de mo thuarascáil orthusan. Ní chlúdaíonn mo thuairim ar na ráitis airgeadais an t-eolas breise agus, seachas an méid atá ráite go sonrach i mo thuarascáil, ní thugaim aon tátal dearbhaithe orthusan.

I dtaca le m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais, tá freagracht orm an t-eolas breise a léamh agus, é sin á dhéanamh agam, cíoradh a dhéanamh féachaint an bhfuil an t -eolas eile neamhréireach go bunúsach leis na ráitis airgeadais nó le heolas ar tháinig mé air agus mé i mbun an iniúchta, nó a fheictear dom a bheith míshonraithe go hábhartha ar aon dóigh eile. Má thagaim ar aon neamhréireacht ábhartha nó aon mhíráiteas follasach tá dualgas orm a chinneadh cé acu an bhfuil, nó nach bhfuil, aon mhíráiteas ábhartha sna ráitis airgeadais nó aon mhíráiteas ábhartha san eolas eile. Má thagaim ar an dtuairim, agus an tuairim bunaithe ar an obair atá déanta agam, go bhfuil míráiteas ann san eolas breise, tá dualgas orm é sin a thuairisciú.

Níl aon ní le tuairisciú agam i dtaca leis seo.

Tuairimí faoi nithe eile

Fuaireas gach eolas agus gach míniú a mheasaim a bheith riachtanach chun críche m’iniúchta.

Is í mo thuairim go raibh taifid chuntasaíochta an Chonartha dóthanach le go bhféadfaí na ráitis airgeadais a iniúchadh go héasca agus mar is cuí agus go bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht leis na taifid chuntasaíochta.

Freagrachtaí faoi seach

Freagrachtaí an Choiste Gnó as na ráitis airgeadais

Mar atá mínithe ar bhealach níos iomláine i bhfreagrachtaí an Choiste Gnó atá leagtha amach ar leathanach 1, tá an Coiste Gnó freagrach as ullmhú na ráiteas airgeadais agus as bheith sásta go dtugann siad léargas fíor cothrom, agus as cibé rialú inmheánach a mheasann siad a bheith riachtanach chun go bhféadfaí na ráitis airgeadais a ullmhú ar dhóigh go mbeidís saor ó aon mhíráiteas ábhartha, bíodh sé mar earráid nó mar chalaois.

Agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, tá an Coiste Gnó freagrach as cumas an Chonartha chun leanúint air mar ghnóthas leantach a mheas agus as nithe a bhaineann le gnóthas leantach á nochtadh acu, mar atá infheidhmithe, agus leas á bhaint acu as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh mura bhfuil sé in intinn ag bainistíocht an Chonartha a leachtú nó éirí as gnóthaí, nó mura bhfuil aon rogha réadúil acu ach é sin a dhéanamh.

CONRADH NA GAEILGE BLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

TUARASCÁIL AN INIÚCHÓRA NEAMHSPLEÁIGH DO CHOMHALTAÍ

CONRADH NA GAEILGE (ar leanúint)

Freagrachtaí an iniúchóra as iniúchadh a dhéanamh ar an ráitis airgeadais

Tá mar aidhmeanna agam dearbhú réasúnta a fháil faoi cé acu an bhfuil, nó nach bhfuil, na ráitis airgeadais ina n-iomláine saor ó aon mhíráiteas ábhartha, bíodh sé mar earráid nó mar chalaois, agus chun tuarascáil iniúchóra a eisiúint a chuimsíonn mo thuairim. Is dearbhú d’ardchaighdeán é dearbhú réasúnta, ach ní urrús é go n-éireoidh i gcónaí le hiniúchadh a dhéantar faoi réir CII (Éire) mírialtacht ábhartha a aimsiú nuair is ann di. Is féidir le míráitis eascairt as calaois nó as earráid agus meastar iad a bheith ábhartha má cheaptar go réasúnta go bhféadfaidís, ina n-aonar nó ina n-iomláine, tionchar a imirt ar thuairimí eacnamaíochta úsáideoirí a bheadh bunaithe ar bhonn na ráiteas airgeadais seo.

Faisnéis bhreise ar scóip mo fhreagrachtaí mar iniúchóir

Mar chuid d’iniúchadh faoi réir CII (Éire), tarraingím ar bhreithiúnas gairmiúil agus coinním sceipteachas proifisiúnta le linn an iniúchta. Thairis sin:

• Aithním agus déanaim meastóireacht ar na rioscaí a ghabhann le míráiteas ábhartha sna ráitis airgeadais, bíodh sé mar thoradh ar chalaois nó ar earráid, ar leagan amach nó ar ghnáthaimh fheidhmiúcháin an iniúchta bheith freagrúil do na rioscaí seo, agus fianaise iniúchóireachta a aimsiú atá dóthanach agus cuí chun bheith mar bhonn le mo thuairim. Is mó an baol nach n-aimseofaí míráiteas a d’eascair as calaois ná ceann a d’eascródh as earráid, cionn is gur féidir le claonpháirtíocht, brionnú, easnamh d’aon ghnó, bréagléiriú nó sárú rialachais inmheánaigh bheith i gceist le calaois.

• Tuiscint a fháil ar an rialachas inmheánach atá ábhartha don iniúchadh chun go bhféadfaí gnáthaimh iniúchóireachta a dhearadh a bheadh oiriúnach do na toscaí ach ní chun críche tuairim a nochtadh faoi éifeacht rialachas inmheánach an Chonartha

• Meastóireacht a dhéanamh ar chuibhiúlacht na bpolasaithe cuntasaíochta a úsáideadh agus ar réasúntacht na meastachán cuntasaíochta agus na bhfaisnéisithe gaolmhara a rinne na stiúrthóirí.

• Teacht ar thuairim faoi cé chomh cuí is atá úsáid bhonn cuntasaíochta an ghnó leantaigh ag an gCoiste Gnó agus, i bhfianaise na faisnéise iniúchóireachta a fuarthas, faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil éiginnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó le cúinsí, a fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chumas an Chonartha chun leanúint air mar ghnóthas leantach. Má thagaim ar an dtuairim gur ann d’éiginnteacht ábhartha tá dualgas orm i mo thuarascáil iniúchóra aird a dhíriú ar an nochtadh eolais gaolmhar sna ráitis airgeadais nó, má tá an nochtadh gan a bheith dóthanach, mo thuairimí a leasú. Tá mo chonclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchóireachta atá faighte agam suas le 5 Feabhra mo thuarascáil iniúchóra. Mar sin féin, d’fhéadfadh imeachtaí

CONRADH NA GAEILGE BLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

TUARASCÁIL AN INIÚCHÓRA NEAMHSPLEÁIGH DO CHOMHALTAÍ

CONRADH NA GAEILGE (ar leanúint)

nó tosca amach anseo bheith ina gcúis le nach bhféadfadh an C onradh leanúint air mar ghnóthas leantach.

• Cur i láthair, struchtúr agus ábhar na ráiteas airgeadais a mheas, ar a n-áirítear na nochtaithe agus faoi cé acu an léiríonn, nó nach léiríonn, na ráitis airgeadais bun-idirbhearta ar shlí a thugann léiriú cothrom.

Tuairiscím leosan a bhfuil freagracht as rialachas orthu i leith, i measc nithe eile, scóip agus tráthúlacht pleanáilte an iniúchta maille le nithe suntasacha a aimsítear san iniúchadh, ar a n-áirítear aon easpa shuntasach sa rialachas inmheánach ar tháinig mé uirthi le linn m’iniúchta.

Cuspóir m’obair iniúchóireacha agus cé do/di a bhfuil mé freagrach

Is do chomhaltaí an Chonartha amháin, mar chomhlachas, mo thuarascáil. Thug mé faoi m’obair iniúchóireachta le go dtuairisceoinn do chomhaltaí an Chonartha na nithe úd a bhfuil dualgas orm a thuairisciú i mo thuairisc iniúchóireachta agus ní ar aon chúis eile. Chomh fada agus is ceadmhach dom de réir dlí, ní ghlacaim ná ní ghabhaim chugam féin freagracht as m’obair iniúchóireachta, as an tuarascáil seo ná as na tuairimí ar tháinig mé orthu, i leith duine ar bith eile seachas i leith an Chonartha agus comhaltaí an Chonartha mar chomhlachas.

Dáithí Ó Maolchoille

Iniúchóir Cláraithe, Cuntasóir Cairte

Sínithe ar a shon agus thar a cheann:

Dáithí Ó Maolchoille

Comhlacht Reachtúil Iniúchóireachta

75 Páirc Weston

Baile Átha Cliath D14 HW58

5 Feabhra 2018

CONRADH NA GAEILGE

CLÁR COMHARDAITHE 31 NOLLAIG 2017 Nótaí

CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite laistigh de bhliain amháin)

(suimeanna a bheidh dlite

Ar son an Choiste Gnó

Niall Comer, Uachtarán

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí 5 Feabhra 2018

CONRADH NA GAEILGE

NÓTAÍ AR NA RÁITIS AIRGEADAIS

DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

1. POLASAITHE CUNTASAÍOCHTA

Gnás Cuntasaíochta

Ullmhaítear na ráitis airgeadais ar bhonn gnóthais leantaigh agus faoi réir caighdeán chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn agus faoi reachtaíocht na hÉireann san áireamh, faoi réir na Comhairle um Thuairisciú

Airgeadais infheidhme i bPoblacht na hÉireann (Caighdeán um Thuairisciú

Airgeadais 102) eisithe ag Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann agus foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann.

Dímheas Sócmhainní Inláimhsithe Seasta agus Amúchadh Deontais

Dímheastar na sócmhainní seasta ina ngálaí cothroma bliantúla thar saol measta na sócmhainní. Seo iad na rátaí atá in úsáid faoi láthair:

Trealamh 20% per annum

Caiteachas ar an áitreabh 1% per annum

Amúchadh deontais faighte 1% per annum

2. CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS 2017

Farasbarr ag tús na bliana 49,007 44,725

Farasbarr na bliana reatha - Eagraíocht 45,787 5,033

(Easnamh) – Tionscadal Fhoras na Gaeilge (285) (751)

Farasbarr ag deireadh na bliana 94,509 49,007

CONRADH NA GAEILGE

NÓTAÍ AR NA RÁITIS AIRGEADAIS

DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017 (ar leanúint)

3.

FARASBARR NA BLIANA

Léirítear an farasbarr tar éis na ndeontas seo leanas a fháil:

Foras na Gaeilge

832,457 840,866

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála–Cultúr Club 28,170 -

- Iarchurtha go 2018 (28,170)Aontas Eorpach – Ollscoil Uladh 17,340 -

- Caite i 2017 (4,000)

- Iarchurtha go 2018 (13,340) -

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

- Lárionad Gaeilge i dTamhlacht (ó 2016) 59,000 59,000

- Iarchurtha go 2017 - (59,000)

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta-Uimhir 6

- Lárionad Ghaeilge Bhaile Átha Cliath 12,269 -

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

- Cartlann an Chonartha 2017 55,000 -

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

- Cartlann an Chonartha 2018 49,000 -

- Iarchurtha go 2018 (49,000)Oifig an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire 36,874 29,318

4. CÁIN AR FHARASBARR NA BLIANA

Tá stádas carthanúil faighte ag an gConradh ó na Coimisinéirí Ioncaim a thugann faoiseamh ó cháin i leith ioncaim nó ghnócháin chaipitiúla a úsáidtear agus atá inúsáidte chun críche aidhmeanna carthanúla amháin

CONRADH NA GAEILGE

NÓTAÍ AR NA RÁITIS AIRGEADAIS

DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017 (ar leanúint)

5. SÓCMHAINNÍ INLÁIMHSITHE SEASTA

Trealamh Caiteachas ar an Iomlán Áitreabh

Costas € € € Ar 1 Eanáir agus ar an 31 Nollaig 33,229

an 31 Nollaig 33,229

31 Nollaig 2017

Nollaig 2016

Ba sa bhliain 2009 a rinneadh an caiteachas ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair , Baile Átha Cliath 2, atá léirithe anseo. Níl caiteachas mar sin a rinneadh roimh 2009 agus a bhí díscríofa roimhe sin ar an gClár Comhardaithe ar an 31 Nollaig 2017

6. CREIDIÚNAITHE (dlite laistigh de bhliain amháin) 2017 2016 € €

Creidiúnaithe ginearálta 21,017 27,017 Banc (nóta 8) 15,500 7536,517 27,092 ===== =====

7. CREIDIÚNAITHE (dlite tar éis bliana amháin) 2017 2016 € €

Banc (nóta 8) 130,465 145,965

8. BANC

CONRADH NA GAEILGE

NÓTAÍ AR NA RÁITIS AIRGEADAIS

DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017 (ar leanúint)

Dlite laistigh de bhliain amháin – nóta 6 15,500 75

Dlite tar éis bliana amháin - nóta 7 130,465 145,965 145,965 146,040

Tá morgáiste ag Bainc Aontais Éireann cpt ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

9. DEONTAS – An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Amúchadh

Ar an 1 Eanáir 18,736 16,394 Aistrithe go hioncam i mbliana 2,342 2,342

Ar an 31 Nollaig 21,078 18,736

10. SEIRBHÍSÍ CURTHA AR FÁIL AG AN INIÚCHÓIR NEAMHSPLÉACH

Dála a lán gnóthas eile ar chóimhéid agus den chineál céanna, cuidíonn ár n-iniúchóir linn na ráitis airgeadais a ullmhú.

11. FAOMHADH NA RÁITEAS AIRGEADAIS

Ar an 5 Feabhra 2018 faomhadh na ráiteas airgeadais agus údaraíodh go n-eiseofaí iad.

CONRADH NA GAEILGE

MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS

DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

EAGRAÍOCHT

IONCAM

Bailiú agus Clárú

Gaeilge

Ábhair Díolacháin/Gaeilge 24

Tionscnamh 2017/2018

Leis/Seó Bóthair

Foras na Gaeilge - Scoláireachtaí 32,681 35,000

Foras na Gaeilge – oifig agus aisíocaíochtaí pinsin

Leagáid 13,462Fógraíocht agus Urraíocht

eile

Aisíocaíochtaí ar chaiteachas an Chonartha 9,219 (10,339) Cumann Lúthchleas Gael 5,000 -

Seachtain na Gaeilge, Dún Laoi - 40,000

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála–Cultúr Club 28,170 -

- Iarchurtha go 2018 (28,170)Aontas Eorpach 17,340 -

- Caite i 2017 (4,000)

- Iarchurtha go 2018 (13,340) -

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

- Lárionad Gaeilge i dTamhlacht 59,000 -

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta-Uimhir 6 - Lárionad Ghaeilge Bhaile Átha Cliath 12,269 -

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

- Cartlann an Chonartha 2017 55,000 -

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

- Cartlann an Chonartha 2018 49,000- Iarchurtha go 2018 (49,000)Oifig an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire 36,874 29,318

CONRADH NA GAEILGE

MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS

DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017 (ar leanúint)

EAGRAÍOCHT (ar leanúint)

CAITEACHAS

Riarachán

Cíos, Rátaí, Árachas 22,224 23,303

Tuarastail, Scéim Phinsin 173,903 114,764

Costais Foirne 6,960 3,608

Postas, Teileafón 12,698 17,309

Páipéarachas 9,205 5,756 Aibhléis 14,810 13,016

Cothabháil, Glantóireacht 13,796 12,581

Stóras 1,215 1,212

Trealamh, Ríomhaireacht 775 505

Costais Bainc 946 898 Ús Bainc 5,040 4,904

Costais Oifige 17,294 21,618

Costais Dlíthiúla 369 492

Dímheas: Caiteachas ar an Áitreabh

Deontas amúchta (2,342) (2,342)

Imeachtaí

Gaelphobal - Lárionad Gaeilge i dTamhlacht 59,000Lárionad Ghaeilge Bhaile Átha Cliath – Uimhir 6 12,269Ranganna Gaeilge

Ábhair Díolacháin/Gaeilge 24

Síntiúis 9,345 7,026

Nuachtlitir 1,865 2,825

Fondúireacht de hÍde 2,075Seachtain na Gaeilge, Dún Laoi 33,426 39,300 An tUltach - 10,000 Fulbright - 3,567

CONRADH NA GAEILGE

MIONCHUNTAS

TIONSCADAL FHORAS NA GAEILGE

IONCAM

CAITEACHAS

An Bái L i ÚC hán n áisi Ún TA

CLG Chontae Liatroma Gaeil na hAilne

Coiste Contae Mhaigh Eo

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh Caisleán an Bharraigh

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh

Cathair na Mart

Cluain Cearbhán

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh Baile Uí Fhiacháin

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh

Baile an Róba

Oileán Eadaigh & Gleann an Aoláin

Contae Mhaigh Eo

Cúige Chonnacht Contae Mhaigh Eo

Cúige Chonnacht Contae Mhaigh Eo

Cúige Chonnacht Contae Mhaigh Eo

Leathardán & Both Fionnain Cúige Chonnacht Contae Mhaigh Eo

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh An Pháirc

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh

Coill an Bhaile

Cúige Chonnacht Contae Mhaigh Eo

Chonnacht Contae Mhaigh Eo

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh Baile Aluinn Cúige Chonnacht Contae Mhaigh Eo

Craobh an Phiarsaigh, Caisleáin an Bharraigh

Baile an Corraigh/ Belcarra

Craobh Bhéal an Átha Béal

Craobh Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, Clár Chlainne Mhuiris

Craobh Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, Baile An Daighin

Craobh Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, Crois Bhaoithín

Craobh Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, Mainistir Mhaigh Eo

Craobh Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, Bearna Chearúil

Craobh Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, Cill Bheacháin

Craobh Aindrias Mhic Dubhthaigh

Craobh Phort Ghleann Abhainn

Craobh Bhaile Raghnaill

Bhaile

Craobh Naomh Pádraig

Craobh Mhic Easmainn

Oideas Feirste

Craobh Ghleann an Iolair

Craobh Charn Tóchair

3.7. s ín T i Ús n A nG A e L

Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as an síntiús leanúnach seo a ghlacadh leis an gConradh:

• Daithí Mac Cárthaigh

• Daithí de Faoite

• Donnchadh Ó hAodha

• Íte Ní Chionnaith

• Julian de Spáinn

• P.T. Mac Ruairí

• Peadar Mac Fhlannchadha

• Nóirín Uí Cheallaigh

• Seán Ó Cionfhaola

• Seán Ó hAdhmaill

Cuimhnímid go speisialta ar na Conraitheoirí agus ar na Gaeil uaisle a fuair bás i rith na bliana:

• Áine Uí Chatháin

• An tAth Seán Ó Duinn

• An tAthair Liam de Veale

• An tAthair Liam Ó Bréartúin

• An tAthair Pádraig Ó Máille

• An tAthair Piaras Ó Dúill

• An tOir Dónal Caird

• Seán P Ó Murchú

• An tSr Íde Ní Riain

• Anne Mac Canna

• Antaine B. Ó Riordáin

• Aodh Mac Domhnall

• Aodh Ó Domhnaill

• Barra Ó hUallacháin

• Beartlaí Ó Domhnaill

• Breandán Ó Súilleabháin

• Celine Ní Thiobraide

• Ciarán Ó Dorchaí

• Cillian Ó Corrbuí

• Cóilín Seoighe

• Colm Luibhéad

• Colm Ó Cléirigh

• Déirdre Uí Chatháin

• Denise Etchingham

• Domhnall Mac Sithigh

• Donnchadh Ó Buachalla

• Donnchadh Ó Corráin

• Dr Diarmaid Ó Doibhlin

• Dr Joan Byrne

• Feargal Ó Cuilinn

• Fiachra Mac Gabhann

• Fionnuala Ní Ghallchobhair

• Franc Máille

• Ian Mac Consaidín

• Joan Ó Fiacháin

• John McKnight

• Josie Sheain Jack Mac Donnacha

• Máire Chiardha

• Máire Uí Chorra

• Máirtín Ó Muirí

• Malachy Ó hAilpín

• Mary Divinney Folan

• Maurice Hayes

• Michael Coleman Mulkerrin

• Mícheál Ó Cíosóig

• Muiris Ó Laighean

• Myra Mhac Eochaidh

• Oonagh Ní Chéilleachair

• Orla Ní Shíocháin

• Pádraic Ó Táilliúir

• Pádraig Mac an Bheatha

• Pádraig Mac Miadhachain

• Pádraig Ó Cathaláin

• Pat Ó Cualáin

• Patricia Mac Mahon

• Patricia McMahon

• Peadar Lamb

• Peadar Mac Niallais

• Phil Ó Meachair

• Róisín Ní Chairbre

• Ruairí de Buitléar

• Ruairí Ó Dónaill

• Séamus Ó Rodaigh

• Seán Ó Baoill

• Seán Ó Broin

• Seán Ó Conaire

• Seán Ó hÉalaí

• Seán Ó Lonáin

• Seana Nic Somhairle

• Seosamh Ó Drisleáin

• Siobhán Bn Eachthighearna

• Siobhán de Barra

• Susan Uí Ghaoithín

• Tomás Ó Coimín

• Tony Ó Léanacháin

• Treasa Bn Uí Mhuircheartaigh

• Treasa Uí Raghallaigh

• Ultan Ó Conmhidhe

• Úna Uí Ifearnáin

• Vera Ó hEifearnáin

3.8. Comh

C S EAC

TAI n n A G AEI l GE

D’eagraigh breis ‘s 200 grúpa imeachtaí don fhéile féin ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain anuraidh. Buíochas le hEnergia chuireamar ciste tacaíochta de €10,000 ar fáil do na grúpaí pobail i mbun imeachtaí a eagrú do #SnaG17, agus ghlac 94% de scoileanna na hÉireann páirt san fhéile. B’iad Mícheál Ó Ciaraidh ó TG4, Miriam O’Callaghan ó RTÉ, agus Art Parkinson de cháil Game of Thrones agus Kubo and the Two Strings a bhí mar ambasadóirí na féile. Ceann de na himeachtaí is mó a bhí ann in 2017 ná Lá na Meán Sóisialta, feachtas nua a spreag daoine fud fad an domhain le tuilleadh Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta. Bhí an haischlib #LNMS17 ag treochtú mar chuid den lá.

Lá na Meáin Shóisialta in oifig Facebook

I mbliana is iad James Patrice láithreoir teilifíse agus blagadóir, Noel McGrath iománaí ó Thiobraid Árann agus Caitlín

Nic Aoidh láitreoir teilifíse ó Ghaeltacht

Thír Chonaill. Mar chuid den fhéile i mbliana beidh RITH ag dul ó Bhéal Feirste go Ciarraí. Ar feadh 7 lá rachaidh RITH trí 13 contae agus táimid ag súil go mbeidh 50,000 duine páirteach. Tá scoileanna agus grúpaí pobal cláraithe fud fad na tíre le páirt a ghlacadh san imeacht is mó a bheas mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana.

Seoladh Sheachtain na Gaeilge le Energia ar Sráid na Siopaí i nGaillimh

Buíochas

Ba mhaith liom féin buíochas a ghabháil leis an bhfoireann feachtas feasachta, le bord stiúrtha Sheachtain na Gaeilge agus le gach duine a thug cabhair agus tacaíocht dúinn san oifig agus ar an talamh i rith na bliana. Tá buíochas speisialta ag dul do gach duine, craobh, eagras agus scoil atá ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge le Energia 2018. Go raibh míle maith agaibh!

orlaith nic Ghearailt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta +353 (0)1 4757401 | snag@cnag.ie | www.snag.ie

4.1. T u A iris
h

4.2. T u A iris C A n COIMISIÚn l E

RI n CÍ GAE l AC h A

Bhí an áthas orainn go raibh Julian De Spáinn mar aoi againn ag Oireachtas

Rince na Cruinne 2017 i mBaile Átha Cliath. Thugamar dhá leath scoláireachtaí chuig An Ghaeltacht, ceann do chailín agus buachaill ag Oireachtas na Cruinne bhí roinnt baill den Conradh i láthair ag ár Oireachtais Cúige, Oireachtas na hÉireann agus

Oireachtas na Cruinne i rith na bliana, agus leis na baill a bhí i láthair angníomhach, chruthaigh sé níos mó suime sa teanga agus cultúr

Bliain na Gaeilge linn, tá sár-iarracht

á dhéanamh ag an gCoimisiún an Ghaeilge a spreagadh i measc ár iomaitheoirí, múinteoirí, scrúdaitheoirí ó bhfad is a gcéin. Ó Mí Eanáir na bliana seo, tá Gaeilge riachtanach mar chuid dár scrúdaithe grád. Thosaíomar in Éireann le grádanna 1 - 4. Chun cabhrú leis na iarrthóirí agus scrúdaitheoirí tá físeanna le fáil mar shamplaí ar an suíomh gréasáin. Is e an toradh óna scrúdaithe grád a déanadh go dtí seo i mbliana, ná go raibh na páistí ullamh agus gur bhaineadar taitneamh as, cé go rabhadar neirbhíseach.

Tá Oireachtas Rince na hÉireann ag druidim linn agus beidh imeachtaí speisialta á reáchtáil ag CLRG le Gaeilge d’úsáid agus a spreagadh. An dúshlán a bheidh ar na rinceoirí ná a n-uimhreacha, rince ar leith, agus ainm a rince céilí a bheith ar eolas acu agus a rá as Gaeilge.

Tá cluichí beaga beartaithe agus duaiseanna ar fáil le Gaeilge a spreagadh, chomh maith le seisiún amhránaíochta le Muireann Nic Amhlaoibh 13ú Feabhra i

Seoladh oifig nua an CLRG ar Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 in 2017

rith An Oireachtais, Pop up Gaeltacht agus Cártaí Valentin ar an 14ú Feabhra. Táimid fíor bhuíoch as ucht maoiniú a fuaireamar ón Ciste chun tacú leis seo.

Beidh níos mó Gaeilge ón ardán ag gach Fear nó Bean an Tí (Is cuma cad as dóibh). Toisc gur eagraíocht idirnáisiúnta sinn, le hoibritheoirí deonacha ó gach cúinne den domhain, tá brú le níos mó Gaeilge a úsáid ón stáitse agus tá cabhair agus treoir curtha ar fáil dóibh. Bronnadh Fáinní Cúpla Focal ar bheirt ón Astráil a rinne sár- iarracht an Ghaeilge a úsáid ag a Oireachtas.

Táimid sásta go bhfuil feabhas mór tagtha ar úsáid na Gaeilge inár measc agus tá dearcadh agus aiseolas dearfach ag teacht ar ais chugainn ó dhaoine thar lear, iad ag rá go bhfuil an Ghaeilge atá ar fáil ar an suíomh ag cabhrú leo nascadh leis an gcultúr.

Amach seo, leanfaimid orainn chun an nasc idir an Ghaeilge agus lucht an rince a chaomhnú agus a threisiú.

Orfhlaith Ní Bhriain-Uí Ruairc ADCRG

Aedín uí mhaoiléidigh AdCrG

An Coimisiún Le Rincí Gaelacha www.clrg.ie

5.

A iris C C l Ódh A nn A TEO .

Is iad na príomhghníomhaíochtaí atá

idir lámha ag Clódhanna Teo ná:

• Feasta a fhoilsiú

• An Siopa Leabhar a reáchtáil

Feasta

Foilsítear Feasta go míosúil agus déantar é a dhíol trí shiopaí agus trí shíntiúsóirí. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an tEagarthóir agus tá sé ag cur feabhais leanúnaigh ar leagan amach agus ar úsáid dathanna san iris.

An siopa Leabhar

Cuireann An Siopa Leabhar i bpríomháras Chonradh na Gaeilge ardán ar fáil do scríbhneoirí, ceoltóirí agus déantúsóirí na Gaeilge i lár na príomhchathrach. Is ionad cultúrtha é an siopa chomh maith le gnó, agus cuirtear fáilte roimh bhaill an Chonartha an áit a úsáid d’imeachtaí cultúrtha Gaelacha.

Ceapadh Caitlín Nic Íomhair mar bhainisteoir nua ar an siopa ag tús mhí Lúnasa agus chuir sí roimpi a leagan féin a chur ar an áit láithreach. Rinneadh an áit a phéinteáil agus a atheagrú, fuarthas comharthaí úra agus tá obair dian ag dul ar aghaidh ag iarraidh an suíomh gréasáin a thabhairt chun dáta faoi láthair.

Tá próifíl an tsiopa ardaithe go mór le míonna beaga anuas ar idir na meáin thraidisiúnta agus na meáin shóisialta.

Bíonn réimse leathan imeachtaí ag tarlú sa siopa gach mí, agus go dtí seo bhí an áit páirteach in os cionn 20 imeacht, ó chiorcal comhrá go mionchoirm cheoil agus go háirithe seoltaí leabhar.

I measc na rudaí atá beartaithe don bhliain úr, is mian leis an Siopa Leabhar suíomh nua idirlíon a sheoladh agus a chatalóg a thabhairt suas chun dáta. Beidh Caitlín ag leanstan ar aghaidh lena cuid iarrachtaí spás fáilteach, bríomhar a chruthú do phobal agus do dhéantúsaíocht na Gaeilge i gceartlár Bhaile Átha Cliath.

Buíochas

Tá An Siopa Leabhar buíoch don bhord bainistíochta as an obair ar fad atá déanta acu le bliain anuas.

Caitlín nic íomhair

Bainisteoir, An Siopa Leabhar +353 1 478 3814 siopa@cnag.ie | www.cnag.ie/siopa

Réimse leathan léitheoireachta agus earraí Gaelacha ar fáil ins An Siopa Leabhar

Tá Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ar líne ag www.rrr.ie, ar DAB in áiteanna áirithe agus ar an aip nua. Sheol an tAire Denis Naughten an aip i mí Mheán Fhómhair agus tá an-tóir uirthi ó shin. Chomh maith leis sin, tá uair a chloig de Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Máirt-Aoine 21:0022:00 ar an gclár Rí-Rá ar RnaG.

Bíonn ceardlanna raidió ar siúl go rialta i mbunscoileanna & i meánscoileanna timpeall na tíre. Tugann na ceardlanna deis do dhaltaí scoile blaiseadh den chraoltóireacht Ghaeilge a fháil.

Le bliain anuas, tá meadú tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag éisteacht le Raidió RíRá. Tá córas téacs curtha i bhfeidhm againn

agus, mar sin, bíonn ár n-éisteoirí in ann teagmháil a dhéanamh lenár láithreoirí go héasca. Cuireadh le líon na gclár beo i mbliana agus le líon na láithreoirí atá ag craoaldh linn go seachtainiúil.

Seoladh CEOL 2017 le hEoghan McDermott i mbliana agus fuair gach scoil sa tír cóip den albam ceoil, le haistriúcháin Ghaeilge ar amhráin le ceoltóirí mór le rá. I measc na gceoltóirí a rinne taifead don albam, bhí Picture This, Gavin James & Walking On Cars. Bhí an-rath air agus táimid cheana féin ag obair ar CEOL 2018. Os rud é gur Bliain na Gaeilge atá ann, táimid ag súil le cóip de CEOL 2018 a thabhairt do gach dalta meánscoile sa tír.

niamh ní Chróinín Bainisteoir, Raidió Rí-Rá www.rrr.ie | niamh@cnag.ie

6.

7.1. Tu A iris C An CláR AS G AEI l GE

Is í an phríomhaidhm atá ag An Clár As Gaeilge ná teanga na Gaeilge a neartú sa chontae agus seirbhísí cuí teanga a fhorbairt do phobal na Gaeilge. Bunaíodh an togra i 2002 agus feidhmíonn sé as oifig bhuan in Inis le hOifigeach Forbartha agus Cúntóir Oifige fosaithe le clár gníomhaíochta a chur i bhfeidhm.

D’éirigh linn neart a bhaint amach i mbliana, ó thaobh stádas na Gaeilge a neartú sa cheantar, pobal na Gaeilge a spreagadh, agus comhobair a dhéanamh le heagrais eile sa chontae.

Ag glacadh páirte i gComhrá ‘17 sa Chlár

D’eagraigh muid clár imeachtaí mar chuid de Fleadh Cheoil na hÉireann, idir léachtaí, ranganna, seisiúin cheoil, ciorcal comhrá agus eile. Tá

Féile na hInse, an fhéile teanga is mó sa cheantar, ar an bhfód le 35 bhliain anuas agus rinneadh muid é sin a cheiliúradh le breis agus 2,000 duine. Chomh maith le féilte bíonn tograí leanúnacha á stiúradh againn, agus bíonn clár seanchais agus nuachta le cloisteáil ar Clare FM le Domhnall Ó Loingsigh gach Satharn ag a 9rn.

D’eagraigh muid ranganna Gaeilge le linn na bliana ag trí leibhéil éagsúla i gCois na hAbhna i Lárionad Réigiúnda Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, chomh maith le Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus campaí samhraidh do pháistí bunscoile. Táimid ag tacú freisin le Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg an Club Óg-Ógras atá acu a chur chun cinn.

Bíonn imeachtaí leanúnach á eagrú againn agus bíonn muid ag obair le gnólachtaí áitiúla, mar shampla Siopa Leabhar na hInse agus Scéal Eile. Bíonn seisiúin cheoil againn le Gaeilge, chomh maith le ciorcail chomhrá in ionaid éagsúla timpeall an chontae. Táimid ag súil go mór le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i mbliana

s ara n ic Conmara Oifigeach Forbartha, An Clár As Gaeilge anclarasgaeilge@gmail.com www.anclarasgaeilge.net

Bhí bliain ghnóthach ag Craobh agus Gael-Fhorbairt na Gaillimhe sa bhliain 2017. Bhí neart ócáidí cultúrtha agus sóisialta ar siúl sa Chlub agus san Áras féin, agus tá súil againn go mbeidh bliain eile gnóthach againn arís i mbliana, go háirithe agus an bhliain atá amach romhainn le Bliain na Gaeilge.

Mar is iondúil tá muid ag cur ranganna Gaeilge ar fáil ag ceithre leibhéal chuile sheachtain agus chomh maith leis sin tá dhá leibhéal ranganna damhsa ar an seannós i gClub Áras na nGael uair sa tseachtain freisin. Bíonn ranganna ceoil dátheangach ar siúl chomh maith. Beidh idir dianchúrsaí agus cúrsaí lae Gaeilge ar fáil i rith na bliana chomh maith. Tá sé i gceist

againn freastal a dhéanamh ar scoláirí meánleibhéal agus daoine fásta chomh maith.

Tá roinnt athruithe curtha againn ar an gClub chomh maith, idir péinteáil agus oibrithe eile. Ta Oíche na bhfoghlaimeoirí agus na Ranganna damhsa ar an Sean-nós faoi lán seoil faoin tráth seo! Bhí andeireadh seachtaine againn i dtús Mí Feabhra nuair a tháinig na Gaeil Óga ar cuairt go Gaillimh. Bhí neart imeachtaí sóisialta ar siúl chomh maith le roinnt cluichí. Bhí an-chraic go deo acu agus bhain siad an sult as a deireidh seachtaine.

Tá Gael-Fhorbairt na Gaillimhe ag leanúint ar aghaidh ag obair leis na tograí agus le na cumainn nuabhunaithe anseo i nGaillimh chomh maith. Tá Gael na Gaillimhe ag dul ó neart go neart chuile sheachtain, chomh maith leis stáisiún Raidió na dTreabh. Tá an grúpa Caint agus Comhrá fós ag castáil le chéile i McCambridges uair sa tseachtain chomh maith.

Beidh neart imeachtaí ar fáil anseo i nGaillimh mar chuid de Bhliain na Gaeilge agus do Sheachtain na Gaeilge agus is féidir gach eolas a fháil ar aon rud a bheidh ag tarlú a fháil ar ár suíomh idirlín, arasnangael.ie, nó ar ár leathanach Facebook.

Caoimhe n Ghriallais

Oifigeach Forbartha Gaeilge, Togra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe Teo. caoimhe@cnag.ie www.arasnangael.ie

Club Áras na nGael i nGaillimh

7.3. Tu A iris C POBA l AR A’n IÚl

Tá Pobal ar a’n Iúl ag ceiliúradh trí bliana ar an fhód ó mhí na Nollag. Bhí bliain rathúil eile againn ar an Ómaigh. I measc bhuaicphointí na bliana, bhí Seoladh Sheachtain na Gaeilge i gCúige Uladh, Duais Ghlór na nGael a bhaint a mí Aibreáin, ár gCumainn Óige ag dul ó neart go neart, Féile Pheadar Joe, agus Oifigeach Óige páirtaimseartha a cheapadh.

Is í an phríomhaidhm atá againn an cultúr agus an teanga a chur chun cinn i gceantar na hÓmaí trí níos mó deiseanna labhartha a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa, tacú le teaghlaigh agus daoine óga agus glúin nua gníomhaithe teanga a chruthú. Cuirimid réimse seirbhísí agus eolas ar an Ghaeilge ar fáil don phobal i gceantar na hÓmaí. Chomh maith le tacú le ranganna Gaeilge agus Gàidhlig ar fud an cheantair, cuireann muid rang Ard Leibhéal do dhaoine óga ar fáil, chomh maith le Ciorcal Comhrá, Cumann Siúlóide, Ciorcal Léitheoireachta, turais chun na Gaeltachta, cumann óige, Grúpa Tuistí agus Leanaí agus go leor leor eile.

Tá Óg Ógras na hÓmaí ar an fhod le dhá bhliain go leith do pháistí Gaelscoile, agus tá Cairde le Chéile ar an bhfód le bliain go leith. Freastalaíonn iardhaltaí Gaelscoile, atá anois i meánscoileanna Béarla don chuid is mó ar an chlub seo. I rith an tsamhraidh, d’eagraigh Pobal ar a’n Iúl campa samhraidh do na déagóirí le cluichí, spórt, ealaíon, ceol, turas go Tayto Park agus go leor spraoi.

Tá fás ollmhór ar na clubanna seo, agus tá os cionn 75 dhuine óg anois cláraithe do na cumainn.

Tá sé mar thosaíocht ag Pobal ar a’n Iúl cur le deiseanna labhartha Gaeilge do dhaoine óga, agus dóibh siúd atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Chomh maith leis na Clubanna Óige faoinár

- Féile Pheadar Joe

gcúram, eagraímid go leor imeachtaí do dhaoine óga agus teaghlaigh, ar nós ceardlann ealaíne mar chuid d’Oíche Chultúir, Lá Teaghlaigh na Nollag, turais teaghlaigh, agus go leor eile. Tá súil againn cur leis an fhorbairt atá tagtha ar an Ghaeilge sa cheantar le roinnt bliain anuas. Tá todhchaí gheal i ndán don Ghaeilge i gceantar na hÓmaí!

michaeline donnelly

Oifigeach Forbartha Gaeilge

Pobal ar a’n Iúl

Dún Uladh

00 44 28 8224 2777

michaelinepaai@gmail.com

Ómaigh

7.4. Tu A iris C SCÉIM A n AO n AIG h

Tá sé mar aidhm ag Conradh na Gaeilge san Aonach an Ghaeilge a leathnú i measc an phobail agus tógail ar an dul chun cinn atá déanta.

óige

Bíonn an Naíonra ar siúl gach maidin agus triúr Stiúrthóir ina mbun faoi láthair. Siúlann siad chuig an leabharlann ag éisteacht le scéalta nó ag féachaint ar an mBriogáid Dóiteáin, nó ag súgradh i bPáirc an Chaisleáin. Léiríodar dráma na Nollag do dhaltaí níos sine eagraíodh Comórtais Bunscoileanna ag Féile an Aonaigh/ Seachtain na Gaeilge. Tháiniag na sluaite chun bheith páirteach ann. Bhí comórtais scríofa ag na daltaí iarbhunscoile. D’fhreastail déagóirí ar ranganna Gaeilge ag ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteist agus ar Choláiste Samhraidh coicíse i mí an Mhaithimh. Eagraíodh Cúrsa Samhraidh do dhaltaí bunscoile i mí Iúil agus Campa Spraoí seachtainiúil do pháistí níos óige.

San Fhómhar bhí ceoltóirí óga ag an Oíche Chultúir ag freastal ar Cheardlann Amhránaíochta le Máire Ní Chéilleachair (Gradam Ceoil TG4 2018).

Eagraíodh Féile na Samhna le Comórtais Díospóireachta, Óráidíochta agus Tráth na gCeist dos na hiarbhunscoileanna. Ghlac Scoileanna Thiobraid Árann páirt i nGaeilge 24 agus Dúshlán.

Cuireadh tús le Club Óige i gColáiste Pobail, Buiríos Uí Chéin a thagann le chéile le himeachtaí difriúla as Gaeilge gach coicís.

Craobh an Aonaigh

An Pobal

Chun comhluadar le Gaeilge a fhorbairt tagann daoine fásta le chéile gach Céadaoin do mhaidin chaife, eagraítear ranganna, oícheanta ceoil agus cultúrtha chomh maith le turais. Bhí ceolchoirm le grúpa “Dó Fá Dó” as Rath Cairn le linn Sheachtain na Gaeilge agus turas go Ros Muc le caint ar fheamainn Chonamara i gCois Farraige ar an mbealach. Tháinig grúpa le chéile chun filíocht na nGael a phlé gach coicís . Bhí léachtaí, filíocht, dráma agus ceol ag Dúchas i gcomhar leis an gCoiste Contae i mí Mheán Fómhair a chríochnaigh le turas chuig Cnocán an Éín Fhinn - buaiteoir na mBailte Slachtmhara!

Chun Seachtain Oidhreachta a cheiliúradh tugadh cuairt ar Chaisleán Phort Omna agus Teach na mBocht áit ar tugadh caint an-shuimiúil as Gaeilge. Bhí oíche iontach cheolmhar le hOisín

Mac Diarmada agus Paul Finn, Téada, le Samantha Harvey, mar chuid d’Fhéile na Samhna.

Pádraig ó neachtain, Oifigeach Forbartha, An tAonach www.cnagantaonach.ie cnagantaonach@gmail.com

7.5. T u A iris C TOGRA MhAIGh EO

Is í Brídín Ní Cheallaigh Oifigeach

Feidhmiúcháin Thogra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge. Tá oifig an Togra lonnaithe i Sráid Ellison i gCaisleán an Bharraigh agus é á riaradh mar oifig eolais don phobal. Is áit í a mbíonn fáil ag an bpobal uile ar eolas cuimsitheach faoi gach rud a bhaineann le saol na Gaeilge, scéimeanna tacaíochta, agus eile, agus tá sé dírithe ar phobal na Gaeilge agus ar phobal an Bhéarla araon.

Tá ár gcuid oibre dírithe ar Chontae Mhaigh Eo ar fad. Díríonn muid go speisialta ar cheantair Ghalltachta ach tríd an gceangal láidir atá againn sa Chóiste Dúiche le craobhacha Chonradh na Gaeilge sa chontae, éiríonn linn go leor a dhéanamh. Oibríonn muid leis na ceantair uirbeacha go háirithe agus tá ceangal láidir againn le ceantair cosúil le Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris, Béal an Átha, Cathair na Mart, Baile an Róba, agus Béal Átha na Muice. Is tríd na bailte sin a dhéanann muid ceangail leis na ceantair tuaithe. Tá sé de pholasaí againn sa Togra comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge eile ar fud an chontae freisin.

Bhí Seoladh Sheachtain na Gaeilge ar siúl againn sa Valkenburg i mBaile an Róba agus is é Eamonn Ó Cuiv a rinne an seoladh dúinn. Bhí oíche den scoth i gceist leis an seoladh; bhí suas le 100 imeacht éagsúla luaite ar an gclár agus d’éirigh thar barr le Seachtain na Gaeilge i Maigh Eo i 2017.

Tá an t-ádh linn go bhfuil eagraíochtaí Gaeilge eile sa chontae, mar shampla Gnó Mhaigh Eo a bhfuil sé mar sprioc acu an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí ar fud Mhaigh Eo. Tá comhoibriú fíormhaith ar siúl eadrainn agus is buntáiste breise é

go bhfuil oifig Ghnó Mhaigh Eo lonnaithe i gCaisleán an Bharraigh chomh maith.

Tá comhoibriú rialta againn le hOifigeach Gaeilge Chontae Mhaigh Eo freisin. Déanann muid gach iarracht cabhrú leis an Oifigeach trí phoiblíocht a thabhairt d’imeachtaí Gaeilge agus do scéimeanna Gaeilge na Comhairle Contae. Tugann siadsan poiblíocht chuimsitheach dúinne agus dár n-imeachtaí. Oibríonn muid go sár-mhaith le chéile chun imeachtaí a chur ar fáil, mar shampla lón Gaeilge míosúil, léachtaí i leabharlanna an chontae, agus imeachtaí le linn Sheachtain na Gaeilge.

Lean muid ar aghaidh leis an scéim Is Leor Beirt agus le cúpla ciorcal cainte i mbliana, bíonn siad ar siúl againn i gCaisleán an Bharraigh gach Céadaoin ón 11-12, Béal an Átha gach oiche Dé Luain ón 8.00-9.00i.n. agus Baile an Róba gach Céadaoin ón 11-12am.

Níl aon dabht faoi ach gur mhór an cuidiú an Togra do chur chun cinn na Gaeilge i gContae Mhaigh Eo. Bhí bliain iontach againn in 2017. Bhí bliain an-ghnóthach againn ar fad!

Brídín ní Cheallaigh Oifigeach Feidhmiúcháin, Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge www.conradhmhaigheo.ie eolas@conradhmhaigheo.ie

Seoladh Sheachtain na Gaeilge sa Valkenburg i mBaile an Róba

Bhí bliain ghnóthach againn i Muineachán i mbliana. Táimid ag leanúint leis an dea-obair a chuireamar romhainn le tamall anuas. Chuireamar sraith ranganna ar fáil do dhaoine i mBaile Mhuineacháin agus i gCluain Eois. D’fhreastail na ranganna seo ar dhaoine a raibh spéis acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Bhí tóir nach beag orthu, rud a spreag daoine eile teacht agus sult a bhaint astu.

Táimid ag comhoibriú le roinnt scoileanna sa cheantar – idir Gaelscoileanna agus scoileanna ina labhraítear an Béarla go príomha –chun fás agus forbairt a dhéanamh ar imeachtaí spraíúla Gaelacha do pháistí an cheantair. Táimid iontach buíoch de na príomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí atá ag cuidiú linn. Anuas air sin, bhronnamar roinnt scoláireachtaí Gaeltachta ar dhéagóirí an cheantair chun freastal ar Choláiste Bríde i Rann na Feirste. Gan aon amhras, ba é an fhorbairt ba mhó i mbliana a tháinig chun cinn ná líon na bpáistí a d’fhreastail ar ár gcampa Samhraidh – Campa Spraoi & Brí. Bhí ráchairt mhór air agus táimid i lár pleanála don champa arís an Samhradh seo romhainn. I gceann seachtaine, beimid ag cur tús leis an ‘Chlub Comhrá’ do dhéagóirí an Teastais Shóisearaigh agus do dhéagóirí na hArdteiste. Díreofar ar an nGaeilge mar theanga chumarsáide sna seisiúin sin. Mar thoradh ar an obair seo uile, bhain Muineachán

Le Gaeilge duais de chuid Ghlór na nGael amach urraithe ag COGG do chur chun cinn na Gaeilge i measc na scoileanna Béarla.

Tá Muineachán le Gaeilge ag cuidiú le cúpla craobh an CLG, ar thionscadail Ghaeilge sna clubanna sin. Bhí roinnt mhaith imeachtaí sóisialta againn le linn na bliana fosta do Ghaeil an cheantair, Oíche Chultúir, Tráth na gCeist, Pop Up Gaeltacht srl. Tá tús curtha le dhá rang Pilates i mBaile Mhuineacháin le cúpla seachtain anuas agus tá tuilleadh imeachtaí ar na bacáin. Tá beocht agus borradh na Gaeilge ag lonrú anseo agus beidh sé uile le feiceáil nuair a thagann sibh chomh fada linn i 2019. Go raibh bliain fhiúntach agaibh agus go bhfeicfidh muid sibh i Muineachán an bhliain seo chugainn.

Feargal Mac Thréinfhir

Oifigeach Forbartha Gaeilge, Muineachán le Gaeilge feargal@mlg.ie www.mlg.ie

Craobh Mhuineacháin
7.6. T u A iris C Mu I n EAC hán l E G AEI l GE

8. Ainmni ÚC háin do n A To G h C háin

niall Comer

Craobh Ghleann an Iolair

Is de bhunadh an Iúir é Niall Comer, ach tá cónaí anois air i nGleann an Iolair, Co. Dhoire. Tá sé ina léachtóir Ollscoile i gColáiste Mhig Aoide, Doire, agus tá sé pósta agus beirt pháistí aige. Tá Niall ina Uachtarán reatha ar an gConradh agus ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge agus chaith sé cúig bliana mar eagarthóir ar An tUltach. Tá sé ina chathaoirleach ar Chraobh Ghleann an Iolair chomh maith, agus ar Bhuanchoiste Chonradh na Gaeilge.

IARRTHÓIRí D ON CHOISTE GNÓ Ó

1. Aodhán ó deá

Craobh Rith

Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn 2009 - 2011. As Baile Átha Cliath dó, tagann a shuim i gcúrsaí Gaeilge ó Choláiste na bhFiann agus ó Chumann Gaelach COBÁC a athbhunú. Bhí sé ina Oifigeach Gaeilge agus Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn i gCOBÁC. Tá sé ag obair le CnaG ó 2010 agus ag feidhmiú mar Stiúrthóir

Forbartha / Leas-Ardrúnaí Eagraíochta ó 2014

2. Caoimhe ní Ghriallais

Craobh na Gaillimhe

Is as an Lochán Beag in Indreabhán mé. Rinne mé staidéar ar an nGaeilge agus ar Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá mé ag obair mar Oifigeach Forbartha Gaeilge in Áras na nGael i nGaillimh. Rugadh agus tógadh mé le Gaeilge sa bhaile agus tá an-suim agam an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun cinn.

3. Caoimhín ó dónaill

Craobh Ollscoil uladh

Is ball den Bhuanchoiste é Caoimhín. Tá cónaí air i mBéal Feirste, áit a bhfuil blianta fada caite aige mar bhall gníomhach de phobal na Gaeilge. Chaith sé seacht mbliana mar bhall de bhord gobharnóirí Bhunscoil Phobail

Feirste, le trí bliana mar chathaoirleach. Fuair sé a chuid oideachais tríú leibhéil i gColáiste na Trionóide agus is Léachtóir Sinsearach le Gaeilge é in Ollscoil Uladh.

4. Conchubhair mac Lochlainn

Craobh Mhuineacháin

Tá Conchubhair ina bhall de Chraobh Mhuineacháin. Tá sé ina chathaoirleach ar bhord Sheach-tain na Gaeilge le tamall de bhlianta. Tá sé gníomhach le roinnt blianta anuas ar an gCoiste Gnó agus ar an mBuanchoiste chomh maith. Bíonn Conchubhair ag plé leis na hilmheáin agus tá an-spéis aige sa rugbaí.

5. Cormac ó Coileáin

Craobh Bhreannáin

Taighdeoir fisic, ceimic, agus nanoteicneolaíocht, i gColáiste na Tríonóide is ea an Cormac Ó Coileáin. Tá suim aige an Ghaeilge a spreagadh ina cheantar agus san eolaíocht.

6. Cuan Ó seireadáin

An Ard-Chraobh

Is as Baile Átha Cliath do Chuan Ó Seireadáin agus tá sé ina Uachtarán ar an Ard-Chraobh. Tá céimeanna aige sa Cheol agus sa Stair, agus tá sé ag obair leis an gConradh i rólanna éagsúla le 3 bhliain anuas. D’eagraigh sé Comóradh an Chonartha ar 1916 i 2016 agus chuir sé le tuiscint an phobail ar thábhacht na hAthbheochana i stair agus saol na hÉireann. Tá sé ag obair mar Choimeádaí Chonradh na Gaeilge faoi láthair.

7. daithí mac Lochlainn

Cumann Thomáis agus Caitlín uí Chléirigh B’iontach an suim sa Ghaeilge atá orm ó m’óige. Cé go raibh dúshlán ann, anseo i Nua Eabhrac, táim buíoch as an deis leis an teanga a fhoghlaim. Táim gníomhach mar mhúinteoir le Daltaí na Gaeilge le blianta agus faoi láthair múinim go seachtainiúil lenár gCraobh in Brooklyn agus táim mar Chathaoirleach ar Chlub Leabhar Nua Eabhrac. (Cuirimse na cathaoireacha in eagar!)

8. Gráinne ní Ghilín

Craobh Glórtha uladh Aistritheoir agus comhairleoir teanga mé as Béal Feirste. Is mé Bainisteoir Digiteach An tUltach. Tá páirt lárnach agam in eagrú gníomhaíochtaí an Dreama Dheirg. Bhí mé

ar an Choiste Gnó agus ar choiste Ógras 2017-18. Má thoghfar mé, tá sé de rún agam leanúint aghaidh leis an fheachtasaíocht ar son acht Gaeilge agus le neartú seirbhísí Ógras do dhaoine óga.

9. íte ní Chionnaith

Craobh Coiste na Gaeilge ITBáC

Gníomhach sa Chonradh le 50 bliain, ó chéadchláraigh mar bhall de Chraobh Dháil na nÓg i 1968. Iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge (1985-1989). Iar-Chathaoirleach ar an Oireachtas, Iar-Eagarthóir ar Feasta. Chaith 7 lá i bpríosún Mhoinseó mar chuid d’fheachtas teilifíse an Chonartha. Bíonn páirteach i gcláracha raidió agus teilifíse ar TG4, RTÉ, BBC, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte. Iar-Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán DIT.

10. michaeline donnelly

Craobh Pobal ar a’n Iúl I ndiaidh di céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, thosaigh Michaeline ag obair le comhlacht teilifíse. D’oibrigh sí le go leor eagraíochtaí Gaeilge ó shin, ina measc POBAL, an Tionscadal Logainmneacha, Cultúrlann Uí Chanáin, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, an tOireachtas agus Conradh na Gaeilge. Tá sí fostaithe anois mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Pobal ar a’n Iúl agus Glór an Tearmainn.

11. mícheál ó raghallaigh

Craobh Chill Airne

Ball de Craobh na n-Airne, Cill Airne. Ball de bhord bainistíochta Ghaelcholáiste Chiarraí, Cisteoir Choiste Dúiche Chiarraí, Conradh na Gaeilge. Toscaire do Dháil na Mumhan, Conradh na Gaeilge. Ball de Choiste Fhóram na Gaeilge le Comhairle Chontae Chiarraí.

12. P Tomás mac ruairí

Craobh Bhréanainn

Ball CnaG ó 1956; Uachtarán 1998-2003; Tánaiste 1994-1995; Coiste Gnó+Buanchoiste tréimhsí éagsúla ó 1962; Cathaoirleach reatha ‘Clódhanna Teoranta / An Siopa Leabhar’; Cathaoirleach an Oireachtais 1995-1996; Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge 2004-2010; Rúnaí Raidió na Life; gníomhach i mbunú Scoil Neasáin + Gaelscoileanna; iriseoir, craoltóir, taighdeoir, comhairleoir /

léachtóir meán; úinéir / stiúrthóir ‘Comhlacht Cumarsáide Chreagáin Teoranta’ agus ‘CCC Nuacht Teoranta’.

13. Pádraig mac Fhearghusa

Craobh Thrá lí Cathaoirleach Chraobh Thrá Lí. Ball den Bhuanchoiste agus den Choiste Gnó. Bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn. Eagarthóir Feasta. Bunaitheoir ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí. Buaiteoir faoi dhó ar phríomhchomórtas filíochta an Oireachtais, agus comórtas oscailte filíochta Sheachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail. Stair Chonradh na Gaeilge i gCiarraí, agus leabhar ar Freud & Jung foilsithe aige. Lámh aige i mbunú 3 ghaelscoil eile.

14. Paula melvin

Pobal Gaeilge 15

Tánaiste reatha an Chonartha. Ball bunaidh agus Cathaoirleach ar Chraobh Phobal Gaeilge 15-grúpa deonach a eagraíonn ceann de na himeachtaí is mó de chuid Sheachtain na Gaeilge ar fud na cruinne agus a bhí lárnach sa fheachtas chun Gaelcholáiste a bhunú in iarthar Átha Cliath. Duine de stiúrthóirí “#Trasna na dTonnta”, tionscnamh a spreagann an Ghaeilge ar líne.

15. rónán mistéil

Craobh Rith

Rugadh agus tógadh Rónán é i nDeisceart BhÁC. Rinne sé bunchéim cumarsáide ar an gCeathrú Rua i gConamara, chomh maith le roinnt staidéar i mBÁC. Tá tréimhsí caite aige ag obair i gcúrsaí airgeadais, sna meáin, mar Gharda, leis an gConradh, agus tá sé anois ag obair san earnáil gnó ag plé le cúrsaí cumarsáide.

16. séamus mac dháibhéid

Craobh an Iúir

Is Cathaoirleach Chraobh an Iúir de Chomhaltas Uladh é Séamus agus tá sé ina bhall den Chonradh ó na luath 1980idí. Is comhalta de Choiste an Chúige é agus ball den Choiste Gnó. Bhí Séamus páirteach i mbunú Bhunscoil an Iúir agus Shruth na Gaeilge i gColáiste Chaitríona (mar LeasPhríomhoide ann anois). Tá taithí aige ar ghnéithe éagsúla den Chonradh – bainistiú imeachtaí agus áiseanna, cúrsaí riaracháin, ranganna, foilseacháin agus stocaireacht.

1. Aithníonn an Ard-Fheis seo an obair fhiúntach déanta ag na polaiteoirí sa fhreasúra ó dheas, an Coimisinéir Teanga, Aire na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus an Conradh féin leis na ceannteidil, a foilsíodh i rith 2017, chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú a chur le chéile. Éilíonn an Ard-Fheis go gcuirfí Acht tríd in 2018 leis na leasuithe ar fad molta sna ceannteidil chomh maith le leasuithe eile an Chonartha a cuireadh san áireamh san aighneacht a cuireadh chuig Buanchomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán roimh na Nollaig.

Craobh Raidió Rí-Rá

2.

(a) Aithníonn agus cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an €2 mhilliún breise a cuireadh ar fáil do mhíreanna a bhaineann leis an bplean infheistíochta arna aontú ag 90 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, go háirithe don phleanáil teanga sa Gaeltacht. Aontaíonn an Ard-Fheis, áfach, nár leor an méad seo agus go bhfuil gá do gach páirtí polaitiúil agus don dá Rialtas a chinntiú go gcuirfear an maoiniú eile ar fáil chun an plean a mhaoiniú ina iomlán gan a thuilleadh moille.

Craobh na Gaeil Óga

(b) Ag aithint an ról lárnach atá ag na Comharchumainn Ghaeltachta agus na Comhlachtaí Pobail bunaithe maidir le soláthar seirbhísí pobail sna ceantair Ghaeltachta, iarrann an Ard-Fheis seo ar Roinn na Gaeltachta maoiniú dóthanach a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun maoiniú a dhéanamh ar phlean fhorbartha na gComharchumann Ghaeltachta.

Craobh Mhaigh Cuilinn

(c) I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le maoiniú Fhoras na Gaeilge de bharr na bhfadhbanna leanúnacha leis an gComhthionól ó thuaidh, iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas ó dheas agus an t-údarás cuí ó thuaidh córas maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú le nach mbeidh sé faoi shrian ag an gcóras polaitiúil.

Craobh Raidió Rí-Rá

(d) Iarrann an Ard-Fheis seo ar Roinn na Gaeltachta scéim tacaíochta a bhunú chun maoiniú caipitil a chur ar fáil do bhunú agus forbairt lárionaid Gaeilge ar fud na tíre agus iarrann an Ard-Fheis seo ar Fhoras na Gaeilge scéim tacaíochta a bhunú chun maoiniú reatha a chur ar fáil do lárionaid Gaeilge ar fud na tíre.

Craobh na Gaillimhe

(e) Léiríonn an Ard Fheis seo ár dtacaíocht don dhá Chultúrlann, i nDoire agus i mBéal Feirste agus éilíonn muid go mbíonn acmhainní, mar atá sonraithe ag Conradh na Gaeilge sa phlean infheistíochta, ar fáil le Lár Ionaid Gaeilge a fhorbairt fud fad na hÉireann leis na hacmhainní cuí ar fáil daofa.

Craobh Ard Eoghain

(f) Aithníonn an Ard Fheis seo an obair thábhachtach atá na grúpaí pobail a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn ón bhun aníos agus éilíonn muid go mbíonn na hacmhainní cuí ar fáil do na grúpaí le go dtig leo freastal ar á bpobal. Chuige sin, éilíonn muid go mbíonn an maoiniú do na grúpaí pobail fríd an Scéim Phobail Gaeilge méadaithe le go dtig leo oifigigh a fhostú 5 lá sa tseachtain, seachas an 4 lá mar atá faoi láthair..

Craobh Ghlór na Móna

(g) Iarrann an Ard-Fheis seo ar Údarás na Gaeltachta, mar chuid den phróiseas pleanála teanga, a chinntiú:

• Go gcuirfear breis maoinithe ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga;

• Go mbeidh smacht ag na grúpaí áitiúla chun an maoiniú sin a chaitheamh de réir riachtanais an ghrúpa féin –san áireamh anseo bheadh líon agus coinníollacha fostaíochta foirne mar shampla;

• Go mbeidh cinnteacht mhaoinithe ann do thréimhse fheidhme an phlean ina iomláine (7 mbliana). Bheadh tábhacht bhunúsach le seo maidir le hearcú foirne ach go háirithe;

• Go gcuirfear córas oiliúna i bhfeidhm lena cinntiú go mbeidh daoine lena scileanna cuí ar fáil chun na poist phleanála teanga a líonadh.

Craobh Mhaigh Cuilinn

(h) Go mbeadh tuilleadh tacaíochta curtha ar fáil d’eagraíochtaí Ghaeilge le níos mó deiseanna úsáide a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí agus d’fhoghlaimeoirí.

3.

Craobh Cholmcille

(a) Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil tromlach stairiúil do pháirtithe agus ionadaithe tofa ó thuaidh ag tacú leis an éileamh ar son Acht Gaeilge, 50 as 90 CTR nua thofa agus éilíonn an Ard Fheis seo go léiríonn na páirtithe polaitiúla ó dheas á dtacaíocht soiléir, diongbháilte go poiblí d’Acht Gaeilge neamhspleách agus go mbíonn Conradh na Gaeilge ag obair i dtreo na tacaíochta sin a fháil. .

Craobh Ghlór na Móna

(b) Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfidh an Conradh in iúl don Rialtas gurb é Rialtas na hÉireann atá freagrach go príomha as cearta teanga a chosaint agus a shuíomh ó thuaidh agus ó dheas.

Craobh na gCeithre Cúirteanna

(c) Cuireann an Ard Fheis seo fáilte mhór roimh fheachtas an Dream Dearg, a chinntigh go raibh ceist cearta do phobal na Gaeilge ar an phríomh ceist polaitiúil i 2017 ó thuaidh agus cuirfidh Conradh na Gaeilge gach acmhainn agus tacaíocht ar fáil, de réir mar is cuí, don fheachtas seo sa bhliain amach romhainn agus go dtí go bhfuil an t-éileamh bainte amach – Acht Gaeilge neamhspleách atá cuimsitheach agus ceartbhunaithe.

Craobh Ard Eoghain

(d) Go n-iarrfaí ar gach páirtí pholaitiúil atá ag feidhmiú ar oileán na hÉireann tacaíocht phoiblí a thabhairt don feachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

Ard-Chraobh

(e) Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta do Ghaeilgeoirí ó thuaidh agus iad ag iarraidh Acht Ghaeilge a bhaint amach.

Craobh Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona

4. Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir don Chonradh socrú a dhéanamh le comhar creidmheasa Gaeltachta le seirbhísí airgeadais a chur ar fáil trí Ghaeilge do bhallraíocht an Chonartha.

Craobh Raidió Rí-Rá

5. Aontaíonn an Ard-Fheis seo go bhfuil sé fíorphráinneach go leasódh an Roinn Oideachais agus Scileanna gnéithe den churaclam iarbhunscoile don Teastas Sóisearach atá i bhfeidhm ó mhí Meán Fómhair 2017, go háirithe an siollabas nua Gaeilge atá lag, easnamhach gan scrúdú béil agus, dá bharr, gan aon bhéim anois ar an nGaeilge labhartha. Níl scrúdú gairmiúil le caighdeán náisiúnta ann ach oiread le haghaidh teastas ar scileanna a bhronntar san idirbhliain.

Craobh Bhréanainn

6.

(a)

Go leasófaí: 18.(c), 27.(c), 34.(c) & 42.(c)

An táille chláraithe, a shocróidh an Coiste Gnó ó am go chéile, a íoc go bliantúil leis an Ard-Oifig; go 18. (c), 27.(c), 34.(c) & 42.(c)

An táille chláraithe bhliantúil, a shocróidh an Coiste Gnó ó am go chéile, a íoc leis an Ard-Oifig; Coiste Rith

(b) 74. a leasú go dtí:

Ní féidir le hUachtarán fanacht in oifig níos faide ná cúig théarma as a chéile ach is intofa é nó í tar éis téarma as oifig.

Ard-Chraobh

7. (a)

Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfaidh an Roinn Oideachais aghaidh ar an ngéarchéim reatha maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí ar féidir leo múineadh trí mheán na Gaeilge agus chuige sin agus mar chéad chéim go múinfí cuid suntasach de gach céim

B.Oid trí mheán na Gaeilge agus go bhforbrófaí gan mhoill sain-chúrsaí B.Oid lánGhaeilge mar bhunchéim agus sain-chúrsaí dírithe ar oiliúint mhúinteoirí le múineadh trí Ghaeilge ag an dara leibhéal.

Craobh na gCeithre Cúirteanna

(b) Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais agus Scileanna freagairt don ghéarchéim atá ann i dtaobh soláthar múinteoirí agus ionadaithe atá in ann teagasc trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile. Tacaíonn Conradh na Gaeilge le héileamh déanta ag Gaeloideachas go gcuirfear tús leis an dá chlár a bhaineann le hoiliúint tosaigh mhúinteoirí don oideachas lán-

Ghaeilge Meán Fómhair 2018 ar bhonn práinne.

Craobh Bhréanainn

(c) Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir do Conradh na Gaeilge cuidiú go láidir le feachtasaíocht chun deireadh a chur leis na táillí Gaeltachta iomarcacha a ghearrtar ar oidí bunscoile nó ar a laghad na táillí seo a laghdú go mór agus freisin le feachtasaíocht ag éileamh chun go n-íocfaidh an Stáit as táillí do mhic léinn 3ú leibhéal ag staidéar na Gaeilge nó ag staidéar trí Ghaeilge.

Craobh Bhréanainn

(d) Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an éileamh déanta ag Gaeloideachas go dtabharfar an liúntas don teagasc trí Ghaeilge do gach múinteoir atá ag múineadh i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta, mar aon leis an liúntas Gaeltachta do gach múinteoir atá ag teagasc i scoil atá cláraithe don scéim aitheantas le feidhm ó Mheán Fómhair 2018.

Coiste Contae átha Cliath

(e) Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcabhródh Conradh na Gaeilge leis na coláistí múinteoireachta éagsúla le feachtas a chur ar bun leis na táillí Gaeltachta (€1,500) a bhíonn le híoc ag ábhair oidí a laghdú.

Craobh Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona

(f) Aithníonn an Ard-Fheis seo an obair atá déanta le bliain anuas ag an Roinn Oideachais agus ag na scoileanna Gaeltachta chun tús a chur leis an bpolasaí oideachais

Gaeltachta. Le go mbeadh toradh ar an obair seo iarrann an Ard-Fheis ar an Rialtas breis maoiniú a cur ar fáil don pholasaí oideachais Gaeltachta sna blianta amach romhainn agus, sa bhreis ar an obair atá beartaithe faoin bpolasaí, céimeanna a ghlacadh chun tabhairt faoin nganntanas múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí atá in ann ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge atá sa chóras oideachais reatha.

Craobh Mhaigh Cuilinn

8. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Cumarsáide an maoiniú cuí a chur ar fáil le Raidió Rí-Rá a chur ar fáil go lánaimseartha ar FM.

Craobh Raidió Rí-Rá

9. Éilíonn an Ard Fheis seo go mbeadh Conradh na Gaeilge gníomhach ar bhonn náisiúnta san fheachtas ‹Gaelscoil - Gach Scoil› i gcomhpháirtíocht le Gael-Taca, Corcaigh.

Adrian Breathnach, Ball Aonair

10. Molann an Ard-Fheis seo go dtionscnófaí ‘Meitheal Iniúchadh’ saineolach chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbunófaí aonad reachtúil, neamhbhrabúis a shlánódh sócmhainní uilig

Chonradh na Gaeilge idir árais agus eile don todhchaí agus go ndéanfaí sin le haontas na n-aonad lena mbaineann na sócmhainní seo agus le coinníollacha a chosnódh a gcearta reachtúla úinéireachta agus feidhmiúcháin uilig, agus go gcuirfeadh an mheitheal réamhthuairisc ar fáil ar an dtogra seo trí mhí ar a laghad roimh ArdFheis 2019.

Tomás Mac Ruairí, Coiste Gnó

11. Aithníonn an Ard-Fheis seo an rathúlacht de na fóraim gnímh eagraithe le dhá bhliain anuas ar fud na tíre. Aontaíonn an ArdFheis gur chóir leanúint le fóraim a eagrú sa phobal le deis a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a mianta a chur chun cinn agus go bhfeidhmeoidh an eagraíocht ar na mianta sin.

niall Comer, Coiste Gnó

12. Éilíonn an Ard-Fheis seo nach gceapfar feasta aon duine chuig post sa Státseirbhís ná ní bhfaighidh aon duine ardú céime chuige murar bhain an duine sin amach le linn na 3 bliana roimhe sin pas i measúnú ag leibhéal B2 (lánchreidiúint) nó níos airde ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha in 2 theanga oifigiúla den Aontas Eorpach a mbeidh an Ghaeilge nó an Béarla ar cheann acu.

Craobh na gCeithre Cúirteanna

13. Molann an Ard-Fheis seo go ndéanfar taighde ar na meánscoileanna ó thuaidh ag díriú ar dhaltaí GCSE agus A2 ag fáil len a dtuairimí a fháil ar réimse ábhair agus na tuairimí sin a úsáid chun feachtas feasachta a chur ar bun leis an Ghaeilge a láidriú sna meánscoileanna ansin.

Craobh Pobal Ar A’n Iúl

14. (a) Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir go gcuirfear an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge ar fáil arís ar champas Bhéal Feirste de chuid Ollscoil Uladh.

Craobh Ghleann an Iolair

(b) Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil an-ráchairt ar chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Uladh agus go n-éilíonn muid go gcuirfear an Céim Lánaimseartha Gaeilge ar fáil ó Champas Bhéal Feirste arís.

Craobh Ollscoil uladh

15. Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag roinnt comhairlí i dtaobh seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus polasaithe fabhracha a reachtú don teanga agus éilíonn an Ard Fheis seo go leanann gach comhairle ó thuaidh an treoir soiléir atá leagtha amach d’údarás áitiúla sa Chairt Eorpach agus go gcuireann siad polasaithe, seirbhísí agus acmhainní cuí ar fáil a chothódh fás agus forbairt an phobal Gaelaigh ar bhonn áitiúil.

Craobh Glórtha Úra uladh

16. Molann an Ard-Fheis seo go gcinnteodh Conradh na Gaeilge go mbeidh gach imeacht ag comóradh an chéad Dáil i mí Eanáir 2019 trí Ghaeilge, mar a bhí ar 21 Eanáir 1919.

Craobh Mháirtín uí Chadhain

17. I gcomhthéacs go bhfuil Cathair na Gaillimhe roghnaithe mar chathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2020, aontaíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh Ard-Fheis 2020 ar siúl i nGaillimh.

Craobh na Gaillimhe

18. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó nua scéim oiliúna do chraobhacha a bhunú.

Coiste Contae na Gaillimhe

19. (a) Iarann an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais polasaí oideachais a fhorbairt do na hoileáin Ghaeltachta.

Coiste Contae na Gaillimhe

(b) Go dtugadh an Roinn Oideachas agus Scileanna aitheantas oifigiúil do Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin.

Ard-Chraobh

20. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas feidhm a thabhairt d’alt 17 d’Acht na Gaeltachta 2012 lena bhforáiltear go bhféadfaidh Údarás na Gaeltachta, le toiliú Aire na Gaeltachta agus an Aire Caiteachais Phoiblí, seirbhísí a sheachadadh thar ceann comhlachtaí poiblí eile sa Ghaeltacht chun seirbhís trí Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta go háirithe (i) seirbhísí pleanála, (ii) seirbhísí de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí, (iii) seirbhísí de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus (iv) seirbhísí tacaíochta teaghlaigh, mar chéad chéim.

Coiste Contae na Gaillimhe

21. Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil sé de cheart ag gaelscoil a polasaí iontrála a shocrú le tús áite a thabhairt do pháistí gurb í an Ghaeilge an teanga bhaile acu agus gur chóir seo a chur san áireamh san Acht um Iontráil Scoileanna, 2018. Craobh na Teaghlaigh Ghaelacha

22.

(a) Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir don Chonradh feachtas a eagrú chun an Ghaeilge a bheith ar fáil mar ábhar roghnach i mbunscoileanna Béarla ó thuaidh ach í a bheith mar chuid den churaclam.

Craobh Ghleann an Iolair

(b) Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir go mbeidh cúrsa oiliúna a bheith ar fáil do mhúinteoirí i mbunscoileanna Béarla chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus chun cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach dá réir.

Craobh Ghleann an Iolair

23. Aithníonn an Ard Fheis seo go raibh bua suntasach stairiúil ag Conradh na Gaeilge san Ardchúirt i mBéal Feirste i mí Márta 2017 i gcoinne an fheidhmeannais, i leith Straitéis na Gaeilge agus i bhfianaise an rialú sin, éilíonn muid ar na húdaráis ó thuaidh Straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne.

Craobh Ollscoil uladh

24. Aithníonn an Ard Fheis seo gur chóir go raibh Gaeloideachas, ar achan leibhéal, ar fáil d’aon duine óg atá á lorg agus nach mbíonn aon duine óg faoi mhíbhuntáiste, bíodh sin ó thaobh acmhainní, soláthar seirbhísí sainriachtanais, taistil nó eile, de thairbhe an cinneadh freastal ar Ghaelscoil.

Craobh Ghlór na Móna

25. Go mbunófaí Fochoiste Gaeltachta chun díriú go sonrach ar pholasaí agus ar cur chuige na heagraíochta i leith na Gaeltachta.

Ard-Chraobh

26. Is í Ardfheis Chonradh na Gaeilge a shocraíonn ‘an roinnt ar thoradh an bhailiúcháin do Chiste na Teanga ar mholadh ón gCoiste Gnó.’ Moltar don Choiste Gnó go n-ardófaí an táille cláraithe craoibhe go dtí céad euro an chraobh (€100), agus go bhfágfaí toradh a mbailiúcháin do Chiste na Teanga ag gach craobh (príomhaonaid an Chonartha) chun ciorcail chomhrá, ranganna Gaeilge, tob-Ghaeltachtaí, leachtanna, feachtais an Chonartha agus obair eile na teanga a chur chun cinn go háitiúil.

Craobh Thrá lí

27. Éilíonn an Ard-Fheis seo go n-oibreodh Conradh na Gaeilge go dlúth leis na Cumann Gaelacha sna Ollscoileanna ar fud fad na tíre seo chun brú a chur ar Údarás na hOllscoile le níos mó fógraíochta dátheangach a chur suas sa dóigh is go méadódh sé feiceálacht na Gaeilge ar Champas.

Craobh Chumann Gaelach Coláiste na hOllscoile BáC

28. Go mbeadh tacaíocht curtha ar fáil, ó thaobh feachtasaíochta leis an Roinn Oideachais sa Tuaisceart de, dóibh siúd ar mhaith leo an Ghaeilge a sholáthar sna scoileanna Bhéarla (ar gach leibhéal) mar ábhar sa churaclam nó mar rud sa bhreis.

Craobh Cholmcille

29. Aontaíonn an Ard-Fheis go bhfuil dualgas ar na húdaráis eaglasta a chinntiú go bhfuil seirbhísí eaglasta trí mheán na Gaeilge ar fáil do ghaelscoileanna na tíre.

Coiste Contae átha Cliath

30. Aontaíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh sé mar ceann de na príomhéilimh ag an gConradh amach anseo go mbeidh “Oifig na Gaeilge” ag gach údarás áitiúil sna 32 contae agus go mbeadh, ar a laghad, ball foirne amháin (Oifigeach Gaeilge) ag gach údarás agus níos mó na sin sna contaetha móra, ar aon dul leis na hoifigigh

Ealaíne agus Oifigigh Oidhreachta atá ann cheana féin. Tá cuid de na dualgais go mbeadh an t-oifig seo freagrach as molta thíos:

1. Cur chun cinn na Gaeilge i limistéar an údaráis sin

2. Dualgais an údaráis maidir leis an Acht Teanga agus reachtaíocht eile a chomhlíonadh

3. Seirbhís an údaráis a chur ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge

Bheadh an oifig seo ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Craobh Bhéal an Atha Móir

31. Éilíonn an Ard Fheis seo go gcuirfidh Conradh na Gaeilge plean le chéile maidir le baill aonair, a chuimsíonn cad é mar is féidir

daoine a mhealladh chun clárú mar bhaill aonair, a shonraíonn go soiléir na buntáistí a bhaineann le bheith mar bhaill aonair agus le baill aonair a chumasú chun páirt iomlán a ghlacadh i saol agus in obair na heagraíochta.

ursula ní Shabhaois, Ball Aonair

32. Aontaíonn an Ard-Fheis seo go n-eiseoidh Conradh na Gaeilge ráiteas poiblí ag seasamh leis an gcomhairleoir Diarmuid Ó Cadhla atá i mbun iarrachtaí ar chás cúirte trí Ghaeilge a fháil sa Stáit agus

Bliain na Gaeilge linn.

Craobh Mháirtín uí Chadhain

33. Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir don Chonradh líne cabhrach a bhunú gur féidir le Gaeil tuairisciú ar aon idirdhealú / ionsaí a déantar orthu de bharr go mbíonn siad ag labhairt na Gaeilge.

Craobh Mháirtín uí Chadhain

34. Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfadh Conradh na Gaeilge tacaíocht don fheachtas maidir le comharthaíocht dhátheangach a chur in airde ar champas Ollscoil na Banríona le feiceálacht na Gaeilge a ardú.

Craobh Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona

35. Aithníonn an Ard-Fheis seo nach gá do mhic léinn atá i mbun staidéir ar na dáin nó céim sna teangacha / nuatheangacha le Gaeilge nó Gaeilge agus an iriseoireacht srl. cúrsaí Gaeltachta a dhéanamh roimh deireadh na céime chun go mbeidh taithí tairbheach acu agus iad ag díriú i dtreo gairm bheatha leis an Ghaeilge. Aontaíonn an Ard-Fheis gur chóir feachtas a eagrú le seo a athrú.

Craobh an Chumainn Gaelaigh Ollscoil luimnigh

36. Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcabhróidh Conradh na Gaeilge leis na coláistí nach bhfuil scéim cónaithe nó teach Gaeilge acu mar rogha lóistín ar fáil do mhic léinn na hollscoile ceann a bhaint amach.

Craobh an Chumainn Gaelaigh Ollscoil luimnigh

Dúshlán Eoghain do dhaoine le Gaeilge

Ar mhaith leat gairm le Gaeilge a bhaint amach? Déan taighde ar chúrsaí 3ú leibhéal a bheadh cabhrach ag bit.do/cursai.

Discover information about 3rd level courses that would help you to get a career with Irish in the future at bit.do/cursai

Bláthnaid’s Challenge for

Learners

Dúshlán na bhFoghlaimeoirí

Discover the advantages of a career as Gaeilge at bit.do/gairmlegaeilge and try writing a CV in Irish this month.

Faigh eolas faoi na buntáistí a bhaineann le slí beatha as Gaeilge ag bit.do/gairmlegaeilge & bain triail as CV as Gaeilge a scríobh an mhí seo.

Céard a tharlóidh i mBliain na Gaeilge 2018?

Déanfar tábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal agus ar imeachtaí stairiúla le 125 bliain anuas a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh.

Tá féilire d’imeachtaí ildánacha, ealaíonta agus pobail ar fud an domhain eagraithe do 2018. Cuirfear le líon na n-imeachtaí i rith na bliana, agus tá cúpla eochairthionscadal a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2018.

Déanfar beocht na teanga a cheiliúradh agus méadófar úsáid, dea-íomhá, feiceálacht, úinéireacht roinnte agus normalú na Gaeilge sa phobal.

Spreagfar rannpháirtíocht láidir ón bpobal agus tabharfar aitheantas don obair atá idir lámha leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Aithneofar luach ár nGaeltachtaí i saol na tíre, spreagfar próifíl agus mórtas a bpobail, agus tabharfar faoi na dúshláin atá rompu sa lá atá inniu ann, len iad a chosaint agus a neartú.

Dúshlán Lynette don

Diaspóra

Diaspora Challenge

Do people use other languages in your work place? Why not teach simple Irish phrases to your colleagues this month, like ‘Go raibh maith agat’.

An mbíonn teangacha eile in úsáid i do láthair oibre? Múin cúpla frása bunúsacha do do chomhghleacaithe, cosúil le ‘Go raibh maith agat’.

What will happen in Bliain na Gaeilge 2018?

We will celebrate and discuss the importance of the Irish language revival and the influence of the revival on communities and on historical events over the last 125 years.

We have organised a calendar of creative, artistic and community events around the world in 2018. Further events will be added to the programme during the year, and some key projects will continue after 2018.

We will celebrate the vibrancy of the language and increase the usage, positive image, visibility, shared ownership and normalisation of the Irish language in the community.

We will encourage strong participation from the community in the year and acknowledge ongoing work to promote the Irish language.

We will recognise the unique value of our Gaeltachts to national life, raise the profile and pride of their communities, and take on the unique challenges they face today to ensure their survival and renewal.

Teachtaí:

• Aedraen Ó Dubhghaill, Coiste Gnó / Craobh na Cuallachta OÉ, Mhá Nuad;

• Áine Mhic Gabhann, An Ard-Chraobh;

• Áine Ní Fhatharta, Craobh Mhaigh Cuilinn;

• Áine Haberline, Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide;

• Aingeal Ní Chualáin, Craobh Mhaigh Cuilinn;

• Alma Ní Bhroin, Craobh Rith;

• Anraí Mac Seoigh, Craobh Uí Icí, Carraig na Siúire;

• Aodhán Ó Deá, Craobh Na Gaeil Óga;

• Aoife Ní Scolaí, Ball Aonair;

• Bearnard Ó Cróinín, Craobh Cois Leamhna;

• Benn Ó hÓgáin, Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide;

• Bláthnaid Ní Mhurchú, An Ard-Chraobh;

• Breandán Ó Cathasaigh, Coiste Gnó / Cathaoirleach Ógras;

• Breandán Ó Cochláin, Craobh Dhún Dealgan;

• Brenda Ní Ghairbhí, Craobh Na Teaghlaigh Ghaelacha;

• Brendán Mac Ruairí, Craobh Ghuaire;

• Brian Mac an tSionnaigh, Craobh Ghlór na Móna;

• Bróna Ní Chionnfhaolaidh, Craobh Ghuaire;

• Cáit Danvir, Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona;

• Caoimhe Ní Chonghaile, Cumann Gaelach OCBÁC;

• Caoimhín Ó Dónaill, Coiste Gnó / Comhaltas Uladh;

• Caoimhín Ó Cadhla, Craobh Mháirtín Uí Chadhain;

• Cathal Ó Murchú, Coiste Gnó / Craobh Bhreandáin Uí Bheacháin;

• Celine Ní Chóchlaigh, Coiste Contae Thiobraid Árann;

• Ciarán Mac Giolla Bhéin, Craobh Ghlór na Móna;

• Ciarán Wadd, Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide;

• Clíodhna Nic Ghiolla Chomhaill, Cumann Gaelach OÉG;

• Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge / Craobh Na Teaghlaigh Ghaelacha;

• Colmán Ó Raghallaigh, Craobh Clár Chlainne Mhuiris;

• Conchubhair Mac Lochlainn, Coiste Gnó / Seachtain na Gaeilge;

• Conor Pokall, Cumann Gaelach OÉG;

• Críostíona Ní Laimhín, Cumann Gaelach OCBÁC;

• Criostóir Finn, Cumann Gaelach OÉG;

• Criostóir Ó Faircheallaigh, Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh;

• Cris Ní Choisdealbha, Craobh Mháirtín Uí Chadhain;

• Cuan Ó Seireadáin, An Ard-Chraobh;

• Dáire Ó Faogáin, Craobh Na Gaeil Óga;

• Daithí Ó Maolchoille, Ball Aonair;

• Daithí de Faoite, Craobh Sult na Sollán;

• Daithí Mac Lochlainn, Cumann Chaitlín agus Thomáis Uí Chléirigh;

• Daniel Herlihy, Cumann Drámaíochta Coláiste Ollscoil Corcaigh;

• Darius Conlon, Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona;

• Darragh Clarke Hagan, Cumann Gaelach GMIT;

• Domhnall Ó Loingsigh, Craobh Bhaile Mhuirne;

• Donnchadh Ó hAodha, Coiste Gnó / Uachtarán Dáil na Mumhan;

• Dúlra Hanley, Cuallacht Colmcille Má Nuad;

• Éabha Flannigan, Cuallacht Colmcille Má Nuad;

• Eamon Ó Nuanáin, Craobh Chathair Luimnigh;

• Edel Ní Bhraonáin, Craobh Na Gaeil Óga;

• Eibhlín Uí Mhorónaigh, Coiste Gnó / Craobh an Aonaigh;

• Emma Ní Chearúil, Craobh na Gaillimhe;

• Emmeline Ní Mhaille, Cumann Gaelach OCBÁC;

• Feargal Mac Thréinfhir, Craobh Muineachán le Gaeilge;

• Forrest Winters, Craobh Ghuaire;

• Gearóid Mac Eoin, Craobh Glórtha Úra Uladh;

• Gearóidín Mhic Dhiarmada, Craobh Mhaigh Cuilinn;

• Gráinne Ní Ghilín, Craobh Naomh Phádraig;

• Helen Ní Rúnaí, Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona;

• Iarla de Búrca, Craobh Clár Chlainne Mhuiris;

• Iognáid Ó Muircheartaigh, Craobh an Chabháin;

• Íte Ní Chionnaith, Coiste Gnó / Craobh Coiste na Gaeilge ITBÁC;

• Jimmy Ó Céidigh, Craobh Mhaigh Cuilinn;

• Joanne Ní Challanáin, Coiste Dúiche an Chláir;

• Joe Bergin, Craobh Bhéal Átha na Slua;

• Julian de Spáinn, Craobh Raidió Rí-Rá;

• Kelly Dobson, Cuallacht Colmcille Má Nuad;

• Kerron Ó Luain, Craobh Bhreandáin Uí Bheacháin;

• Kevin Boushel, Cuallacht Colmcille Má Nuad;

• Kevin Goodwin, Pobal ar a’n Iúl;

• Laura Mc Mahon, Cumann Drámaíochta Coláiste Ollscoil Corcaigh;

• Liam Ó hÉidhin, Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona;

• Louis Ó Muireagain, Ball Aonair;

• Louise Ní Fhearghail, Craobh Raidió Rí-Rá;

• Máire Ní Mhurchú, An Ard-Chraobh;

• Máire Ní Laoi, Ball Aonair;

• Máire Ní Laoire, Ball Aonair;

• Máire Ní Néill, Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona;

• Mairéad Ní Dhireáin, Coiste Dúiche na Gaillimhe;

• Máirín Bn Uí Thuairisg, Craobh Bhéal Átha na Slua;

• Mait Ó Brádaigh, Craobh Chairde Ghaelscoil de hÍde;

• Maria Schäler, Craobh AMLÉ;

• Meave Ní Chathasaigh, Craobh Ros Comáin;

• Michaeline Donnelly, Pobal ar a’n Iúl;

• Mícheál Ó Raghallaigh, Coiste Gnó / Craobh Chill Áirne;

• Mícheál Ó Flanagáin, Craobh na Cúirte;

• Niall Ó Sluáin, Craobh Dhún Dealgan;

• Niall Ó Céirín, Craobh Mhaigh Cuilinn;

• Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge / Craobh Ghleann an Iolair;

• Niamh Ní Ghoill, Craobh Na Gaeil Óga;

• Niamh O’Doherty, Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh;

• Orlaith Nic Ghearailt, Craobh Na Gaeil Óga;

• Pádraig Mac Fhearghusa, Coiste Gnó / Craobh Thrá Lí;

• Pádraig Ó Neachtain, Craobh an Aonaigh;

• Pádraig Ó Donnchadha, Craobh Cois Leamhna;

• Pádraig Ó Tiarnaigh, Craobh Glórtha Úra Uladh;

• Pádraig Mag Raibhaigh, Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona;

• Paula Melvin, Coiste Gnó / Craobh Pobal Gaeilge 15;

• Peadar Ó Conghaile, Craobh Chathair Luimnigh;

• Peadar Mac Fhlannchadha, Craobh Mhaigh Cuilinn;

• Peter Rabbitt, Coiste Dúiche na Gaillimhe;

• Phyllis Gibney, An Ard-Chraobh;

• PT Mac Ruairí, Coiste Gnó / Craobh Bhréanainn;

• Rachel Brady, Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide;

• Rebecca Ní Dhonnaile, Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona;

• Risteard Mac Fhlannchadha, Craobh Chill Airne;

• Róisín Mullen, Cuallacht Colmcille Má Nuad;

• Ryan Claffey, Cumann Gaelach GMIT;

• Sara Ní Chuireáin, Craobh Bhoirche Íochtar;

• Sara Nic Conmara, Craobh na hInse;

• Seamas Ó hAoláin, Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide;

• Séamus Mac Dhaibhéid, Coiste Gnó / Craobh an Iúir;

• Séamus Mac Giolla Phádraig, Craobh Chabhán an Chaorthainn;

• Seán Ó Cionnfhaola, Craobh Chaisleán an Bharraigh;

• Seán Ó Murchadha, Craobh Mhuineacháin;

• Seán Ó Nuanáin, Craobh na Sionna;

• Seán Antóin Ó Conalláin, Craobh Rua, Dhún Geanainn;

• Seosamh Ó Murchú, Craobh Dúiche Raifteirí;

• Shane Grogan, Cumann Gaelach, Coláiste Ollscoil BÁC;

• Síle Mhic Ruairí, Craobh Bhréanainn;

• Síne Nic an Ailí, Craobh Raidió Rí-Rá;

• Sinéad Ní Scollaigh, Cuallacht Colmcille Má Nuad;

• Sinéad Ní Mhearnóg, Pobal ar a’n Iúl;

• Síomha Ní Ruairc, Craobh Rith;

• Sionnain Ní Ghréacháin, Cumann Gaelach OÉG;

• Somhairle Mag Uidhir, Craobh Ghlór na Móna;

• Treasa Ní Mhurchú, An Ard-Chraobh;

• Treasa Mhic Sheoigh, Craobh Uí Icí, Carraig na Siúire;

• Ursula Ní Shabhaois, Craobh na Gaillimhe.

Cuairteoirí:

• Aodhán Mac Cormaic, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta;

• Aindrias Ó TD, Fianna Fáil;

• Alan Esslemont Esslemont, TG4;

• An tAire Stáit Seán Kyne TD, Fine Gael;

• Caitlín Ní Chonghaile, Foras na Gaeilge;

• Catherine Connolly TD, Neamhspleách;

• Colm Ó Coisdealbha, Oifig an Choimisinéara Teanga;

• Éamon Ó TD, Fianna Fáil;

• Éamonn Ó Bróithe, Oifig an Choimisinéara Teanga;

• Éamonn Ó hArgáin, Foras na Gaeilge;

• Eimear Ní Chonaola, TG4;

• Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga;

• Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga;

• Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin;

• Steve Ó Cúláin, Údarás na Gaeltachta.

Glacadh leis na rúin seo a leanas ag Ard-Fheis 2017:

1. Aithníonn agus cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an stop a cuireadh le ciorruithe ar airgead na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas agus leis an €1.5 milliún breise a cuireadh ar fáil do mhíreanna a bhaineann leis an bplean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge. Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur gá tógáil go mór ar an dul chun cinn seo agus brú a chur ar na rialtais thuaidh agus theas leis an €16.5 milliúin eile a chur ar fáil leis an bplean a mhaoiniú ina iomlán.

2. I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le maoiniú Fhoras na Gaeilge de bharr na bhfadhbanna leanúnacha leis an gComhthionól ó thuaidh, iarrann an ArdFheis seo ar an Aire ealaíon, oidhreachta, Gnóthaí réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta córas maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú le nach mbeidh sé faoi shrian ag an gcóras polaitiúil.

3. Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir do gach Craobh a chinntiú go meallfaidh siad baill na craoibhe, lucht scoile, mic léinn tríú leibhéal, agus grúpaí eile le freastal ar an mórshiúl a aontaíodh ag an Ard-Fheis i 2016 le haghaidh sheachtain na Gaeilge. Tá an dáta socraithe do 3 márta 2018. Aontaíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfidh an mórshiúl seo go mór le comóradh 125 bliain ó bunaíodh an Conradh.

4. Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil sé de cheart ag gaelscoil a polasaí iontrála a shocrú le tús áite a thabhairt do pháistí gurb í an Ghaeilge an teanga bhaile acu agus gur chóir seo a chur san áireamh san Acht um iontráil scoileanna, 2017.

5. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Cumarsáide bualadh le hionadaithe ó Chraobh raidió rí-rá chun todhchaí an stáisiúin a phlé agus chun cabhrú leis an gcraobh ceadúnas Fm lánaimseartha a fháil ar fud na hÉireann.

6. Éilíonn an Ard-Fheis seo go rithfear Acht na Gaeilge ó thuaidh anois, agus go gcuirfear i bhfeidhm é, gan dochar, láithreach.

7. Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta do Ghaeilgeoirí ó thuaidh agus iad ag iarraidh Acht Ghaeilge a bhaint amach.

8. Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfaí idir acmhainní agus thacaíocht don fheachtas ‘An dream dearg’ de réir mar is cuí, mar chur chuige feachtasaíochta pobalbhunaithe.

9. Éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfaí stocaireacht ar rialtas na hÉireann i dtaca lena ngealltanais i leith na Gaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gComhaontú Chill rímhinn chun go dtabharfaí na gealltanais sin chun fírinne.

10. I bhfianaise na Breatimeachta agus na ndeacrachtaí leis an bhFeidhmeannas ó thuaidh, éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfeadh Conradh na Gaeilge níos mó brú ar an rialtas ó dheas agus ar rialtas na Breataine chun Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm ó thuaidh.

11. Aithníonn an Ard-Fheis seo an riachtanas atá ann go mbeadh Gaeilge bhunúsach ag gach leabharlannaí atá ag plé leis an bpobal (moltar leibhéal B1 de TeG), agus an tábhacht a bhaineann lena leithéid chun go ndéanfaí freastal sásúil ar phobal na Gaeilge.

12. mar thoradh ar chinneadh na roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus rialtais áitiúil deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach do gach post sa tseirbhís Leabharlainne, aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil sé níos práinní ná riamh go mbeadh Oifigeach Gaeilge agus Oifig Ghaeilge ag gach Comhairle Contae. níl aon phost anois san earnáil rialtais áitiúil go bhfuil an Ghaeilge ag teastáil ó iarrthóirí. Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh sé ar cheann de na príomhéilimh ag an gConradh amach anseo go mbunófaí post Oifigeach Gaeilge i ngach contae ar aon dul leis na hOifigigh Ealaíon agus Oifigigh Oidhreachta agus eile atá ann cheana féin.

13. Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh líofacht sa Ghaeilge riachtanach sna poist shinsearacha sa roinn rialtais a bhfuil cúram na Gaeilge orthu amach anseo.

14. Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh líofacht agus dílseacht don Ghaeilge ag an Aire rialtais agus ag an gceann roinne ar roinn na Gaeltachta.

15. Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh sé mar thosaíocht ag an gConradh an Ghaeilge a bhrú mar ábhar GCse i scoileanna Béarla ó thuaidh trí stocaireacht agus trí leithéidí

an tseó Bhóthair a leathnú amach. Chomh maith leis sin, éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfí níos mó béime ar na gairmeacha atá ar fáil do chainteoirí Gaeilge.

16. Éilíonn an Ard-Fheis seo go rachadh Conradh na Gaeilge i mbun feachtasaíochta ar cheist na Gaeilge i meánscoileanna sa Tuaisceart

17. Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do na coláistí samhraidh faoi scáth Chomhaltas uladh trí ábhair bholscaireachta a chur chun cinn trí chainéil chu-marsáide an Chonartha nuair a chuirtear an t-ábhar sin ar fáil ó na coláistí.

18. iarrann an Ard-Fheis seo ar an rialtas fóram a bhunú do phobail oileáin na hÉireann le cinntiú go mbeidh ionchur díreach ag na pobail seo ar na cinntí rialtais agus stáit ar fad a imríonn tionchar ar shaol agus ar inmharthanacht na n-oileán Gaeltachta.

19. Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh fhoilsiú an Pholasaí oideachas Gaeltachta agus trea-slaíonn leis an roinn oideachais agus scileanna as an bpolasaí, agus as an taighde agus as an gcomhairliúchán a bhain le hullmhú an phlean. I bhfianaise an fháiltithe seo, iarrtar anois ar an rialtas agus ar an roinn oideachais agus scileanna a chinntiú go gcuirfear dóthain maoinithe ar fáil chun an plean a fheidhmiú.

20. Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh na forbairtí atá idir lámha ag CoGG le háiseanna tac-aíochta agus teagaisc a chur ar fáil don tsonraíocht nua iarbhunscoile agus do theagasc na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla na tíre.

21. Tréaslaíonn an Ard-Fheis seo leis an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus iarrann ar an rialtas agus ar an roinn ealaíon, oidhreachta, Gnóthaí réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil le gur féidir obair na heagraíochta a leathnú chuig gach ceantar Gaeltachta.

22. molann an Ard-Fheis seo obair ArdChonsalacht na hÉireann do hong Cong agus macau chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an diaspóra sa tsín. moltar freisin go n-oibreofaí i gcomhar leis na misin Éireann ar fad chun féiniúlacht agus teanga na hÉireann a threisiú thar sáile trí thograí Cultúr Club an Chonartha

a leathnú go tíortha eile agus trí níos mó tacaíochta, comhairle, agus acmhainní cuí a chur ar fáil do phobal idirnáisiúnta na Gaeilge.

23. Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcabhródh Conradh na Gaeilge leis na coláistí múinteoireachta éagsúla le feachtas a chur ar bun leis na táillí Gaeltachta (€1,500) a bhíonn le híoc ag ábhair oidí a laghdú.

24. molann an Ard-Fheis seo, tar éis níos mó ná 100 bliain ó scríobh an Piarsach an leabhar “The murder machine”, go n-athródh an stát an córas scoileanna náisiúnta go córas Gaeloideachais.

25. Cáineann an Ard-Fheis seo ísliú an chaighdeáin maidir leis an ngrád iontrála sa Ghaeilge sna Coláistí oideachais (ó 55% go 50%).

26. Éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfadh Conradh na Gaeilge tuilleadh oibre chun naisc a bhunú idir Craobhacha an Chonartha, go háirithe idir chumainn ollscoile.

27. Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfeadh an Conradh cainteoir dá gcuid amach chuig gach scéim labhairt na Gaeilge/Teach na Gaeilge sna coláistí éagsúla le soiléireacht a thabhairt do bhaill na scéime/an tí faoin méid atá i gceist le bheith i do bhall de scéim den chineál sin, agus faoin obair gur ghá a dhéanamh le go bhfeidhmeodh sí go héifeachtach.

28. molann an Ard-Fheis seo go gcraolfaí clár speisialta ar TG4, macasamhail den Toy show ar rTÉ1, roimh an nollaig a mbeidh dírithe ar teaghlaigh Ghaeilge agus a ardóidh proifíl earraí Ghaeilge atá ar fáil agus siamsaíocht do pháistí trí Ghaeilge.

29. Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil deacrachtaí ag mic léinn Ghaelcholáiste an eachréidh taisteal chun na scoile mar gheall ar an srian ar an gcóras saorthaistil. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an roinn oideachais agus scileanna an scéim shaorthaistil a leasú le gur féidir leis na mic léinn seo leas a bhaint as an gcóras iarnród mar aon le seirbhís bhus scoile agus nach mbeadh costas sa bhreis orthu dá bharr.

30. Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Gaelscoil Cholmcille ar Lána na Cúlóige, Baile átha Cliath 17, san iarracht chun scoil nua dhá-shruth a thógáil agus éilimid go gcomhlíonfadh Comhairle Cathrach átha

Cliath an gealltanas a tugadh go gcuirfí ar fáil an talamh atá ann agus atá riachtanach chun scoil bhuan nua a thógáil.

31. I bhfianaise go bhfuil Gaeilge lochtach agus nach bhfuil aon imeacht Gaeilge luaite ar shuíomh “Éire ildánach 201722”, éilíonn an Ard-Fheis seo go n-eiseodh Conradh na Gaeilge ráiteas poiblí ag éileamh go mbeadh an Ghaeilge lárnach sa chlár “Éire ildánach 2017-22”.

32. molann an Ard-Fheis seo go nglacfadh gach aonad den eagras, mar dhúnghaois láithreach, fíorthacaíocht réalaíoch a spreagadh d’irisí an eagrais, ‘Feasta’ agus ‘An tultach’ - ‘ceannacht, síntiúis agus éileamh’ - agus bealaí fiúntacha a cheapadh agus a riaradh leis an aidhm seo a bhaint amach (agus na hirisí agus síntiúis do na hirisí ar fáil ag an Ard-Fheis agus imeachtaí Gaeilge eile).

33. Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir do Chonradh na Gaeilge córas cuimsitheach bolscaireachta a thionscnamh d’fhonn soiscéal agus fealsúnacht na Gaeilge agus buntáistí an ilteangachais a thabhairt don phobal le hábhar téagartha náisiúnta agus idirnáisiúnta, idir shean agus nua, ag áireamh aistí, ráiteas agus eile atá roghnaithe agus curtha in eagar go cuí le craobhscaoileadh ar bhonn leanúnach trí mhodhanna fadréimseacha atá feilúnach agus éifeachtach sa ré seo.

34. molann seo go dtionscnódh an Coiste Gnó scéim bholscaireachta ar ardchaighdeán foirfe, ilghnéitheach, éifeachtach, d’fhonn eolas, tuiscint agus meas ar fhealsúnacht na Gaeilge san aois seo a leathnú i measc an phobail, ag baint úsáide as na meáin agus as na córais chumarsáide uilig atá i réim anois, móide cainteoirí údarásacha as painéal eagraithe chuige sin le haghaidh ócáidí poiblí arna shocrú i gcomhar le haonaid de chuid an Chonartha nó le grúpaí cuí eile.

35. molann an Ard-Fheis seo go ndéanfadh chuile dhuine a ndícheall earraí de dhéantús na hÉireann, a sholáthraíonn fostaíocht in Éirinn dár muintir, a cheannach i gcónaí nuair is féidir sin, seachas earraí iompórtáilte. mar chabhair chun na hearraí logánta a aithint níos éascaí, éilíonn an Ard-Fheis seo go spreagfaí na déantúsóirí agus na soláthróirí chun leas a bhaint as lipéadú

móide fógraíocht as Gaeilge agus/nó go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.

36. Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtacódh an Conradh le polasaí láidir Gaeilge a chur i bhfeidhm sna hollchomhairlí ar fad ó thuaidh, mar atá molta sa Chairt eorpach do Theangacha mionlaigh agus réigiúnacha agus go ndéanfaí sin trí chomhairliúchán le pobal na Gaeilge.

37. iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfí deireadh leis na polasaithe sráidainmneacha leatromacha sna hollchomhairlí ó thuaidh agus go gcloítear le treoir shainiúil choiste na saineolaithe san eoraip i dtaca le polasaí sráidainmneacha de.

38. iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfaí feachtas maidir le deireadh a chur le céim lánaimseartha Ghaeilge i mBéal Feirste a aiséirí le cinntiú nach gcuirfear dátaí d’aon chúrsa nua siar níos faide ná meán Fómhair 2017.

39. Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfeadh Conradh na Gaeilge brú ar an rialtas ó dheas stádas na Gaeilge ó thuaidh a neartú in aon socrú nua a dhéantar le rialtas na Breataine le linn phróiseas an Bhreatimeachta.

40. molann an Ard-Fheis go gcuirfeadh an

Glacadh leis an liosta comhbhróin seo:

• Donncha Ó Laocha

• Adrian Hardiman

• Aedan Ó Ruanaidh

• Áine Ni Mhaoldomhnaigh Uí Dhrisceoil

• Aodan Mac Póilín

• Aoife Ni Chatháin

• Ath Leon Ó Mórcháin

• Ath Máirtin Ó Lainn

• Bríd Cusack

• Caitlín Cranitch

• Cathal Ó Gairbhín

• Ciaran Ó Searcaigh

• Colm Ó Gadhra

• Dónall Ó Giollagáin

• Dr Risteárd Ó Maolchatha

• Éanna Ó hOisín

• Eddie Stack

• Eibhlin Uí Bhric

• Éilís Mac Eoin (née Healy)

• Éilis Mac Giolla Choille

• Eithne Ní Loideáin

Conradh fochoiste earcaíochta ar bun chun líon na gcraobhacha agus na mball aonair a mhéadú.

41. Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtacódh an Conradh leis na mic léinn in ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus le pobal na nGael i nGaillimh, agus iad ag iarraidh an cinneadh a rinne Údarás na hollscoile chun an riachtanas Gaeilge a bhaint de phost an uachtaráin a athrú.

42. Éilíonn an Ard-Fheis seo go rachadh an Conradh i dteagmháil leis na daoine cuí in oll-scoil na hÉireann, Gaillimh i dtaca leis na hábhair a chuireann an ollscoil ar fáil as Gaeilge.

43. Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfeadh Conradh na Gaeilge feachtas ar bun leis an nGaeilge a chur chun cinn mar pháirt lárnach i saol Ard-Oifig an Phoist i mBaile átha Cliath agus tríd sin tionchar a imirt ar oifigí poist eile timpeall na tíre.

44. Aontaíonn an Ard-Fheis go mbeidh ArdFheis 2019 i mBaile mhuineacháin.

45. Go mbeidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí in 2018.

• Eithne Uí Uallacháin

• Elizabeth Ó Nualláin

• Étain Ó Síocháin (née Ní Chleirigh)

• Geraldine Uí Bhaoighill

• Helga Mac Liam

• Mac Dara Ó Siochrú

• Máire Keogh (née Ní Aonghusa)

• Máire Ní Thuathail

• Máirín Nic Dhiarmada

• Mary O’Leary (née Doogan)

• Maura Breathnach

• Mícheál Mac Fhionnlaioch

• Mícheál Ó Cátháin

• Mícheál Ó Nualláin

• Micheál Ó Súilleabhain

• Mons Pádaig Ó Fiannachta

• Niall Ó Lamhna

• Nioclás Mac an Fhailigh

• Pádraig Ó Cléirigh

• Pádraig Ó Finneadha

• Pádraig Ó Méaloid

• Peadar Maguidhir

• Peadar Ó Flatharta

• Peig Níc Suibhne

• Peigi Mhic Unfraidh

• Peter Kavanagh

• Phyllis Uí Chasaide

• Proinsias Ó Mianáin

• Risteárd de Barra

• Rónán de Paor

• Séamas Mac Géidigh

• Séamas Mac Philib

• Séamas Ó Tighearnaigh

• Seán Ó Broiméil

• Seán Ó Ciardha

• Seán Ó hUadhaigh

• Seosamh Mac Donnchadh

• T K Whitaker

• Tomás P Ó Luinneacháin

• Úna O Beirne

11. u AC h TA ráin C honr A dh n A GA ei LG e (1893 - 2018)

1893 - 1915 Dúbhglas de hÍde (An Craoibhín Aoibhinn) (1860 - 1949)

1915 - 1916 Folúntas

1916 - 1919 Eoin Mac Néill (1867 - 1945)

1919 - 1922 Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) (1872 - 1957)

1922 - 1925 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)

1925 - 1926 An Dr. Seán P. Mac Énrí (1862 - 1930)

1926 - 1928 Cormac Breatnach (1886 - 1956)

1928 - 1933 Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) (1868 - 1942)

1933 - 1940 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)

1940 - 1941 Liam Ó Buachalla (1899 - 1970)

1941 - 1942 Seán Óg Ó Tuama (1912 - 1980)

1942 - 1945 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)

1945 - 1946 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)

1946 - 1949 Liam Ó Luanaigh (1914 - 1998)

1949 - 1950 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)

1950 - 1952 Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981)

1952 - 1955 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)

1955 - 1959 Tomás Ó Muircheartaigh (1907 - 1967)

1959 - 1965 Micheál Mac Cárthaigh (1911 - 1983)

1965 - 1968 Cathal Ó Feinneadha (1928 - 2015)

1968 - 1974 Maolsheachlainn Ó Caollaí (1939)

1974 - 1979 Pádraig Ó Snodaigh (1935)

1979 - 1982 Albert Fry (1940)

1982 - 1985 Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) (1918 - 1990)

1985 - 1989 Íte Ní Chionnaith (1953)

1989 - 1994 Proinsias Mac Aonghusa (1933 - 2002)

1994 - 1995 Áine de Baróid (1950)

1995 - 1998 Gearóid Ó Cairealláin (1957)

1998 - 2003 Tomás Mac Ruairí (1939)

2003 - 2004 Séagh Mac Siúrdáin (1958)

2004 - 2005 Nollaig Ó Gadhra (1943 - 2008)

2005 - 2008 Dáithí Mac Cárthaigh (1968)

2008 - 2011 Pádraig Mac Fhearghusa (1947)

2011 - 2014 Donnchadh Ó hAodha (1944)

2015 - 2017 Cóilín Ó Cearbhaill (1975)

2017 - Niall Comer (1975)

Aidhm na hEagraíochta:

Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta:

Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile:

(a) cur le líon lucht labhartha na Gaeilge;

(b) cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge;

(c) cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear;

(d) gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn;

(e) cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge;

(f) seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú;

(g) stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge;

(h) ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge;

(i) aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta: Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.