An Timire - Earrach 2016

Page 10

10

Litreacha Ăłn Ath. Seosamh A lĂ©itheoirĂ­ a chairde, Anseo tĂĄ dhĂĄ litir a fuair muid an bhliain seo caite Ăłn Ath. Seosamh Ó MeallĂĄin SJ, mac le MichĂ©al Ó MeallĂĄin a cuireadh chun bĂĄis an 8Ăș lĂĄ de Bhealtaine 1916. In Hong Kong atĂĄ sĂ© Ăł 1949. Go dtuga Dia slĂĄinte agus saol dĂł. F Mac B. 17 AibreĂĄn 2015 Is mĂłr atĂĄ mĂ© faoi chomaoin agaibh de bhrĂ­ go gcuireann sibh eagrĂĄin den Timire chugam chomh trĂĄthĂșil gach sĂ©asĂșr sa bhliain leis an oiread sin de bhlianta anuas. Is oth liom a chloisteĂĄil an Timire a bheith i mbaol an deontas Ășd a chailliĂșnt sar i bhfad. Bris oraibh Ă©, cinnte, go hĂĄirithe Ăł tĂĄ an Timire atĂĄ sĂ© ĂĄ fhoilsiĂș le fada. AtĂĄ mĂ© fĂ©in sa riocht cĂ©anna is a bhĂ­ RaifteirĂ­ File “
 pĂłcaĂ­ folamha ...” sa dĂĄn a chum sĂ©. Maith an rud Ă© go bhfuil SeĂĄn Ó CearbhallĂĄin in ann drĂ©achtaĂ­ a sholĂĄthar daoibh Ăłn taobh seo den domhan Ăł am go ham. Le mĂłrhmeas agus le beannacht DĂ©, Seosamh Ó MeallĂĄin SJ 21 Bealtaine 2015 A Athar Frainc, a chara Ba den chineĂĄltas uait Ă© an litir Ășd a chuir tĂș chugam, go hĂĄirithe Ăł scrĂ­obh tĂș ar an 8Ăș lĂĄ deBhealtaine Ă­. FĂ­orbhuidheach mĂ©. Is mairg nach fĂ©idir liom tacaĂ­ocht le scrĂ­obhadh pinn a sholĂĄthar – seachas An Timire a lĂ©igheamh 
 fĂĄgaim Ă© sin i lĂĄmhaibh SheĂĄin UĂ­ ChearbhallĂĄin. Chaitheas fĂ©in trĂ­ bliana i gColĂĄiste IognĂĄid, Gaillimh 1940-43. In 1948, aniar linn suas go dtĂ­ Canton nĂł gur ruaigeadh amach muid in 1949 - NĂ­or mhĂłr teanga na hĂĄite Cantainis a tharraingt chugainn. NĂ­or dhĂłigh liom go leigfeadh aon eitleĂĄn mĂ© a shuidhe in aon ĂĄit ach ‘storage’. NĂ­ chuirfear ĂĄrachas ar thaisteal dom. Deich mbliana Ăł shoin diĂșltaigheadh sin dom. Go gcuirĂ­ Dia rath is beannacht ort fĂ©in agus ar do chuid oibre. Seosamh Ó MeallĂĄin SJ

TEARMANN

Do phaidir laethĂșil ar lĂ­ne www.tearmann.com Ar bhain tĂș triail as go fĂłill?

Timire SPRING 2016.indd 10

10/02/2016 11:18


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.