Annual Report 2020 / Dréacht Rialachán 2020

Page 17

i bhfeidhm le luachálacha nuashonraithe in 2022. Tá sé curtha siar anois ar feadh 12 mhí eile mar thoradh ar an bpaindéim agus na srianta ar rannpháirtíocht le hearnálacha gnó agus úinéirí réadmhaoine.

Nuair a bhí buiséad 2021 do bhaill curtha i gcrích, lean an paindéim agus na srianta poiblí riachtanacha ar thaisteal agus ar ghluaiseacht, anseo go háitiúil sa Chlár, ag dul i bhfeidhm ar ár bpríomhshruthanna ioncaim i Rátaí Tráchtála, turasóireacht, Páirceáil agus Spórt agus Áineas. Cuireadh an dréachtbhuiséad faoi bhráid na mball agus glacadh leis ar bhonn tacaíochtaí leanúnacha ón Rialtas láir ionas go leanfaidh an Chomhairle seo de ghealltanais bhuiséid a chomhlíonadh i 2021.

Bhí bille iomlán de €44.7m i rátaí tráchtála ag Comhairle Contae an Chláir in 2020. D'fhan an céatadán bailiúcháin lena n-áirítear an cúiteamh tarscaoilte mar an gcéanna le 2019. Ag 87 faoin gcéad, is seasamh dearfach é seo a léiríonn €8.7 de gach €10 a bhilleáiltear sa bhliain a bhailítear. chun tionchar Covid-19 ar ghnólachtaí incháilithe a mhaolú le linn 2020, d’fhógair an Rialtas scéim um tharscaoileadh rátaí naoi mí. Ba é luach na Comhairle seo ná €13.6m agus chuir sé ar chumas na Comhairle seo leanúint dá seirbhísí a chomhlíonadh de réir bhuiséad 2020.

Rátaí Tráchtála Tá rátaí tráchtála iníoctha ar raon éagsúil réadmhaoine tráchtála ar fud earnálacha gnó. Socraíonn an oifig luachála náisiúnta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath (www.valuations.ie) an luacháil atá le cur i bhfeidhm ar mhaoin rátáilte. Tar éis dóibh buiséad 2020 a ghlacadh, chinn na comhaltaí tofa an ráta a thobhach ag €72.99, ag billeáil €44.7m san iomlán in 2020.

Leanann an Chomhairle de bheith ag plé leis na custaiméirí go léir chun socruithe íocaíochta a chomhaontú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil líon mór custaiméirí ann nach ndeachaigh Covid-19 i bhfeidhm ar a ngnó agus leanfaidh an Chomhairle seo de bheith ag plé leis na custaiméirí seo maidir le rátaí tráchtála a íoc.

In 2020, bhí athluacháil réadmhaoine tráchtála inrátaithe ar siúl i gContae an Chláir. Tá an athluacháil seo mar chuid de chlár náisiúnta chun a chinntiú go léiríonn luacháil inrátaithe na réadmhaoine tráchtála agus tionsclaíocha go léir timpeallacht ghnó chomhaimseartha agus go dtabharfaidh sé trédhearcacht agus cothromas méadaithe don chóras rátála. Bhí an próiseas seo le bheith

Príomhfhoinsí Ioncaim An Roinn Ioncaim Rátaí Tráchtála Cíosanna Tithíochta Iasachtaí Tithíochta

2014 75% 86% 62%

Imlínítear sa tábla thíos feidhmíocht bhailiúcháin na bpríomhfhoinsí ioncaim mar a thuairiscítear don Choimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchta (NOAC) é.

2015 82% 87% 58%

15

2016 84% 86% 60%

2017 86% 84% 66%

2018 87% 85% 69%

2019 87% 85% 74%

2020 87% 86% 78%


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Annual Report 2020 / Dréacht Rialachán 2020 by Clare County Council - Issuu