An Timire - Samhradh 2014

Page 14

14

Daithí Ó Ceallaigh OSA

AGAISTÍN: NA BLIANTA TOSAIGH Rugadh Agaistín ar an 13ú de mhí na Samhna sa bhliain 354 AD, in Thagaste, baile beag mhargaidh i dtuaisceart na hAfraice, i réigiúin Numidia, de chuid na hImpireachta Rómhánaí (Souk Ahras, in Ailgéir an lae inniu). Monica ab ainm dá mháthair, de shliocht threibh na mBeirbeireach. Patricius ab ainm dá athair. Ba mhór eatarthu ó thaobh aois de: 17 (Monica) agus 40 (Patricius).

Bhí mac amháin eile acu, darbh ainm Navigius agus iníon ach ní heol dúinn a hainm siúd. Feirmeoir beag agus comhairleoir baile ab ea Patricius. De réir Agaistín, bhí claonadh chun feirge ina athair maraon le bheith éagórach

Timire Summer 2014.indd 14

ó thaobh cearta pósta a mhná ach bhí Monica an-fhoighneach leis dá ainneoin: ‘ag seachaint achrainn i gcónaí’. Págánach ab ea Patricius ach Críostaí ab ea Monica. Deineadh caiticiúmanach d’Agaistín. Nuair a bhuail tinneas é agus é ina leanbh, bhí a mháthair ar tí é a bhaisteadh, ach nuair a tháinig feabhas ar Agaistín, cuireadh siar a bhaiste arís. Níor rud neamhghnáthach é seo ag an am mar ceapadh gur pheacaí marfacha na peacaí a dhéanfaí tar éis an bhaiste. Níos deireanaí ina shaol féin bheadh Agaistín go tréan in aghaidh an nóis seo agus i bhfabhar bhaiste na naíonáin. Fuair Agaistín bunoideachas in Thagaste. Buachaill éirimiúil ab ea é agus bhíodh sé bréan de na ranganna. ‘Cuireadh ar scoil mé chun léann a fhoghlaim ach gan a fhios agam, mo thrua, cén mhaith a bhí ann. Ar a shon sin, má bhíodh leisce orm, d’fhaighinn an lasc.’ Cuireadh Agaistín ansin go dtí cathair Madaura, áit a raibh litríocht agus reitric faoi staidéar aige. Nuair a bhí sé 16 bliana d’aois, choinnigh a thuismitheoirí Agaistín sa bhaile mar theastaigh uathu airgead a shábháil chun é a chur go cathair na Cartaige. Ansin bheadh sé

19/05/2014 12:47


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - Samhradh 2014 by Conradh na Gaeilge - Issuu